Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ceartú
briathar
ainm-fhocal amanntaí
an t-aon chiall amháin atá leis inGaillimh, scéal nó ceist nó rud a mhíniú nó a chur i dtuiscint do dhuine eile; bun ughdar, fios fátha scéil a's chuile shórt in a thimcheall a chur idtuiscint do dhuine eile. Dhá dtrian de'n "cheartú" go minic na goithtí.
+
Déan an scéal a cheartú dhó.
Chaith sé an lá a' ceartú dhom thíos ar a' mboithrín. Is aige atá ughdar chuile shórt. Ach is beag a' dochar dhó, a's gur a' léigheamh a chaithea(nn)s sé a shaoghal.
TUILLEADH (12) ▼
Breagh nar fhan tú go gceartuighead sé an scéal duit.
Rinne sé clogán streille de'n oidhche a' ceartú dhom, faoi'n 'dole' a's faoi Debhelera a's faoi na 'Blue Shirts'. 'Sé atá indon an chaoi a chuir ar a' saoghal.
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonnaic tú ariamh a' ceartú scéil. Bheadh ciall in a leithide!
Baineann sé an lá as 'chuile shórt, a's dheamhan ceartú a bhío(nn)s aige ar aon-scéal 'na dheidh sin. Tharraingeochad sé anuas míle scéal agad in éindigh, a's dheamhan adhmad a bheitheá indon a bhaint as aon-cheann aca(b).
Tá mé siún siunncaighthe aige ó mhaidin, a' ceartú dhom, faoi 'scholarships', a's faoi na bheirt inghean atá imthighthe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon-duine ariamh i gcoláiste cheana, ach a bheirt inghean fhéin.
Ní fhéadfadh sé rud a' bith a cheartú duit — go fiú's an rud is fánaighe beo — gan na goithtí sin. Goithtí ar fad é.
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú a's a chur ingéill (igcéill?) dó, chaithfeadh sé áirde 'thabhairt air.
Mara bhfuil tú indon é 'cheartú dom, d'uireasbha a bheith do mo dhornáil, fág mar sin. Ní éadáil mhór dhomsa mo chnámha a bheith leonta de bharr do chuid ceartú-sa.
Is fhearr uaidh scéal a cheartú dhuit ná ó mháighistir scoile. 'Sé atá indon an tslis mhín a chuir ar a' gcaint. Ach cá bhfágfadh sé é.
Chaith sé an oidhche ar a' gceartú sin.
Bíodh foighid aghad a dhuine sin, go gceartuighthear an scéal duit! Cé'n áirge dhuit anbháthadh a thoidheacht mar sin ort.
Imthigheamuid sul a dteaga sé nó ní thiocfa iabh air ar feadh an lae, ach a' ceartú, a's a' cíbleadh cainnte.

Ceartú in iontrálacha eile (7)

+
fios
Ab shin é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis = ní thuigim an scéal d'uireasa tuille mínithe
TUILLEADH (1) ▼
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labharha aige cho maith le M. Bh. annsin thoir. Is cliú don tír é, agus an chaoi a bhfuil sé indon a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
 
Chaith mé leath-uair a' ceartú dhó, ach bhí sé chomh neamh-áirdeamhail sin, a's go sílim, nar thill morán di in a cheann.
 
Fleascaigh bradacha atá istigh ar an mbaile sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul ag ceartú do scéal do mhúille le dhul dhá cheartú dóibh sin
 
diaidh
Dhá dteagadh sé isteach idteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul indiaidh a leathtaoibhe go bráth go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimnigheann sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh annseo, agus níor airigh sé go bráthach é go dtáinic sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn ins an gclúid thall é
 
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
 
Is geall le sean-dall glic annsiúd sa gclúid é, ag ceartú. Ba bheag ab aite leis muise an oíche cheana go bhfuighteá-sa locht ar bith ar a chuid cainte