Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caith amach
+
Tá sé caithte amach = díbrighthe as a' teach.
'Is mise an fear ag amadáin' adeir F. Ó. C. nuair a chaith sé amach an bhaintreabhach i Muigh Cuilinn = nuair a chuir sé as seilbh í.
TUILLEADH (8) ▼
Caitheadh amach as teach a's talamh é.
Caitheadh amach é, faoi nár íoc sé an cíos.
Chuala mé go bhfuil an chailleach le na thabhairt (ch)un dlighe, faoi na caith(eamh) amach, gan fáth gan ádhbhar.
Mara gcaithe tú amach é, cuirfe sé de dhruim tighe tú.
Nuair a chaithtí duine bocht amach fadó, séard a dheanaidís bothán scrath a dheanamh 'leath-taobh an bhóthair agus fanacht ann
Caitheadh amach go leor, de lucht na dtighthe nuadh an tseachtmhain seo (gha)bh thart, gan a' cíos a íoc = cuireadh as seilbh iad.
Chomh luath agus a chaith an t-athair amach é, ghread leis go Ameriocá
Má chaithim amach é, uair amháin, ní thaobhócha sé isteach aríst le na ló.

caith amach in iontrálacha eile (50+)

 
Ghlan leis as fearacht ceannaí a chaithfí amach = ar nós
 
Beidh sé ag fearúint mur seo go dteighe an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí indáil le caití. Tá sí ar an gceathrú dheireadh, dar liom féin.
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
+
fána
Chaith sé amach é féin le fánaidh na céibhe agus shnámh sé isteach ar an tráigh
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé amach le fánaidh na cruibeach as an "lorry" é
 
fán
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuigheall na bhfuigheall ariamh go dtí an saol seo fhéin!
 
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint idtosach. Nuair a bheitheá dhá ndlaoithiú níorbh fhuláir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirre nó thuitfeadh a mbeadh istigh inte amach in a mionús. Chrochfá suas ar stálú san simléar annsin iad, nó go mbeidís tirm. Nuair a bheidís tirm sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís cho láidir sin. Annsin bheidís faoi réir len a lasadh
 
A' caitheamh an tsaoghail slán a' caidéiseach. Ní cás do dhuine é, an fhad's tá sé indon a dhul isteach a's amach a's a chuid 'ithe.
 
ceal 1
Níl cheal feola 'bith anois orrai(bh). Nach feoil atá le caitheamh amach ag na daoine ar a' saoghal seo!
 
ceas
Fuair mise daba mairtfheola an tseachtmhain seo caithte, a's bhí sí a' fínniú. Níor chaith mé amach fós í fhé'int a dtiocfadh aon-cheannuidhe thart, go gcuirinn ceas air léithe.
+
cleite
Chaith sé amach é, idir chorp, chleite agus sciathán.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan easna dhó, nach mbeireann ar a' gcapall idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar sconnsa an gharrdha gabhann í. Tabhair fear ar sin! (Maitias Ó Dubháin — "an fireannach lúthmhar" — a bhí in ainm's é seo a dhéanamh).
Bhí sé meathta ag a' ngamhain 'n áit nach ngabhfad sé amach a' bhearna dhó, a's ná raibh ann mara mbeireann sé chuige ar a' ngamhain, idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar a' gclaidhe é.
Dheamhan mac an éin a d'fhága sé sa teach, 'nar chaith sé amach idir chorp, chleite agus sciathán. 'Sé nach raibh i bhfad a' bánú an tighe.
+
Chaith sé amach clársach de smugairle.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí 'chaon chlársach de smugairle dhár chaith sé amach ar an teallach annsin an oidhche cheana, chomh mór, a's go bhféadfá a dhul ar snámh ionnta(b).
+
Má chuaidh siad amach faoi na tamhnachaí coimhightheacha sin, caith sneachta ar a lorg. Tá tú réidh leo(b) = caoirigh strae.
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic na trí seachtmhainí nó'n choicís seo 'caitheadh an-choimhightheach, agus sé is dóigh anois, go mbainfe sé an ghealach seo as. Cá'ide go dteighe sí amach, nímé?
Má tá an uair coimhightheach fhéin le fad[a], gheobhamuid tiormach dhá réir, as seo amach. 'Níl tuile dhá mhéad, nach gcaitheann sé an fhad eile a thrághadh', agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile.
 
