Camán luaithe
—ainm-fhocal, firinscneach.
—
riasca gorma, gártha a d'fheicfeá amanntaí sa luaith, nó sa teine. Deirtear gur tuar gairbhshin, nó cothú na h-uaire móire é.
+–
Tá gairbhshion air. 'Bhfeiceann tú an camán luaithe atá sa ngríosa(igh)?
Ní fhaca mé ariamh an camán luaithe sin 'sa teine, nach droch-uair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
TUILLEADH (6) ▼
'D'fhága an chearc cleite in a diaidh a's tá an camán luaithe sin sa teine'. Sin é adeireadh S. 'ndéana Dia grásta air i gcomhnuidhe, nuair a bhíodh droch-uair air.
Cothú na h-uaire móire an camán luaithe sin a fheiceál sa teine muis. Má thagann mórán eile mar an aimsir seo, go bhfoire Dia ar a' saoghal. Ní bheidh duine ná beithidheach ann.
Tá na riascannaí gorma sin sa teine anocht. Le neart uair' bhriste a bhío(nn)s an camán luaithe sin innte i gcomhnuidhe.
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh a' chéad-fhear. A's mara bhfuil ag Dia, ní tús ná deire dhi. Tá'n camán luaithe chomh gártha sa teine anocht, a's bhí sé oidhche ar bith le seachtmhain.
Is olc a' chosamhlacht a' camán luaithe sin muis. Tuille de'n uair mhóir. Ach grásta Dé, ní eireocha sé as a ngairbhshion chor a' bith.
Is furast' aithinte ar a' teine anocht gur tuille doininne atá air. Bhí an camán luaithe thríd a' lasair.
+–
'Íosfa an camán luaithe orainn iad' adeireadh muid fadó a's muid a' cur síos bruithneogaí. Chlúduigheadh muid le luaithe iad, mar dhoigh dhe nach bhfeicfídhe iad.
Mara gclúduighe tú an bhruithneog sin, íosfa an camán luaithe ort í.
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair aire do na báirnigh sin, nó íosfa an camán luaithe ort iad. Itheann sé báirnigh ar ghasúir bheaga.
Clúdócha mé iad, a's ní thiubhra mé cead do'n chamán luaithe iad 'ithe orm.
Nach beag a' chiall a bhíodh againn, nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luaithe na fataí a bhíodh muid a róstadh sa teine.