Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ceannfhearann
Iolraidh ceann-fhearannachaí
+
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
Ní mhillfidh tú tada má shiúileann tú soir an ceann-fhearainn. Tá réiteach fada fairsing agad ann.
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chliath fágha ar an gceann-fhearann thuas san ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
Loic na fataí ar fad ar an gceann-fhearainn sin thíos.
Déanfaidh mé ceann-fhearainn annseo. Leigfidh mé na giotaí suas go huachtar ingreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile annsin thall ag an gcloich
An dtarraingeóidh tú amach in a gceann-fhearann iad annseo. Bheadh sé cho maith na hiomrachaí a leigean síos in a ladhrógaí go dtí claise an tsrotha. Déanfamuid crúbáin ann

Féach freisin