colg
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
+
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí cumaoin leat! Tá'n teach sin 'fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: 'mara dtuga tú leat arán an lá 'mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throsca'.
TUILLEADH (1) ▼
Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
 
cora
Caitheann sib cosamar fataí amach annsin chuile lá, a's dheamhan áird agaibh air, ach é fhágáil annsin in a charra. Gheobhtaidhe rud eicínt le caitheamh a chuir ann, marach go leigeann sib amudha é.
+
Caitheann siad an mhóin a chuir amach le asail, go dtí bealach a' chairr.
TUILLEADH (1) ▼
D'aithin a' breitheamh gurb é fhéin a bhí as bealach, a's chaith sé amach an chúis.
 
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
 
Is mór an uais é; a' caitheamh amach crochaillí ar an urlár. Ghlacfá col leis, go réidh.
 
Chaith sé amach baintreabhach annsin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar a' gC. an t-am céadna, a's dubhairt sé go bhfeicfí na B. fós, a's gan in a gcuid tighthe móra ach na carógaí. Tháinic an tairngearacht annsin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh a' gabhail leo(b) nach bhfuil bánuighthe anois, a's tá leághadh chubhar na h-abhann orra(b) fhéin. Ba bheag a' scéal iad. Is iomdha créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí a's ar dhaoine bochta.
+
beo 1
Spréidh amach anois é, go beo tapa, a's ná caith an lá leis a' gcaolóidín sin.
TUILLEADH (2) ▼
Roínn amach cártaí go beo, tapa a's ná caitheadh muid an oidhche annseo.
D'eirigh sé suas beo droch-mhúinte, a's rún aige a raibh' sa teach a chaith(eamh) amach.
 
Tháinic sé in a dhórtadh an lá a raibh muid a' cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaith(eamh) anuas, a's a leigean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téitheadh ná breodhadh a rinne sí, in a dheidh sin.
 
Níl aon-sean-bhriocán faoi'n saoghal — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, a's cabhaileannaí — nach aice atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannuidhe nó iad a chaithe(amh) amach, ná iad a fhágáil annsiúd a' déanamh gráin du(ibh).
 
aer
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
 
Measaim go gcaithfear an adharc a bhaint uileag dhi: tá'n buadán in a charra lobhtha a' tuitim amach aisti.
+
buail
Chaitheadar coigcighthis ag imtheacht sa sruth, faoi thoildeona Dé, ach faoi (dh)eire, a's faoi (dhe)óidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach 'sna réigiúin choimhthigheacha (daoine a tháinic slán as báthadh luinge).
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart a's cliú dhi. Ach tuille ghéar do'n diabhal acu! Is maith an aghaidh orra(b) é.
 
buinne 1
Cé'n chaoi a gcuirfe mé an buinne seo anois air. Is fhearr dhuit fhéin é 'dheanamh, ar fhaitchíos go gcaithfí é roiseadh amach ar fad aríst.
 
airde 1
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid eirghe in áirde, agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
+
amach
Níor mhiste liom, dhá gcaithinn a dhul amach igCogadh ar maidin — sé'n cás céadna liom é.
TUILLEADH (6) ▼
D'imthigh sé síos amach, in áit eicínt a' múnadh gaedhilge an bhliadhain cheana, ach ba ghearr a chaith sé imthighthe gur tháinic sé abhaile aríst ina bhromachán bliadhna.
Chonnaic mise an tráth a dteigheadh daoine thar pobal, ní áirmhighim thar baile amach (ch)uig tórruidheachaí a' déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Chaith sé 'raibh in a phócaí amach ar an mbord.
Tá'n mhairt-fheoil le caith(eamh) in aer ó'n Nodlaic amach = tar éis na Nodlag.
Caithfear tosuigh ar an Earrach, uaidh seo amach ("ó seo amach" amanntaí ach is minicí adeirtear "uaidh seo amach".)
Caitheadh imirt in aer amach 's amach.
 
Má bhaineann tú mórán achair eile amach leis a' ngarraidhe sin, tá sé chomh maith dhuit an bhliadhain a chaith(eamh) ann.
 
Mara neartuighe tú ar do mhaidí, a's dúthracht a chaith(eamh) le do chuid leabhar, buailfe sé amach thú ar ball
 
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an sean-rapur (an sean-chóta)