ceal
—ainmfhocal
1.
uireasa, easpa, call, cruóg, anó, amhgar, riachtanas.
+–
Cheal fios, cheal stuaim — an t-údar nach ndearna duine rud eicínt nó gur dhúirt sé rud eicínt srl.
Seo é aríst é — cheal fios, cheal stuaim.
TUILLEADH (5) ▼
Deile céard adéarfadh an bobarún — cheal fios, cheal stuaim.
Ní bheadh súil lena mhalrait agat ón amhas bradach — cheal fios, cheal stuaim.
Is suarach an t-ionadh é sin a bheith in éadan an tsagairt — cheal fios, cheal stuaim.
Cheal fios, cheal stuaim — sin é an fáth a ndearna sé é.
B'iontas é mura dtugadh sé sin aisfhreagra ar dhuine — cheal fios, cheal stuaim.
+–
Ní cheal cainte atá air — tá neart cainte aige; bíonn ruibh na cainte air.
Má tá cheal air, ní cheal cainte é ar chuma ar bith. — tá neart cainte aige, bíodh uireasa ar bith eile air nó na bíodh.
TUILLEADH (43) ▼
Dheamhan cheal airgid atá air!; dheamhan a bhfuil de cheal airgid air.
Ní cheal oilc atá air, deirimse leat!; má tá cheal ar bith air, ní cheal drochmhúineadh é.
Is beag nár préachadh muid istigh ar an teallach cheal aon fhód móna a bheith sa teach.
Caillfear thú cheal damhsaí.
Níl cheal feola ar bith anois oraibh. Nach feoil atá le caitheamh amach ag na daoine ar an saol seo!
M'anam nach cheal aicise atá sí sin! — tá an faltanas ina croí.
Níl éirí i mo sheasamh ionam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
Dheamhan coisméig ar bith aige, cheal amhairc. Ní fhaca tú aon duine ariamh nach mbeadh spré eicínt ina shúile ach é, ní dhá roinnt leis é!
Baol ormsa a bheith in ann an chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le déanamh dhom aon cheart a bhaint den tsaill fhéin.
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon chíos ar an gcaint, nó bhánófa t'athair! (putach a bhíodh ag síor-rá i gcónaí)
Ní ghlacfaí é, cheal foghlama. I nDomhnach, shíl mé gur chaith sé siúd i bhfad ag dul chuig an scoil!
Mura bhfuil aon ghníomh ann muis, ní cheal gaisce agus floscaí é.
Dar fia mura bhfuil airgead aige, ní cheal sainte é. Tá a dhá cheann sa talamh i gcónaí aige, an t-antlachán.
Dhéanfadh sé é, dá bhféadadh sé é. Ní cheal fonn atá air ach cheal misnigh.
Tá an faltanas sa mbithiúnach ceart go leor. Ní cheal drochmhúineadh ná drochéisc atá air, ach cheal spreactha agus nirt.
Cheal cúnta atá orm, agus ní leisce.
Cheal tuiscint atá air, go ndéanann sé rudaí den tsórt sin. — easpa tuisceana atá air srl.
Cheal tuisceana a rinne dhó é. — murach easpa tuisceana, ní dhéanfadh sé é.
Murach cheal tuiscint a bheith ort, bheadh luí eicínt agat leis an scoil.
Ar ndóigh chuaigh sé ann, cheal aon splanc chéille a bheith aige.
'Sé an té atá cheal oibre is mó cás leob: ar aon chor, 'sé is mó scéal, má bhíonn aon saothrú ag imeacht.
Cheal cleachtadh atá dhá dhéanamh sin dhuit. Dheamhan a dhath stró a bheas ort ach a mbeidh tú déanta ar an obair — ach a dtaga tú i gcleachtadh na hoibre, ní bheidh mairg ar bith ort.
Nach é an feall an méid sin mílte a fhágáil aige agus a bhfuil cheal airgid.
Is duine dona a bheadh cheal tine agus an méid coille atá ag titim ina críonach ansin thuas.
Is mairg a bheadh cheal beatha!
Nach thú atá thart cheal páipéir nuaíocht'! — nach mór atá sé ag goilliúint ort gan páipéir nuaíochta a bheith agat!
Tá tú thart anois, cheal duine eicínt a mbeifeá ag spochadh leis agus ag séideadh faoi!
Tá sé ina chír thuaifil cheal céile mná a choinneodh caoi air!
Cheal móna! Dhá mbeadh cheal plúir ort mar atá orainne!
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
Níl a sheasamh agam cheal bídh. Is gearr go dtite mé i mbun mo chos.
Tá tú cheal bicycle muis, mura bhfuil agat ach an seanrud sin.
