carraeireacht
—
a bheith i ndiaidh cairte nó cairr; ag cinnireacht cairte; ag tarraingt ualaí i gcairt nó i gcarr go siorraí, nó mar shlí bheatha.
a.
+–
An mbíonn sé ag carraeireacht ar an aimsir seo?
Creidim gur chaith sé suas an charraeireacht (carraeireacht mhóna) ar fad. Is maith a rinne sé sin, arae dheamhan mórán iarmhaise uirthi ó thosaigh na lorries seo ag tarlú leob.
TUILLEADH (2) ▼
Giorróidh an carraeireacht leis as a dheireadh. Is olc é tuaradh na maidne a mhic ó, go mór mhór ag seanfhear dona atá ag tarraingt ar na trí scóir.
An té atá ag plé le carraeireacht sna bólaí seo, beidh sé amuigh moch is deireanach.
b.
·
Ní mór don duine bhocht carraeireacht a dhéanamh le snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
carraeireacht in iontrálacha eile (4)
→
dreolán
Nuair a bhínn ag carraeireacht fadó, bhí lánúin thíos i bpóirse Sh. Mh. S.: píle mór millteach de bhean a bhuailfeadh a cloigeann ar an mboimbéal ansin, agus dreoláinín d'fhear nach raibh airde do ghlúin ann. Caibléirín a bhí ann agus ba francaithe an mac é. D'óladh sé a mbíodh ar a sheilbh. Nuair a bhíodh sé tite, nó ag troid sa teach ósta, théadh an bhean ina choinne, agus chaitheadh sí isteach ina naprún é go dtugadh sí abhaile é. Nár lige Dia go gcuirinnse bréag orthu. Is dóigh go bhfuil an bheirt ar shlí na fírinne le fada. Ach chonaic mé le mo dhá shúil fhéin í dhá iompar abhaile
→
díolaí
Deir siad go mba an-díolaí é an tAthair M. ach nach raibh rath ná ríocht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeireacht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus chuile shórt dhá dteastaíodh uaidh chuige. Bhí dubhphlód beithíoch aige agus bheathaíodh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar chuile lá, nó ionann is é. Meas tú chuile uair a dteastaíodh a pháí uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú don tsagart, agus ansin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí huaire, shula gheobhadh sé aon phínn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaíocht a bhaint as
→
téigh ar
Téann tonna go leith uirthi chuile lá a mbíonn sé i nG. ag carraeireacht, ainneoin nach bhfaigheann sí le n-ithe uaidh ach cuid an bheagáin