Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
candálaim
Briathar
rud, teach, talamh etc. a dhíol go puiblidhe ar a' bpighinn is aoirde a tairgeochthaidhe air.
a.
+
Canndáladh an teach 's a' talamh as a dheire.
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfagha sé cead suidhte ar a' teach, tá sé le na channdáil = mara bhfagha sé cead é 'leigean amach ar cíos le daoine, canndálfa sé é.
+
Cuireadh an áit ar canndáil.
As candáil a bhí thíos ag an T. M. a cheannuigh sí an ball sin.
TUILLEADH (4) ▼
Mara bhfuil sé indon a chuid fiacha 'íoc, cuirfidhear a chuid talmhana ar candáil.
Ní raibh tú ag a' gcanndáil?
Sin é an phighinn is aoirde a tairgigheadh air ag an gcanndáil.
Chuir S. Ph. an talamh sin céad go leith punt ag a' gcanndáil, ach chuir J. Th. deich bpunt as a chíonn é, agus 'sé fuair é.
b.
+
Tá móin le candáil agam = tá greadadh móna agam; tuille mhór, a's riar mo cháis fhéin.
Thosuigh sé a' toghaint raithnighe orm, a's gur raithneach atá le candáil agam fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Ara abair leis, nach bhfuil gna(ithe) ar bith againne dhá chuid turnapaí. Nach turnapaí atá le canndáil againn fhéin!