Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Carraeracht
a.
a bheith indiaidh cairte nó cairr; a' cinnireacht cairte; a' tarraingt ualaighe i gcairt nó i gcarr go siorruidhe, nó mar shlighe bheatha.
+
'Mbíonn sé carraeracht ar an aimsir seo?
Creidim gur chaith sé suas an charraeracht (carraeracht mhóna) ar fad. Is maith a rinne sé sin, arae dheamhan mórán iarmhuise uirre ó thosuigh na 'lorries' seo, a' tárlú leo(b).
TUILLEADH (2) ▼
Giorrócha an carraeracht leis as a dheire. Is olc é tuaradh na maidne a mhic ó, go mór-mhór ag sean-fhear dona, atá 'tarraingt ar na trí scóir.
An té atá 'plé le carraeracht 'sna bólaí seo, beidh sé amuigh moch a's deireannach.
b.
·
Ní mór do'n duine bhocht carraeracht a dhéanamh le snáth a choingbheál faoi'n bhfiacail.

Carraeracht in iontrálacha eile (3)

 
An uair a bhínn ag carraeracht fadó, bhí lánamhain thíos i bpóirse Sh. Mh. S.: píle mór millteach de bhean a bhuailfeadh a cloigeann ar an mboimbéal annsin, agus dreoláinín d'fhear nach raibh aoirde do ghlúin ann. Caibiléirín a bhí ann agus ba franncuighthe an mac é. D'óladh sé a mbíodh ar a sheilbh. An uair a bhíodh sé tuithte, nó ag troid ins an teach ósta theigheadh an bhean in a choinne, agus chaitheadh sí isteach in a naprún é go dtugadh sí abhaile é. Nar leigidh Dia go gcuirinnse bréag orra. Is dóigh go bhfuil an bheirt ar shlí na fírinne le fada. Ach chonnaic mé le mo dhá shúil fhéin í dhá iomchur abhaile.
 
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
 
Teigheann tonna go leith uirre 'chuile lá a mbíonn sé inG. ag carraeracht, aindeoin nach bhfaghann sí len ithe uaidh ach cuid an bheagáin