Ceal
—ainm-fhocal.
1.
uireasbha, easba, call, cruadhóg, anshógh, amhgar, riachtanas.
+–
'Cheal fios, cheal stuaim': an t-ughdar nach ndearna duine rud eicínt nó gur dhubhairt sé rud eicínt etc.
Seo é aríst é — cheal fios, cheal stuaim.
TUILLEADH (5) ▼
D'eile céard adéarfadh an bobarún — cheal fios, cheal stuaim.
Ní bheadh súil le na mhaltraid agad ó'n amhus bradach — cheal fios, cheal stuaim.
Is suarach a' t-iongnadh é sin a bheith in éadan a' tsagairt — cheal fios, cheal stuaim.
Cheal fios, cheal stuaim — sin é an fáth a ndeárna sé é.
B'iongantas é, mara dtugadh sé sin aisfhreagra ar dhuine — cheal fios, cheal stuaim.
+–
Ní cheal cainnte ata air = tá neart cainnte aige; bíonn ruibh na cainnte air.
Má tá cheal air, ní cheal cainnte é ar chuma 'r bith. = tá neart cainnte aige, bíodh uireasbha 'bith eile air nó na bíodh.
TUILLEADH (43) ▼
Dheamhan cheal airgid atá air!; dheamhan a bhfuil de cheal airgid air.
Ní cheal uilc atá air, deirimse leat!; má tá cheal ar bith air, ní cheal droch-mhúineadh é.
Is beag nar préachadh muid istigh ar a' teallach 'cheal aon-fhód móna a bheith sa teach.
Caillfidhear thú cheal damh(n)saí.
Níl cheal feola 'bith anois orrai(bh). Nach feoil atá le caitheamh amach ag na daoine ar a' saoghal seo!
M'anam nach cheal aicíse atá sí sin! = tá'n faltanas in a croidhe.
Níl eirghe 'mo sheasamh ionnam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
Dheamhan coisméig 'bith aige, cheal amhairc. Ní fhaca tú aon-duine ariamh nach mbeadh spré eicínt in a shúile ach é, ní dhá roinnt leis é!
Baoghal ormsa a bheith indon a' chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le deanamh dhom aon-cheart a bhaint de'n tsaill fhéin.
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó bhánócha t'athair! (putach a bhíodh a' síorádh i gcomhnuidhe).
Ní ghlacfaidhe é, cheal foghluime. InDomhnach, shíl mé gur chaith sé siúd i bhfad a' dul chuig an scoil!
Mara bhfuil aon-ghníomh ann muis, ní cheal gaisce a's floscaí é.
Dar fiadh mara bhfuil airgead aige, ní cheal sainnte é. Tá a dhá cheann sa talamh i gcomhnuidhe aige, an t-anntlachán.
Dhéanfadh sé é, dá bhféadadh sé é. Ní cheal fonn atá air ach cheal misnigh.
Tá'n faltanas sa mbitheamhnach ceart go leor. Ní cheal droch-mhúineadh ná droch-éisc atá air, ach cheal spreactha a's neirt.
Cheal conganta atá orm, a's ní leisce.
Cheal tuiscint atá air, go ndéanann sé rudaí de'n tsórt sin. = easba tuisciona atá air etc.
Cheal tuisciona a rinne dhó é. = marach easba tuisciona, ní dhéanfadh sé é.
Marach cheal tuiscint a bheith ort, bheadh luighe eicínt agad leis a' scoil.
(Dh)ar ndóigh, chuaidh sé ann, cheal aon-splannc chéille a bheith aige.
'Sé'n té atá cheal oibre, is mó cás leo(b): ar aon-chor 'sé is mó scéal, má bhíonn aon-saothrú ag imtheacht.
Cheal cleachta atá dhá dheanamh sin dhuit. Dheamhan a dhath stró a bheidheas ort, ach a mbeidh tú déanta ar an obair = ach a dtaga tú igcleachtadh na h-oibre, ní bheidh mairg a' bith ort.
