Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cantaireacht
ainm-fhocal, baininscneach.
Achréidh
cainnt; siosma; geoin mhór; nó ceileabhar; mar bheadh lán tighe de dhaoine a's iad ar fad a' cainnt in éindigh.
+
Bhí cantaireacht ann.
Ar a theacht faoi'n dorus dhom, chuala mé an chantaireacht istigh, a's staon mé nóiméad, go bhfeicinn cé 'bhí ann.
TUILLEADH (10) ▼
Sin é an teach a mbíonn a' chantaireacht 'chuile oidhche ann, a's ní dóigh dhuit an fhírinne ná'n bhréag a chloisteáil 'na gcosamar.
Tá mé adhartha agaibh fhéin a's ag a gcuid cantaireachta! Cé'n bhrigh dhá mbeadh aon-tsubstaint sa rud adéarfadh sib; ach níl — cainnt ar sraith.
Níl cló-stiúrtha a' bith fanta ar a' teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oidhche thiar sa mbóithrín beag. Is mór a' t-iongnadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóib.
Tá sé seo thoir sáthach dóroinneach (dóghrainneach?) a's dheamhan ar thaise tada leis a' gceann thíos é, ach sé'n scéal é nuair a bhaineadar amach sa gcainnt, bhí cantaireacht ann, dar mo leabhar.
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaigh. Is minic a fuaidh sé thríom toisighe dá léasadh, ach má dhéanaim sin leobhth' beidh na h-ollghártha ann chomh maith céadna. 'Mara chéile an ballséire a's a ghiolla' arsa tusa.
Cuirfe mise cantaireacht ar a' ngoile agaibh mura ndéana sib forus, a's cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.
Shíl mé gur céad fear a bhí 'teacht, 'nuair a chuala mé an chantaireacht ag Casadh an Aird. Cé bheadh agam ann, ach Nell a's Brighid!
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon-pháipéar a léigheamh annsiúd le 'mbíonn de chantaireacht chainnte ann. Dar mo leabhar, is geall leis a' Dáil scaithtí é. Ach ní bhíonn aon-chuideachta ann mara dtoisighe P. fhéin. Sin é atá indon brabach a fhaghail ar 'chuile dhuine.
Marach go raibh mallú (mathshluagh) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann, a's an dorus dúinte.
Dá smuintighinn (smaointighinn) in am orm féin, ní dhéanfainn ceann ar aghaidh chor a' bith, ach d'fhanfainn go sroichfeadh an chantaireacht mé. Annsin, b'fhéidir go dtuitfeadh liom abhras eicínt a bhaint as a' gcainnt.