Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Caethach
ainm-fhocal; firinscneach
iolraidh — caethachaí.
cae = uathaidh = Achréidh
Tá baile in aice Mhuigh Cuilinn ar bhóthar a' tsléibhe a dtugtar "An Caethach" air.
droch-chis, caoch-pholl, nó giodán sléibhe a bheadh criathruighthe le caoch-phuill, nó locháin nó fiodáin.
+
Ní féidir é 'shiubhal le 'bhfuil de chaethachaí, a's d'fhiodáin ann.
Is anróiteach an áit a bhfuil tú a' tabhairt t'aghaidh, suas ar an gcaethach bradach sin.
TUILLEADH (10) ▼
Má's leat a' mhóin a chuir amach leis an asal, caithfe tú ciseannaí a dhéanamh ann, a's ní gan úidh gan óidh sin, a's a liachtaighe caethach a's atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr a' ghnoithe a dhéanfá leis a' druim imbliadhna go h-áithrid.
Is maith a chruthuigh mé a's an eang a thabhairt liom chor a' bith ó na caethachaí bradacha siúd. Tá'n criathrach druidthe leo(b).
Bean idteannta í, muis, má bheireann na caethachaí báithte siúd ar na leithscéil de bhróga atá uirre. Cé'n bhrigh ach na sála corracha atá orra(b). Ionntócha sí orra(b) ar a' gcéad tulchán a chasfas léithe.
Fhobair mé dhul síos go píobán sa gcae siúd atá ar an tsrath.
Tá an-chruadhas sa sliabh atá a' síneadh le L. F. ach maidir leis an íochtar anuas annseo, caoch-phuill a's cíocraí a's caethachaí fré chéile é.
Tá gacha le caethach ann, a's thiocfá síos go seireadhachaí is 'chuile cheann aca(b).
Ní caoch-phuill fhéin atá ann ach na caethachaí eile sin. Ba mhór a' chontabhairt aon-bhó a chuir ann sa ngeimhreadh.
M'anam muise mara bhfuil ag a chuid beithidheach seasc ach a ndéanann siad de thomsacht ar na caethachaí siúd, nach sugh salmhain imbéal buláin dóib é. Bó a' bith — seasc nó eile — nach bhfuil a' faghail farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deire.
InDomhnach muise, bhí cleachtadh mhór ar bhóithrí aice, a' spágaireacht thrídh chaethachaí a's lathachaí Ch. L. Imtheocha sí as a cranna cumhachta ar fad anois, ó theann sí anuas ar a' míneadas.
Caethachaí — sin áiteachaí boga 'san eanach a's lonnradh glas orru (L. Ó. F. — Achréidh.)

Féach freisin