Nach hé an feall an méid sin mílte a fhágáil aige, a's a bhfuil cheal airgid.
Is duine dona a bheadh cheal teine a's a' méid coille atá 'tuitim in a críonach annsin thuas.
Is mairg a bheadh cheal beatha!
Nach thú atá thart cheal páipéir nuaidheacht'! = nach mór atá sé a' goilleamhaint ort gan páipéir nuaidheacht' a bheith agad!
Tá tú thart anois, cheal duine eicínt a mbeitheá a' spochadh leis, a's a' séideadh faoi!
Tá sé in a chír-thuaithbhill cheal céile mná, a choinneochadh caoi air!
Cheal móna! Dhá mbeadh cheal plúir ort mar tá orainne!
Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
Níl a sheasamh agam, cheal bidh. Is gearr go dtuite mé imbun mo chos.
Tá tú cheal 'bicycle' muis, mara bhfuil aghad ach a' sean-rud sin.
Beidh tú cheal tuigheadóra muis, má's in a chleitheamhnas siúd atá tú = níl aon-mhaith in a thuigheadóir leis.
Tá tú cheal éadaigh, muis, má tá tú taobh le na briocáin sin ort.
Beidh sé cheal teine muis, má's siúd é 'bhfuil de mhóin aige.
Tá sé 'cheal mná muis, má phósann sé an ágóidín siúd. Shéidfeá de do bhois í.
Is le bheith cheal leasuighthe do dhuine a bheith faire ar a' gcladach sin. Dheamhan sop feamuinne a tháinic isteach ó lá Samhna seo (gha)bh thart.
Is mór a' cheal bainseachaí atá ort! = nach mór a theastuigheas bainseachaí uait!
Is mór a' cheal 'bicycle' atá ort! Bíodh fhios agad gur h-iomdha rud is mó a theastuighea(nn)s annseo, ná 'bicycle' nach bhfuil ann.
Níl aon-cheal airgid air; ní cheal airgid atá air.
Níl aon-cheal tobac orm, go raibh maith aghadsa as ucht.
'Bhfuil cheal toitíní ort?
Má tá ceal orm, ní cheal móna é ar chaoi ar bith. InDomhnach chuirfeadh a' portach atá annsiúd thuas agham móin go barr-bachall
+–
Déanfa tú cheal tae indiu muis, mara réidhtighe tú fhéin é.
Caithfe tú déanamh scathamh eile, muis, cheal éadaigh, arae níl an oiread slighe aghainne a's a choinneochadh greim in ar mbéal, ní áirmhighim a dhul a' ceannacht fuireann nuadh dhuitse aríst ar a' toirt.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan déanamh 'bith 'cheal óil aige, pé'r bith cé'n catmara ná léan a bhuail é chor ar bith fharras aonduine.
Níl deanamh 'bith cheal tobac agam fhéin. InDomhnach ní fhéadfainn uair a' chluig d'uireasbha gail thobac.
Ní bhíonn déanamh bith 'cheal poitín aige, ó eireochas a' bhlas leis chor a' bith. Tá sé chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann ingeall le na luach a dheanamh amach.
Nach mór a' smál atá air, mara bhfuil aon-déanamh fhairis aige cheal óil.
+–
Mara bhfuair siad poitín ní cheal a shaothruighthe é. Dheamhan teach a d'fhága siad 'sa dá Bh. nár shiubhal siad = chaith siad dúthracht a' tóruigheacht an phoitín.
Mara bhfuil bean aige muis, ní cheal a shaothruighthe é. Tá'n tír tóruighthe aige, ag iarraidh mná.
TUILLEADH (5) ▼
Mara bhfuil bráigill a's bruighshléacht air, ní cheal a shaothruighthe é. Ach níl tada ag eirghe leis a' duine bocht. Tá'n díleághadh ar a chuid.
Mara bhfuil feamuinn dearg aige ní cheal a shaothruighthe é, arae dheamhan lá beo, nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na curraighe.
