Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Carracán
ainm-fhocal; firinscneach
iolraidh — carracáin.
aill nó druim carraige a' freagairt aníos go maith as a' talamh nó as cladach; clochar a mbeadh aill nó carraig ann. (Bíonn "clochar" le cothrom talmhan, ach bíonn carracán crochta a bheagán nó a mhorán. D'fhéadfá a rádh gur clochar ar chnocán é, ach tugtar carracán freisin ar réim aille a bheadh crochta ó chothrom talmhan. Tá go leor áiteacha thart faoi na cladaigh a's ar an talamh garbh a dtugtar "carracáin" orra).
·
Chuaidh [sé] ar snámh thíos ag Carracán na Dúirlinge.
Chonnaic mise teach thíos annsin thíos ar Charracán Chúmair. Dheamhan fhios agam nach raibh comharthaidheacht na sean-bhallaí ann go dtí le goirid.
+
Nach diabhaltaidhe righte an áit ar dearnadh a' teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach a' t-iongnadh go mbeadh faitchíos gála fhéin air, a's a laghad fasca a's tá ag a theach.
Thuas ar charracán atá imbarr a' bhaile a bhíos an teine chnámh aca(b). Dhá mbeadh gaoth ruadh na Féile Sin Seáin ann ar chaoi ar bith, dheamhan splannc a d'fhágfaidhe 'na craiceann nach bhfuadóchthaidhe soir a's siar.
TUILLEADH (5) ▼
Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
Dheamhan cladach i gCois-Fhairrge is achrannaighe ná mar 'tá sa mbaile sin. Tá sé faoi chlochair a's faoi charracáin as éadan. Ní féidir aon-chapall a thabhairt níos íochtaraighe ann ná snáth mara rabharta móir.
Níl aon-ghoir aca(b) aon-bhóthar a dheanamh annsiúd, mara 'mblastálfa' siad an carracán mór údaidh as éadan.
Nach diabhaltaidhe an ruagán toirnighe a chaith sé an bhliadhain cheana, a's go ndearna sí dhá leith druimscoiltí síos go talamh íochtair de'n charracán sin. Tá sé le feiceál annsiúd ag feara fáil.
'Bhfuil fhios agad an moghlaer mór a bhí ar forbhás ar stuaic a' charracáin sin thiar i Leic a' Rí (garrdha)? Thuit sí anuas le fána, a's tá sí caithte thíos sa lag fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon-bhó againn ann, nó bheidís cruptha isteach faoi ghiall a' characáin ar a' bhfarradh gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, a's dhéanfadh a' daigéad siúd cuailín cnámh díob.

Carracán in iontrálacha eile (3)

 
Tá béalóg soir sa gcarracán, a's is ann a d'éaluigh mé uaidh = scáinne idir na carraigreachaí nó na clocha móra.
 
bruach
Nuair a bheadh taoille mhór rabharta ann, bheadh sí bruach ar bhruach le cloich mhóir a' charracáin, a's bheadh cloch a' Mhioscáin faoi ar fad.
 
aire
Mara mbí tú aireach ar a' gcarracán sin, bainfear tuairt asad a mbeidh cuímhne agad uirre.