Beidh tú cheal tuíodóra muis, más ina chleithiúnas siúd atá tú — níl aon mhaith ina thuíodóir leis.
Tá tú cheal éadaigh, muis, má tá tú taobh le na breacáin sin ort.
Beidh sé cheal tine muis, más siúd é a bhfuil de mhóin aige.
Tá sé cheal mná muis, má phósann sé an ágóidín siúd. Shéidfeá de do bhois í.
Is le bheith cheal leasaithe do dhuine a bheith ag faire ar an gcladach sin. Dheamhan sop feamainne a tháinig isteach ó Lá Samhna seo ghabh thart.
Is mór an cheal bainseachaí atá ort! — nach mór a theastaíos bainseachaí uait!
Is mór an cheal bicycle atá ort! Bíodh fhios agat gur hiomaí rud is mó a theastaíonns anseo ná bicycle nach bhfuil ann.
Níl aon cheal airgid air; ní cheal airgid atá air.
Níl aon cheal tobac orm, go raibh maith agatsa as ucht.
An bhfuil cheal toitíní ort?
Má tá ceal orm, ní cheal móna é ar chaoi ar bith. I nDomhnach chuirfeadh an portach atá ansiúd thuas agam móin go barr bachall
+–
Déanfaidh tú cheal tae inniu muis, mura réití tú fhéin é.
Caithfidh tú déanamh scaitheamh eile, muis, cheal éadaigh, arae níl an oiread slí againne agus a choinneodh greim inár mbéal, ní áirím a dhul ag ceannacht foireann nua dhuitse aríst ar an toirt.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan déanamh ar bith cheal óil aige, pé ar bith cén cat mara ná léan a bhuail é chor ar bith tharas aon duine.
Níl déanamh ar bith cheal tobac agam fhéin. I nDomhnach ní fhéadfainn uair a chloig d'uireasa gail thobac.
Ní bhíonn déanamh ar bith cheal poitín aige, ó éireos aon bhlas leis chor ar bith. Tá sé chomh dúlaí ann, agus go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann i ngeall lena luach a dhéanamh amach.
Nach mór an smál atá air mura bhfuil aon déanamh thairis aige cheal óil.
+–
Mura bhfuair siad poitín ní cheal a shaothraithe é. Dheamhan teach a d'fhága siad sa dá Bh. nár shiúl siad — chaith siad dúthracht ag tóraíocht an phoitín.
Mura bhfuil bean aige muis, ní cheal a shaothraithe é. Tá an tír tóraithe aige ag iarraidh mná.
TUILLEADH (5) ▼
Mura bhfuil brá gill agus bruithshléacht air, ní cheal a shaothraithe é. Ach níl tada ag éirí leis an duine bocht. Tá an díleá ar a chuid.
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
Ní cheal a shaothraithe atá ortsa, a dhuine bhoicht, mura bhfaighe tú braon óil. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhuit a bheith ag imeacht ag súdaireacht agus ag sclaibéireacht mar atá tú. Tá do cháil faoin tír.
Mura bhfaighe sí na flaithis, ní cheal a shaothraithe é ar chaoi ar bith. Tá cosán dearg déanta chuig an séipéal aici, chuile mhionóid sa ló.
Mura bhféada sé achrann a tharraingt, ní cheal a shaothraithe é. Dheamhan iamh a tháinig ar a bhéal i gcaitheamh na hoíche ach ag iarraidh an cúpla seo thíos a shaighdeadh. Ach níor éirigh an t-ól i stuaic na mbacach fós.
+–
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
Bheinnse ag an aifreann i mo sheanrith murach cheal gan aon tsnáth agam le dhul os comhair na ndaoine.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an baol a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar an méir is faide, murach cheal gan aon deis iompair agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiúl.
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, murach cheal gan fad méire de cheap agam le tada a dhéanamh.
+–
Níl ceal ar bith air — níl tada ag teastáil uaidh; tá chuile rud aige dhá dteastaíonn uaidh; níl mairg ar bith air; níl údar clamhsáin ná casaoide aige, arae níl easpa ná uireasa air.
Dheamhan ceal ar bith ar an mbuachaill sin; níl ceal ná call air; níl ceal ná uireasa air.
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeadh aon cheal air sin, 'sé nach mbeadh i bhfad dhá fhuasaoid.
Sin é an buachaill céanna nach mbeidh aon cheal air nó is cinniúint air é. Má bhíonn an rud le fáil ar uain ná ar éigean, le bladar ná le bréaga, beidh sé aige sin.
An airíonn tú cheal ar bith ort fhéin, a scolóig? — an bhfuil uireasa tada ort a dhuine sin?
Má airím aon cheal orm fhéin, cuirfidh mé scéal chugat agus déanfaidh tú tarrtháil.