Ní cheal a shaothruighthe atá ort-sa, a dhuine bhoicht, mara bhfagha tú braon óil. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhuit a bheith ag imtheacht a' súdaireacht a's a' sclaibéaracht mar tá tú. Tá do cháil faoi'n tír.
Mara bhfagha sí na flaithis, ní cheal a shaothruighthe é, ar chaoi ar bith. Tá casán dearg déanta chuig a' séipéal aice, chuile mhionnóid sa ló.
Mara bhféada sé achrann a tharraingt, ní cheal a shaothruighthe é. Dheamhan iabh a tháinic ar a bhéal i gcaitheamh na h-oidhche, ach ag iarraidh an cúpla seo thíos, a shaghdadh. Ach 'níor eirigh an t-ól i stuaic na mbacach' fós.
+–
Ní airighim pian ná tinneas. 'Sé 'bhfuil orm, cheal gan aon-mhisneach a bheith agam, corruighe isteach ná amach.
Bheinnse ag an aifreann 'mo shean-rith marach cheal gan aon-tsnáth agham le dhul as comhair na ndaoine.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag a' baoghal a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar a' méir is fuide, marach cheal gan aon-deis iomchuir agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiubhal.
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, marach cheal gan fad méire de cheap agam, le tada a dheanamh.
+–
Níl ceal a' bith air = níl tada a' teastáil uaidh; tá chuile rud aige dhá dteastuigheann uaidh; níl mairg a' bith air; níl ughdar clamhsáin ná casaoide aige, arae níl easba ná uireasbha air.
Dheamhan ceal a' bith ar a' mbuachaill sin; níl ceal ná call air; níl ceal ná uireasbha air.
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeadh aon-cheal air sin, sé nach mbeadh i bhfad dhá fhuasaoid.
Sin é an buachaill céadna nach mbeidh aon-cheal air nó's cinneamhaint air é. Má bhíonn a' rud le faghail ar uain ná ar éigin, le bladar ná le bréaga, beidh sé aige sin.
An airigheann tú cheal a' bith ort fhéin, a scolóig? = 'bhfuil uireasbha tada ort a dhuine sin?
Má airighim aon-cheal orm fhéin, cuirfe mé scéal chugad, a's déanfa tú tárrtháil.
Cén cheal atá anois ort?
Is beag a' cheal a bheidheas ar a' gcuaille sin feicfe tú fhéin air!
Má bhíonn aon-cheal uirre sin, feicfe tú fhéin air nach fada bheidheas, má ghníonn gob spleádhach, spleodarach di é = leis a' teanga spleodraigh, spleadhaigh atá aice, mheallfadh sí uait rud a' bith a theastóchadh uaithe.
InDomhnach níl cheal a' bith orm fós, má's fada gearr go mbeidh.
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thogruigheann sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chuir ann, a's cé measa beirthe é, arsa tusa.
2.
bain adhmad nó abhras a' bith a thogróchas tú as; déan do rogha rud in a thimcheall; glac go réidhchúiseach nó ar a mhalrait é.
+–
Sin é a rinne mé anois, a's déan do rogha ceal di, má thogruigheann tú = fagh do rogha locht air; déan do rogha rud 'na timcheall; bain do rogha abhrais, nó adhmaid as a' méid sin, thú fhéin.
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, a's déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as a' scéal ar aon-chor. = bain thusa do rogha abhrais as.
TUILLEADH (8) ▼
An méid millteanais a rinneadh ann, is mise a rinne é, a's déan do rogha ceal di anois.
Hubhradh (dubhradh) liomsa an méid sin a rádh, a's tá mé dhá innseacht duit anois, gan cor an fhocail a chuir air, ach léar (de réir) mar chuala mé fhéin é, a's déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl fhios aghamsa, cé'n súisín é.
Déarfa mise suas leis a' smut aige, gurab é fhéin is cionntaighe ó thús deire go tosuigh, a's deanadh sé a rogha ceal di má's breagh leis.
Chaithfinn an chainnt cheanann chéadna leis a' sagart, dhá gcuireadh sé aon-chaidéis orm faoi, a's cead aige a rogha ceal a dhéanamh di, má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ó'n sagart ach an oiread le duine 'bith eile.
