—
aill nó droim carraige ag freagairt aníos go maith as an talamh nó as cladach; clochar a mbeadh aill nó carraig ann.  Bíonn clochar le cothrom talún, ach bíonn carracán crochta a bheagán nó a mhorán.  D'fhéadfá a rá gur clochar ar chnocán é, ach tugtar carracán freisin ar réim aille a bheadh crochta ó chothrom talún.  Tá go leor áiteacha thart faoi na cladaí agus ar an talamh garbh a dtugtar carracáin orthu.
·
Chuaigh sé ar snámh thíos ag Carracán na Duirlinge.
Chonaic mise teach thíos ansin thíos ar Charracán Chúmair.  Dheamhan a fhios agam nach raibh comharthaíocht na seanbhallaí ann go dtí le gairid.
+–
  Nach diabhaltaí rite an áit ar dearnadh an teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd.  Is suarach an t-ionadh go mbeadh faitíos gála fhéin air agus a laghad foscaidh agus atá ag a theach.
Thuas ar charracán atá i mbarr an bhaile a bhíos an tine chnámh acub.  Dhá mbeadh gaoth rua na Féile Sin Seáin ann ar chaoi ar bith, dheamhan splanc a d'fhágfaí ina craiceann nach bhfuadófaí soir agus siar.
      
                                TUILLEADH (5) ▼
                            
Tá snáth deas feamainne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurchaidh.
Dheamhan cladach i gCois Fharraige is achrannaí ná mar atá sa mbaile sin.  Tá sé faoi chlochair agus faoi charracáin as éadan.  Ní féidir aon chapall a thabhairt níos íochtaraí ann ná snáth mara rabharta móir.
Níl aon ghair acub aon bhóthar a dhéanamh ansiúd, mura mbleaisteálfaidh siad an carracán mór údaí as éadan.
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin.  Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)?  Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois.  Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
carracán in iontrálacha eile (14)
                    →
                    caidhl 
                  
                  
                    'Sí an roinn atá taobh thiar den chaidhlín chloch a rinne mé ag an gcarracán, an roinn (fheamainne) s'againne
                    
                    →
                    béalóg 
                  
                  
                    Tá béalóg soir sa gcarracán agus is ann a d'éalaigh mé uaidh — scáine idir na carraigreachaí nó na clocha móra.
                    
                    →
                    bruach 
                  
                  
                    Nuair a bheadh taoille mhór rabharta ann, bheadh sí bruach ar bhruach le Cloich Mhóir an Charracáin, agus bheadh Cloch an Mhioscáin faoi ar fad.
                    
                    →
                    buail 
                  
                  
                    Sa gcuisle thanaí taobh thiar den Charracán a bhuail an concar sin mé.  Ag fuireacht go dtráfadh sé go dtí an clochar amuigh a bhí mé agus ní raibh cuimhne agam go mbuailfeadh tada mé san áit céanna mura mbeadh ceann cruachain nó bod gorm go díreach.
                    
                    →
                    fás 1
                  
                  
                    Ní fhéadfá aon fhás beag draighin a fháil siar ansin dom?  …  Shíl mé go raibh neart acu sna carracáin
                    Thug sé fuílleach le déanamh dhom an bord feamainne a choinneáil ar an asal aníos an carracán siúd
                    
                    →
                    fíriúil 
                  
                  
                    Tá clann fhíriúil aige sin.  An bhfaca tú an réiteach a thug siad ar an tsráid siúd?  Bhí carracán inti a bhí chomh hard leis an teach seo, agus bhain siad as a lúdrachaí é.  Dheamhan an spalla a d'fhága siad ann
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    danra 
                  
                  
                    Is danra an áit ar chaith sé ina cheann teach a dhéanamh — istigh sa gcarracán údan.  Dheamhan réiteach a bheas ar an ngeadán siúd aige bliain ó inniu, hé brí cén cuthach oibre a bheas air.  Beidh orlaíocht agus bleaisteáil agus allas ar na carraigreachaí údaí
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin.  Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í.  Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
                    
                    →
                    Domhnach 
                  
                  
                    Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó.  Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh.  Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
                    Téigí soir an trá dhromannach sin, agus tá locháinín ag a ceann thoir le hais an charracáin sin a fheiceas sibh ansin thoir, agus b'fhéidir dhaoibh aon cheann a fháil ansin
                    
                    →
                    dromán 
                  
                  
                    Tá dromán breá láidir uirthi siúd bail ó Dhia uirthi, le aghaidh an chléibh.  Is beag a aireos sí leasú a chur suas dó ar na carracáin arda siúd nár chuir sé ó d'imigh Bríd uaidh
                    
                    →
                    téigh do 
                  
                  
                    Ghabhfainn don chnocán sin i gcruth is nach mbeadh aon chloch amháin ar a fhuaid mí ó inniu murach amháin.  Dhá bhfeiceadh an seanlad mé ina éadan, ba mhaith an tsiocair bháis dó é.  Ní chuirfeadh an saol as a chloigeann nach bhfuil bruín ann, agus dhá gcorraítí aon chloch den charracán sin, nach dtiocfadh smál orainn fréna chéile