Cén cheal atá anois ort?
Is beag an cheal a bheas ar an gcuaille sin feicfidh tú fhéin air!
Má bhíonn aon cheal uirthi sin, feicfidh tú fhéin air nach fada a bheas, má ghníonn gob spleách spleodrach di é — leis an teanga spleodraigh, spleáigh atá aici, mheallfadh sí uait rud ar bith a theastódh uaithi.
I nDomhnach, níl cheal ar bith orm fós más fada gearr go mbeidh.
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thograíonn sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chur ann, agus cé measa beirthe é, arsa tusa.
2.
bain adhmad nó abhras ar bith a thogrós tú as; déan do rogha rud ina thimpeall; glac go réchúiseach nó ar a mhalrait é.
+–
Sin é a rinne mé anois, agus déan do rogha ceal di má thograíonn tú — faigh do rogha locht air; déan do rogha rud ina timpeall; bain do rogha abhrais, nó adhmaid as an méid sin thú fhéin.
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, agus déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as an scéal ar aon chor. — bain thusa do rogha abhrais as
TUILLEADH (8) ▼
An méid millteanais a rinneadh ann, is mise a rinne é, agus déan do rogha ceal di anois.
Húradh (dúradh) liomsa an méid sin a rá agus tá mé dhá inseacht duit anois, gan cor an fhocail a chur air ach léar (de réir) mar a chuala mé fhéin é, agus déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl a fhios agamsa cén súisín é.
Déarfaidh mise suas leis an smut aige gurb é fhéin is ciontaí ó thús deireadh go tosaigh, agus déanadh sé a rogha ceal di más breá leis.
Chaithfinn an chaint cheannann chéanna leis an sagart dhá gcuireadh sé aon chaidéis orm faoi agus cead aige a rogha ceal a dhéanamh di má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ón sagart ach an oiread le duine ar bith eile.
Má tá i ndán is go gcoinneofar an scéal seadaithe i bhfad eile, tiocfaidh mise siar de mo shiúl ionsaí agus inseoidh mé suas dhá béal gurb é a mac fhéin a tharlaigh leis na fataí le airgead fags a fháil. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thograíonn sí.
Ní thiocfaidh mé anonn ná anall leis, ach déarfaidh mé suas leis an bpus aige. Cén bheann atá agam ar aon duine faoin bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach is gearr go gcloise sé uaimse é ar nós ar bith.
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chónóidh mise go seasa mé thíos ar a hurlár agus go n-insí mé dhi cé hiad bratainn bradach na heitinne, agus déanadh sí a rogha ceal di. Ní fhéadfaidh sí gairm chúirte a chur orm ar aon nós faoin fhírinne.
Déan do rogha ceal di má thograíonn tú. Céard atá sa méid adúirt mé leat ach cnáimh crinnte na fírinne.
Féach freisin
→
ceadh
ceal in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh ailí. Ní cheal macnais air muis
→
frídeoir
Shoraidh dhó, an frídeoirín! Ar ndóigh, ní foghail fir atá sé sin in ann a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é ina dhiaidh sin
→
fánach
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
+
→
fíbín
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
TUILLEADH (1) ▼
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
→
baing
Chinn air aon bhaing a bhaint as Tam, ainneoin nach de cheal a shaothraithe é — rinne sé a dhícheall feanc nó cor a bhaint as nó é a leagan, ach chinn air.
+
→
bealadh
Tá an roth an-stodamach cheal bealtha — tá sé docht d'uireasa bealtha.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air ach i ndeir (i ndar) liom fhéin nach ea anois, arae tá aois na hÚire agus na Caillí Béarra aige. Is mór a chruthaigh sé agus seasamh an fhad chor ar bith.
→
beart
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
+
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dhéanamh sin. Murach chomh cuisneach agus a bhí sé, ní bheadh sé beo chor ar bith agus laghad is a fuair sé le n-ithe. Údar maith gamhnach é déarfainn.
TUILLEADH (1) ▼
Níl siad crua cuisneach chor ar bith mar a bheadh éanachaí: agus shílfeá nach bhfuil cheal ar bith orthub.
→
beo 1
Má tá aon deoir le fáil in áit ar bith beo, gheobhaidh sé siúd é, nó ní cheal a shaothraithe é ar chuma ar bith.
→
bior
Mura bhfuil bior eanga uirthi muis, ní cheal aire é, arae tá chuile shórt ar fheabhas aici sin dhá bhfuil sí in ann caitheamh a chur ann.
+
→
bruach
Cheal nach bhfuil sí ar bruach agat fós? (an fheamainn)
TUILLEADH (1) ▼
Tá bruach eicínt ó mhaidin air muis, muran cheal tobac é. Nuair nach mbíonn aon tobac aige is deacair ceart ar bith a bhaint dhó.