Má tá indán's go gcoinneochthar an scéal seaduighthe i bhfad eile, tiocfa mise siar de mo shiubhal ionnsuighe, a's innseocha mé suas dhá béal gurab é a mac fhéin a thárluigh leis na fataí, le airgead 'fags' a fhaghail. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thogruigheann sí.
Ní thiocfa mé anonn ná anall leis, ach déarfa mé suas leis a' bpus aige. Cé'n bheann atá agham ar aonduine faoi'n bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach 's gearr go gcloise sé uaimse é, ar nús (nós) a' bith.
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chomhnócha mise, go seasa mé thíos ar a h-urlár, a's go n-innsighe mé dhi, cé h-iad brothtuinn bradach na h-eitinne, a's déanad sí a rogha ceal di. Ní fhéadfa sí goirm chúirte a chuir orm ar aon-nós, faoi'n fhírinne.
Déan do rogha ceal di, má thogruigheann tú. Céard tá sa méid adubhairt mé leat ach cnáimh creinnte na fírinne.
Féach freisin
→
ceadh
Ceal in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis
→
frídeoir
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
→
fánach
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
+
→
fíbín
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
TUILLEADH (1) ▼
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag leigean uisce isteach. Feacha dhá dheoch annsin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
→
baing
Chinn air aon-bhaing a bhaint as Tam, aindeoin nach de cheal a shaothruighthe é. = rinne sé a dhicheall feannc nó cor a bhaint as nó é 'leagan, ach chinn air.
+
→
bealadh
Tá'n roth an-stodamach cheal bealtha = tá sé docht d'uireasbha bealtha.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air, ach indeir (indar) liom fhéin nach h-eadh anois, arae tá aois na h-Úire a's na Caillighe Béara aige. Is mór a chruthaigh sé a's seasamh, an fhad, chor a' bith.
→
beart
Is maith beachtuighthe n mac é D. ach dheamhan goir a bhí aige in a dheidh sin, imirt ar Sh. Bh., aindeoin nach cheal a shaothruighthe é. Chaith sé an bhliadhain a' cur beart in a shuidhe, len' imirteas ar a's chinn air in a dheidh sin.
+
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dheanamh sin. Marach chomh cuisneach a's bhí sé, ní bheadh sé beo chor a' bith a's laghad a's fuair sé le n-ithe. Ughdar maith gamhnach é déarfainn.
TUILLEADH (1) ▼
Níl siad cruadh cuisneach chor a' bith, mar bheadh éanachaí: a's shílfeá nach bhfuil cheal ar bith orra(b).
→
beo 1
Má tá aon-deor le faghail in áit a' bith beo, gheobha sé siúd é, nó ní cheal a shaothruighthe é, 'chuma 'r bith.
→
bior
Mara bhfuil bior-eanga uirre, muis, ní cheal aire é; arae tá 'chuile shórt ar fheabhas aice sin, dhá bhfuil sí indon caitheamh a chuir ann.
+
→
bruach
Cheal nach bhfuil sí ar bruach aghad fós? (an fheamuinn).
TUILLEADH (1) ▼
Tá bruach eicínt ó mhaidin air, muis, maran cheal tobac é. Nuair nach mbíonn aon-tobac aige, is deacair ceart a' bith a bhaint dhó.
→
aer
Chinn air é chuir in aer, aindeon nach cheal a fhiachan' é (a fhiachtála: fiachan = fhéachaint) = d'fhéach sé go bog a's go cruadh le na leagan ach chinn dubh a's dubh air.
+
→
airigh
Marar airigh sé mé 'glaodhach air, ní cheal biorrú ar a chluasa é 'muis.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú agad ná uait, an píopa tobac sin, agus tá mo theanga-sa calcuighthe cheal gail = scurach a bhí ag iarraidh píopa tobac ar fhear adubhairt seo.
→
antlás
Mara n-eirighe feamuinn leis, ní cheal an-tláis é = mara bhfagha sé feamuinn, ní d'uireasbha ampla é.
