Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
catóg
ainmfhocal, baininscneach
iolra: catógaí
níl an focal seo le farraige, ach tá sé coiteanta go leor i Maigh Cuilinn agus in Iar Chonnacht.
draighean beag catach. D'fheicfeá taltaí as éadan fúthu in áiteacha. Níl siad chomh coilgneach leis an ngnáthdhraighean.
+
Scar na héadaigh amuigh ar na catógaí.
Ach a mbeidh na héadaí sruthlaithe agat, scarfaidh tú ar na catógaí iad agus beidh réthriomach maith orthub tráthnóna.
TUILLEADH (13) ▼
Is diabhlaí an stolladh atá ann inniu. Dá gcuirteá na braillíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirim agat tráthnóna.
Is mairg dhuit nach ar na catógaí a chuir tú an tuar éadaigh sin ar maidin.
Dheamhan tointe den éadach orm nach bhfuil stróicthe stiallta ag na catógaí sin ag dul i ngreamús ann
Cnónnaí! Isteach ansiúd faoin Taobh Mín atá a dtabhairt amach. Nach bhfuil sé faoi rosáin agus faoi chatógaí as éadan a chéile.
Ainneoin go bhfuil fairsingeacht aige, dheamhan de rath le cuid mhaith den talamh. Garráin agus catógaí é fré chéile.
Beidh stócáil le déanamh agat i mbliana agus na catógaí sin ar fad a bhaint. Is meata an obair a dhul ag cur talamh den tsórt sin.
Catógaí is mó atá ann, ach tá neart scoilb agus coll ann chomh maith céanna.
Tá catógaí ann, mar adeir fear an Taobh Mín lena catógaí.
Tá plá choiníní sna crígheannaí agus sna catógaí sin siar. Tá a shliocht orthub! Dheamhan ceo geamhair agam de bhláth bliana nach bhfuil crinnte acub!
Tabhair isteach mo léine den chatóig nó beidh sí báite aríst má ghníonn sé báisteach.
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé is moite d'aon chatóig amháin atá thoir le claí ach is deacair le na catógaí céanna a dhul ar gcúl.
Ghortaigh sé a láimh inniu ag iarraidh catóg a bhaint.
Bhí an réimse sin fré chéile lom lán le catógaí roimhe seo. Ó fuair sé an gabháltas, thug sé chun míneadais é, ach i nDomhnach is fada uaidh a bheith cineálta fós.