→
aer
Chinn air é chuir in aer ainneoin nach cheal a fhiachana é (a fhiachtála: fiachan = fhéachaint) — d'fhéach sé go bog agus go crua lena leagan ach chinn dubh is dubh air
+
→
airigh
Murar airigh sé mé ag glaoch air, ní cheal biorú ar a chluasa é muis.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú agat ná uait an píopa tobac sin agus tá mo theangasa calcaithe cheal gail — scorach a bhí ag iarraidh píopa tobac ar fhear adúirt seo
→
antlás
Mura n-éirí feamainn leis, ní cheal antláis é — mura bhfaighe sé feamainn, ní d'uireasa ampla é
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air murach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapaigh mé é! Bhí sé ina shuí thíos ar cholbha an Charracáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí thoir ar an Meathdhuirling a bhí mé fhéin. 'Lá breá é,' adeir sé … Bhain muid amach sa seanchas. 'Gaeilgeoir thú,' adeirimse. 'Ní hea,' adeir sé. 'Ag fámaireacht atá mé.' D'fhiafraigh sé ansin tuige na cuailleachaí. D'inis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. 'An 'speáinfeá dhom é,' adeir sé … — ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneoireacht air
→
flith 1
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas. Níor léir duit das ar bith iontu ag flith agus ruibhléis. Diabhal a leithide de chaoi. Shílfeá nach cheal leasaithe é muis
+
→
fonn
Cheal nach bhfuil aon fhonn agat? Tá tú chomh dona liom fhéin mar sin. Dhá chárta in aon traghas muid
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé suas a chodladh cheal aon fhonn cainte a bheith orm —de bharr nach raibh aon fhonn cainte orm
→
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thabharfadh sé dhá chuid fataí anuraidh cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíobhais é
→
paiteoil
Tá an cáca seo ina phaiteoil cheal bruitheacháin. Níor hiontaíodh ariamh é. Dheamhan iontú. Féacha na rologaí atá istigh ann. Ní ar bhur ngnaithe atá aird agaibh! Níl aon ghair agaibh an teallach a fhaire agus a bheith ag seiteamas leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar
Cheal nár bhraith tú é ag siodgháire fút. Is orm a bhí an fonn ligean chuige, ach dhá n-abróinn tada, bhí faitíos orm go ndéarfainn an iomarca agus b'fhearr éisteacht leis.
+
→
ith
Ní ceal ite atá oraibh — tá ithe bhur gcodach ionaibh; tá goile agaibh
TUILLEADH (3) ▼
Fhóbair nár tháinig lagar orm cheal rud le n-ithe
Tá mo ghoile dúnta cheal rud le n-ithe — ní fhéadfainn tada a ithe anois; chuirfinn amach aríst é mar tá mé an fhad sin ar chéalacan
Má tá sé ag tabhairt uaidh, ní cheal a sháith le n-ithe é (dúradh le gamhain) — má tá sé ag dul ar deireadh nó ag imeacht as, ní hé an t-údar atá leis nach bhfaigheann sé a dhíol beatha
→
faillí
Dheamhan ceo a thug an Government seo dhúinn ariamh agus ní cheal nár shaothraigh muid dhá chur isteach é. Ach b'fhéidir leis an aimsir go dtiocfadh maith eicínt uaidh. Tá sé ag dul buille rófhada mar sin fhéin. Is maith í an fhoighid, adeir siad, ach is dona í an fhaillí
→
feadh
Ní bheidh cheal ar bith ar an mbean anois ach ar feadh a fear a bheith i Sasana (nuair a ghabhfas sé go Sasana). Coinneoidh sé deoladh anall léithe.
→
feall 1
Ná bac le feall a mhic ó. Ní feall go dtí é! Tá an oiread talúna ag dul amú ansin cheal aire, agus a mhairfeadh comhluadair air gan stró ar bith. Ach cén mhaith a bheith ag caint?
→
feall 2
Chonaic muid cheana an rud a rinne sé. Thairg sé labhairt le J. B. dhúinn, faoin talamh. Labhair, ach d'fheall sé orainn. Séard adúirt sé leis gur an iomarca talúna a bhí againn cheana agus go raibh a leath chun báin orainn cheal saothraithe
→
feistigh
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós le n-imeacht? — faoi réir; do chuid éadaí ort, nó do chuid éadaigh athraithe agat srl.
→
feoigh
Na pabhsaetha a chuir mise ansin amuigh, rinne siad buinneáin i dtosach ach shleabhac siad ansin. Muran cheal uisce é. Tá siad feoite ar fad anois ar chaoi ar bith