—
rud, teach, talamh srl. a dhíol go poiblí ar an bpínn is airde a tairgeofaí air.
a.
+–
Cantáladh an teach agus an talamh as a dheireadh.
Tá an teach mór sin le cantáil go gairid ach deir siad nach dtógfaidh aon duine é, arae go bhfuil sé báite i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfaighe sé cead suite ar an teach, tá sé lena chantáil — mura bhfaighe sé cead é a ligean amach ar cíos le daoine, cantálfaidh sé é.
+–
Cuireadh an áit ar cantáil.
As cantáil a bhí thíos ag an T. M. a cheannaigh sí an ball sin.
TUILLEADH (4) ▼
Mura bhfuil sé in ann a chuid fiacha a íoc, cuirfear a chuid talúna ar cantáil.
Ní raibh tú ag an gcantáil?
Sin é an phínn is airde a tairgíodh air ag an gcantáil.
Chuir S. Ph. an talamh sin céad go leith punt ag an gcantáil, ach chuir J. Th. deich bpunt os a chionn é agus 'sé a fuair é.
b.
+–
Tá móin le cantáil agam — tá greadadh móna agam; tuile mhór, agus riar mo cháis fhéin
Thosaigh sé ag tóint raithní orm, agus gur raithneach atá le cantáil agam fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Ara abair leis nach bhfuil gnaithe ar bith againne dhá chuid tornapaí. Nach tornapaí atá le cantáil againn fhéin!
cantáil in iontrálacha eile (13)
Tá an buailteoir i bhfocal agam agus gheall sé dhom a theacht inniu leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dhiaidh sin, arae tá cantáil air ar an aimsir seo
Ainneoin go gcaithfear an seachadadh amach a dhéanamh, tá cantáil ar a bhfuil istigh ina shiopa — tá fuadach ar a chuid earraithe, ainneoin go gcaitear íoc orthub ar an tairne
Bhí sé i gceist go raibh sé le theacht anuas ar a chliamhain, agus lena chuid talúna a chantáil, mura n-íocadh sé an t-airgead leis.
Cén fáth ar cheannaigh sí an fhoirgeach gránna sin. Ní dúil a bheadh aici cantáil a chur suas ná eile!
→
fuacht
Phós sé drochbhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go crua. Ba ghearr nár rug an teas ar an bhfuacht air. Ansin chuir sé an áit faoi chantáil. Ba mhór an feall é!
→
dligh
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
Bhí dliteanais air i chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile sa mullach air sa deireadh agus chantáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na háite. Is dona an rud an iomarca a ligean suas nuair nach mbíonn slí ag duine lena íoc
→
déirce
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst
→
dícéillí
'Sé is dícéillí dhá bhfaca mise in mo shaol ariamh. Scaoil sé uaidh teach agus talamh ar amhrán. Dhá gcantáladh sé an áit siúd, ghabhfadh sé trí nó ceathair de chéadta punt
→
dínáire
Ní raibh tada den dínáire seo fadó ann. Dhá bhfeictí cailín óg ag leadrán ar bhóithrí san oíche an uair sin, mura mbeadh a gnaithe ann, dheamhan brat pósta a ghabhfadh go deo uirthi. Is orthu sin atá cantáil anois
Dheamhan siopa i nG. nach mbíodh sé sin ag díolaíocht leis scaitheamh. Bhí siad uileag sa mullach air faoi dheireadh, agus iad ag stróiceadh ag iarraidh an áit a chantáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orthu aon cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon phínn as a chreatlaigh siúd!
Bhí sé ag iarraidh scór ar an gcruach mhóna siúd! M'anam nár mhór cantáil níos mó a bheith ar mhóin ná atá uirthi ar ala na huaire, le go dtiocfadh sí siúd scór. Deich bpunt a cheapfainnse di. Dheamhan dhá lorry móna istigh ina corp. Céard atá inti ach díthreabhach de chruaich