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air marach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapuigh mé é! Bhí sé in a shuí thíos ar cholbh an Characáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí shoir ar an Meath-Dhúirlinn a bhí mé fhéin. "Lá breá é" adeir sé … Bhain muid amach san seanchas. "Gaeilgeóir thú" adeirimse. "Ní hea" adeir sé. "Ag fámaireacht atá mé". D'fhiafraigh sé annsin tuige na cuailleachaí. D'innis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. "An 'sbáinfeá dhom é" adeir sé … = ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneóireacht air
→
flith 1
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas. Níor léar duit das ar bith ionta ag flith agus ruibhléis. Diabhal a leithide de chaoi. Shílfeá nach cheal leasaithe é muis
+
→
fonn
Cheal nach bhfuil aon-fhonn agad? Tá tú cho dona liom fhéin mar sin. Dhá chárta in aon-traghas muid
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé suas a chodladh cheal aon-fhonn cainte a bheith orm = de bharr nach raibh aon-fhonn cainte orm
→
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon-fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thiúrfadh sé dhá chuid fataí anuiridh, cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíomhais é
→
paiteoil
Tá an cáca seo in a phaitfheóil cheal bruitheacháin. Níor hionntuíodh ariamh é. Dheamhan ionntú. Feacha na rologaí atá istigh ann. Ní ar ur ngnatha atá áird agaibh! Níl aon-ghoir agaibh an teallach a fhaire agus a bheith ag seiteamas leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar
Cheal nar bhrath tú é ag siod-gháire fút. Is orm a bhí an fonn leigean chuige, ach dhá n-abróinn tada, bhí faitíos orm go ndéarfainn an iomarca, agus b'fhearr éisteacht leis.
+
→
ith
Ní ceal ithte atá oraibh = tá ithe bhur gcodach ionnaibh; tá goile agaibh.
TUILLEADH (3) ▼
Fhobair nár tháinig lagar orm cheal rud le n-ithe.
Tá mo ghoile dúinte 'cheal rud le n-ithe = ní fhéadfainn tada ithe anois; chuirfinn amach aríst é, mar tá mé an fhad sin ar chéalacan.
Má tá sé 'tabhairt uaidh, ní cheal a sháith le n-ithe é (dubhradh le gamhain) = má tá sé ag dul ar deire nó ag imtheacht as, ní hé an t-ughdar atá leis, nach bhfaghann sé a dhíol beatha)
→
faillí
Dheamhan ceó a thug an "Government" seo dhuinn ariamh, agus ní cheal nachar shaothruigh muid dhá chur isteach é. Ach b'fhéidir leis an aimsir go dtiocfadh maith eicínt uaidh. Tá sé ag dul buille ro-fhada mar sin fhéin. Is maith í an fhoighid, adeir siad, ach is dona í an fhaillí
→
feadh
Ní bheidh cheal ar bith ar an mbean anois, ach ar feadh a fear a bheith i Sasana (nuair a ghabhfas sé go Sasana). Coinneóidh sé deóladh anall léithe.
→
feall 1
Ná bac le feáll a mhic ó. Ní feáll go dtí é! Tá an oiread talúna ag dul amú annsin cheal aire, agus a mhairfeadh comhluadair air gan stró ar bith. Ach cén mhaith a bheith ag caint?
→
feall 2
Chonnaic muid cheana an rud a rinne sé. Thairg sé labhairt le J. B. dhuinn, faoin talamh. Labhair, ach d'fheall sé orainn. Séard adúirt sé leis, gur an iomarca talúna a bhí againn cheana, agus go raibh a leath 'un báin orainn cheal saothruithe
→
feistigh
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós len imeacht? = faoi réir; do chuid éadaighe ort, nó do chuid éadaigh athruithe agad etc
→
feoigh
Na pabhsaethe a chuir mise annsin amuigh, rinne siad buinneáin idtosach, ach shlabhc siad annsin. Maran cheal uisce é. Tá siad feóite ar fad anois, ar chaoi ar bith