Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Catóg
ainm-fhocal; baininscneach
iolraidh "catógaí".
Níl an focal seo le fairrge, ach tá sé coitcheannta go leor i Muigh Cuilinn a's in Iar Chonnacht
droighean beag catach. D'fheicfeá taltaí as éadan fútha in áiteacha. Níl siad chomh coiligneach leis an ngnáth-dhroighean.
+
Scar na h-éadaigh amuigh ar na catógaí.
Ach a mbeidh na h-éadaighe sruthlaighthe agad, scarfa tú ar na catógaí iad, a's beidh réidh-thriomach maith orra(b) trathnóna.
TUILLEADH (13) ▼
Is diabhluidhe an stolladh atá ann indiu. Dá gcuirteá na bráithlíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirm agad trathnóna.
Is mairg dhuit nach ar na catógaí a chuir tú an tuar éadaigh sin ar maidin.
Dheamhan tuinnte de'n éadach orm, nach bhfuil stróicthe stiallta ag na catógaí sin ag (d)ul ingreamudhas ann
Cnathannaí! Isteach annsiúd faoi'n Taobh Mín atá a dtabhairt amach. Nach bhfuil sé faoi rosáin a's faoi chatógaí as éadan a chéile.
Aindeoin go bhfuil fairsingeacht aige, dheamhan de rath le cuid mhaith de'n talamh. Gurráin a's catógaí é fré chéile.
Beidh stócáil le déanamh agad imbliadhna, a's na catógaí sin ar fad a bhaint. Is meathta an obair a dhul a' cur talamh de'n tsórt sin.
Catógaí is mó atá ann, ach tá neart scoilb a's coll ann chomh maith céadna.
Tá catógaí ann, mar adeir fear a' Taobh Mín lena catógaí.
Tá pláigh choiníní ins na crícheannaí, agus is na catógaí sin siar. Tá a shliocht orra(b)! Dheamhan ceo geamhair agam de bhláth bliadhna nach bhfuil crinnte aca(b)!
Tabhair isteach mo léine de'n chatóig, nó beidh sí báithte aríst, má ghníonn sé báisteach.
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé's moite d'aon-chatóig amháin atá thoir le claidhe, ach is deacair le na catógaí céadna a dhul ar gcúl.
Ghortuigh sé a láimh indiu ag iarraidh catóg a bhaint.
Bhí an réimse sin fré chéile lom-lán le catógaí roimhe seo. Ó fuair sé an gabhaltas, thug sé 'un míneadais é, ach inDomhnach is fada uaidh 'bheith cineálta fós.