camán luatha
—ainmfhocal, firinscneach.
—
riasca gorma gártha a d'fheicfeá amantaí sa luaith nó sa tine. Deirtear gur tuar gairfin, nó cothú na huaire móire é.
+–
Tá gairfean air. An bhfeiceann tú an camán luatha atá sa ngríosaigh?
Ní fhaca mé ariamh an camán luatha sin sa tine nach drochuair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
TUILLEADH (6) ▼
'D'fhága an chearc cleite ina diaidh agus tá an camán luatha sin sa tine.' Sin é adeireadh S., go ndéana Dia grásta air, i gcónaí nuair a bhíodh drochuair air.
Cothú na huaire móire an camán luatha sin a fheiceáil sa tine muis. Má thagann mórán eile mar an aimsir seo go bhfóire Dia ar an saol. Ní bheidh duine ná beithíoch ann.
Tá na riascannaí gorma sin sa tine anocht. Le neart uaire bhriste a bhíonns an camán luatha sin inti i gcónaí.
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh an chéad fhear. Agus mura bhfuil ag Dia, ní tús ná deireadh dhi. Tá an camán luatha chomh gártha sa tine anocht agus a bhí sé oíche ar bith le seachtain.
Is olc an chosúlacht an camán luatha sin muis. Tuilleadh den uair mhóir. Ach grásta Dé, ní éireoidh sé as an ngairfean chor ar bith.
Is furasta a aithinte ar an tine anocht gur tuilleadh doininne atá air. Bhí an camán luatha thríd an lasair.
+–
'Íosfaidh an camán luatha orainn iad,' adeireadh muid fadó agus muid ag cur síos bruithneogaí. Chlúdaíodh muid le luatha iad, mar dhóigh dhe nach bhfeicfí iad.
Mura gclúdaí tú an bhruithneog sin, íosfaidh an camán luatha ort í.
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair aire do na bairnigh sin nó íosfaidh an camán luatha ort iad. Itheann sé bairnigh ar ghasúir bheaga.
Clúdóidh mé iad agus ní thabharfaidh mé cead don chamán luatha iad a ithe orm.
Nach beag an chiall a bhíodh againn nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luatha na fataí a bhíodh muid a róstadh sa tine.