Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cantaireacht
ainmfhocal, baininscneach
Achréidh
caint; siosma; geoin mhór nó ceiliúr; mar a bheadh lán tí de dhaoine agus iad ar fad ag caint in éindí.
+
Bhí cantaireacht ann.
Ar a theacht faoin doras dhom, chuala mé an chantaireacht istigh agus staon mé nóiméad go bhfeicinn cé a bhí ann.
TUILLEADH (10) ▼
Sin é an teach a mbíonn an chantaireacht chuile oíche ann agus ní dóigh dhuit an fhírinne ná an bhréag a chloisteáil ina gcosamar.
Tá mé adhartha agaibh fhéin agus ag a gcuid cantaireachta! Cén bhrí dhá mbeadh aon tsubstaint sa rud adéarfadh sibh; ach níl — caint ar sraith.
Níl cló stiúrtha ar bith fanta ar an teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oíche thiar sa mbóithrín beag. Is mór an t-ionadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóibh.
Tá sé seo thoir sách doghrainneach agus dheamhan ar thaise tada leis an gceann thíos é, ach 'sé an scéal é, nuair a bhaineadar amach sa gcaint, bhí cantaireacht ann, dar mo leabhar.
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaí. Is minic a fuaidh sé thríom tosaí dá léasadh, ach má dhéanaim sin leofa beidh na hollghártha ann chomh maith céanna. 'Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla,' arsa tusa.
Cuirfidh mise cantaireacht ar an ngoile agaibh mura ndéana sibh foras, agus cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.
Shíl mé gur céad fear a bhí ag teacht nuair a chuala mé an chantaireacht ag Casadh an Aird. Cé bheadh agam ann, ach Nell agus Bríd!
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
Murach go raibh mallú (mathshlua) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann agus an doras dúnta.
Dá smuintínn (smaointínn) in am orm féin, ní dhéanfainn ceann ar aghaidh chor ar bith, ach d'fhanfainn go sroichfeadh an chantaireacht mé. Ansin, b'fhéidir go dtitfeadh liom abhras eicínt a bhaint as an gcaint.