ceannfhearann
—iolra cheannfhearannachaí
—
+–
Tá ceannfhearann (ceannfhearainn) ann — an leathfhód le claí; an chiumhaiseog a fhanas timpeall le claí gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in iarthar na Gaillimhe (le farraige — tá an chiall réamhráite i Maigh Cuilinn agus i nGnó Mhór) tugtar amantaí é ar na cúilíní beaga — agus iad i ngreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrutha nó le claí san áit nach dtéann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. I dtalamh nach dtreabhtar, ní fhágtar mórán de chiumhaiseoig le claí ann agus b'fhéidir gur i ngeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas ceannfhearann ar áiteachaí mar seo, an leathfhód le claí a thugas siad ar an headland féin
Ní mhillfidh tú tada má shiúlann tú soir an ceannfhearainn. Tá réiteach fada fairsing agat ann.
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chliath fágtha ar an gceannfhearann thuas sa ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
Loic na fataí ar fad ar an gceannfhearainn sin thíos.
Déanfaidh mé ceannfhearainn anseo. Ligfidh mé na giotaí suas go huachtar i ngreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile ansin thall ag an gcloich
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
Féach freisin
→
fearann