caith amach
—
+–
Tá sé caite amach — díbrithe as an teach
'Is mise an fear ag amadáin,' adeir F. Ó C. nuair a chaith sé amach an bhaintreach i Maigh Cuilinn — nuair a chuir sé as seilbh í
TUILLEADH (8) ▼
Caitheadh amach as teach is talamh é.
Caitheadh amach é faoi nár íoc sé an cíos.
Chuala mé go bhfuil an chailleach lena thabhairt chun dlí faoina caitheamh amach gan fáth gan ábhar.
Mura gcaithe tú amach é, cuirfidh sé de dhroim tí tú.
Nuair a chaití duine bocht amach fadó, séard a dhéanaidís bothán scraith a dhéanamh leataobh an bhóthair agus fanacht ann
Caitheadh amach go leor de lucht na dtithe nua an tseachtain seo ghabh thart, gan an cíos a íoc — cuireadh as seilbh iad.
Chomh luath agus a chaith an t-athair amach é, ghread leis go Meiriceá
Má chaithim amach é uair amháin, ní thaobhóidh sé isteach aríst lena ló
caith amach in iontrálacha eile (50+)
→
fearúint
Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite. Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
→
froigisí
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
+
→
fána
Chaith sé amach é féin le fána na céibhe agus shnámh sé isteach ar an trá
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé amach le fána na cruibeach as an lorry é
→
fán
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuíoll na bhfuíoll ariamh go dtí an saol seo fhéin!
→
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
Ag caitheamh an tsaoil, slán an caidéiseach. Ní cás do dhuine é an fhad is tá sé in ann a dhul isteach agus amach agus a chuid a ithe.
→
caothach
Más leat an mhóin a chur amach leis an asal, caithfidh tú ciseannaí a dhéanamh ann agus ní gan úidh gan óidh sin agus a liachtaí caothach agus atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr an ghnaithe a dhéanfá leis an droim i mbliana go háirid.
→
ceal 1
Níl cheal feola ar bith anois oraibh. Nach feoil atá le caitheamh amach ag na daoine ar an saol seo!
→
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
+
→
cleite
Chaith sé amach é idir chorp chleite is sciathán.
TUILLEADH (4) ▼
Béarfaidh mé idir chorp chleite is sciathán ort, mura ndúna tú do bhéal, agus caithfidh mé amach sa bhfarraige thú.
Dheamhan easna dhó nach mbeireann ar an gcapall idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar sconsa an gharraí gabhann í. Tabhair fear air sin! (Maitias Ó Dubháin — an fireannach lúfar — a bhí in ainm is é seo a dhéanamh)
Bhí sé meata ag an ngamhain an áit nach ngabhfadh sé amach an bhearna dhó, agus ná raibh ann mura mbeireann sé chuige ar an ngamhain, idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar an gclaí é.
Dheamhan mac an éin a d'fhága sé sa teach,nár chaith sé amach idir chorp chleite is sciathán. 'Sé nach raibh i bhfad ag bánú an tí.
+
Chaith sé amach cláirseach de smugairle.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí chaon chláirseach de smugairle dhár chaith sé amach ar an teallach ansin an oíche cheana, chomh mór agus go bhféadfá a dhul ar snámh iontub.
+
Má chuaigh siad amach faoi na tamhnachaí coimhthíocha sin, caith sneachta ar a lorg. Tá tú réidh leob — caoirigh strae
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig na trí seachtainí nó an choicís seo a caitheadh an-choimhthíoch, agus sé is dóigh anois, go mbainfidh sé an ghealach seo as. Cáide go dté sí amach, ní mé?
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
→
colg
Bhí sé istigh ansiúd i súil na háfaí agus colg air; féint a dtiocfadh aon ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataigh a chur faoin tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh ansin.
→
comaoin
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí comaoin leat! Tá an teach sin a fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: mara dtuga tú leat arán an lá a mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throscadh.
→
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
+
→
bealach
Caitheann siad an mhóin a chur amach le asail go dtí bealach an chairr.
TUILLEADH (1) ▼
D'aithin an breitheamh gurb é fhéin a bhí as bealach agus chaith sé amach an chúis.
+
→
coraice
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
TUILLEADH (1) ▼
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Chaith sé amach baintreach ansin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar an gC. an t-am céanna, agus dúirt sé go bhfeicfí na B. fós agus gan ina gcuid tithe móra ach na carógaí. Tháinig an tairngreacht ansin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh ag gabháil leob nach bhfuil bánaithe anois, agus tá leá chúr na habhann orthub fhéin. Ba bheag an scéal iad. Is iomaí créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí agus ar dhaoine bochta.
+
→
beo 1
Spréigh amach anois é go beo tapa, agus ná caith an lá leis an gcaolóidín sin.
TUILLEADH (1) ▼
Roinn amach cártaí go beo tapa agus ná caitheadh muid an oíche anseo.
→
beoigh
Tá sé chomh maith dhúinn greadadh abhaile. I nDomhnach, tá sé beoaithe amach chun báistí. Caithfidh sé í anois déarfainn.
→
bocht 1
Tá cois sách bocht aige fós. Chaithfeadh sé nach dtáinig máthair an drochábhair amach chor ar bith.
→
bolstaic
Caithfear an bolstaic sin a dhealú amach ó na beithígh eile mar tá sé ag déanamh cíor thuaifil díobh.
→
breoigh
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
+
→
aer
Nuair a bhí Dia ag caitheamh Aingeal an Uabhair agus na haingle eile amach as na flaithis, dúirt Mícheál Ardaingeal leis dhá leanfadh sé dhá láimh gur gearr go mbeadh na flaithis bánaithe aige. 'Mar atá siad bíodh siad, mar sin,' adeir Dia. Agus an chuid acub a bhí in ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acub a bhí ar neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acub a bhí idir an t-aer is an talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir an t-aer agus an talamh ó shin (sliocht as scéal faoin gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na flaithis)
TUILLEADH (1) ▼
Tá an t-éirí amach agus an aeraíl caite in aer aige ó phós sé — bhíodh an-tóir aige bheith siúltach agus imithe shular phós sé, ach d'éirigh sé as sin.
+
→
buadán
Measaim go gcaithfear an adharc a bhaint uileag dhi: tá an buadán ina chora lofa ag titim amach aisti.
TUILLEADH (1) ▼
Fadó ní théadh duine ar bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon duine anois iad. Tá an faisean sin caite in aer, mura bhfuil muintir an tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin ag coinneáil na mbuadáin agus na seiríní i gcónaí.
+
→
buail
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
TUILLEADH (1) ▼
Tá an tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart agus clú dhi. Ach tuilleadh ghéar den diabhal acu! Is maith an oidhe orthub é.
→
buille
Níl an leathuair caite amach is amach fós, ach tá sé ar bhuille an chloig anois — mura bhfuil an leathuair caite fós, tá sé ar na pointí aige
→
buinne 1
Cén chaoi a gcuirfidh mé an buinne seo anois air. Is fhearr dhuit fhéin é a dhéanamh ar fhaitíos go gcaithfí é a roiseadh amach ar fad aríst
+
→
airde 1
Tá an damh(n)sa caite in airde anois ó tháinig an dlí nua seo amach.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid éirí in airde agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
+
→
amach
Caithfidh mé a dhul amach ar an sliabh i gcoinne aistear móna.
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhiste liom dhá gcaithinn a dhul amach i gcogadh ar maidin — 'sé an cás céanna liom é.
D'imigh sé síos amach in áit eicínt ag múineadh Gaeilge an bhliain cheana, ach ba ghearr a chaith sé imithe gur tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana.