Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cantáil
ainmfhocal, baininscneach.
imeacht, fuadach, glaoch, éileamh, saint i rud.
+
Tá cantáil ar fheamainn dearg ar an saol seo — tá fuadach uirthi; tá faire uirthi; tá go leor dhá hiarraidh.
Seo é an saol a bhfuil an chantáil ar an bpoitín, dheamhan deoir a shroichfeadh duit mura mbeadh sé i bhfocal agat mí roimh an am.
TUILLEADH (3) ▼
Beidh cantáil ar shíol plandaí i mbliana, arae dheamhan gráinne dhi sa tír.
Dheamhan a raibh ag na hiascairí ach cuid an bheagáin, ach bhí cantáil ar an méid sin fhéin. 'Sí an eorna nua breac úr a fheiceáil ar an saol seo
A dheartháir mo chroí thú, tá cantáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá san aer nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaeilge sin thiar chuige ag piocadh as. Tá sé ina ridire acub le tobac agus airgead.

cantáil in iontrálacha eile (13)

 
Tá an buailteoir i bhfocal agam agus gheall sé dhom a theacht inniu leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dhiaidh sin, arae tá cantáil air ar an aimsir seo
 
amuigh
Tá a bhfuil istigh is amuigh aici cantáilte anois.
 
Ainneoin go gcaithfear an seachadadh amach a dhéanamh, tá cantáil ar a bhfuil istigh ina shiopa — tá fuadach ar a chuid earraithe, ainneoin go gcaitear íoc orthub ar an tairne
 
Bhí sé i gceist go raibh sé le theacht anuas ar a chliamhain, agus lena chuid talúna a chantáil, mura n-íocadh sé an t-airgead leis.
 
Cén fáth ar cheannaigh sí an fhoirgeach gránna sin. Ní dúil a bheadh aici cantáil a chur suas ná eile!
 
fuacht
Phós sé drochbhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go crua. Ba ghearr nár rug an teas ar an bhfuacht air. Ansin chuir sé an áit faoi chantáil. Ba mhór an feall é!
 
dligh
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
 
Bhí dliteanais air i chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile sa mullach air sa deireadh agus chantáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na háite. Is dona an rud an iomarca a ligean suas nuair nach mbíonn slí ag duine lena íoc
 
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst
 
'Sé is dícéillí dhá bhfaca mise in mo shaol ariamh. Scaoil sé uaidh teach agus talamh ar amhrán. Dhá gcantáladh sé an áit siúd, ghabhfadh sé trí nó ceathair de chéadta punt
 
Ní raibh tada den dínáire seo fadó ann. Dhá bhfeictí cailín óg ag leadrán ar bhóithrí san oíche an uair sin, mura mbeadh a gnaithe ann, dheamhan brat pósta a ghabhfadh go deo uirthi. Is orthu sin atá cantáil anois
 
Dheamhan siopa i nG. nach mbíodh sé sin ag díolaíocht leis scaitheamh. Bhí siad uileag sa mullach air faoi dheireadh, agus iad ag stróiceadh ag iarraidh an áit a chantáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orthu aon cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon phínn as a chreatlaigh siúd!
 
Bhí sé ag iarraidh scór ar an gcruach mhóna siúd! M'anam nár mhór cantáil níos mó a bheith ar mhóin ná atá uirthi ar ala na huaire, le go dtiocfadh sí siúd scór. Deich bpunt a cheapfainnse di. Dheamhan dhá lorry móna istigh ina corp. Céard atá inti ach díthreabhach de chruaich