—
fear dhéanta ciseog a's ciseán. Bhíodh an chiseadóireacht in a ceird in áiteacha roimhe seo, ach tá sí a' dul i léig go mór.
+–
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
Caithfe mé a dhul go dtí ciseadóirí An Taobh Mín, go bhfagha mé ciseán ceart déanta, faoi chomhair mo mhná. Níl aon-mheas aice ar chiseáin na h-áite seo. (magadh a's fonóid).
TUILLEADH (6) ▼
Níl na ciseadóirí ann anois mar bhíodh fadó.
Caithfe mé ciseadóirí a fhaghail in áit eicínt, a's aimsir lae a's bliadhain a chuir air, go ndéana sé sos chiseán a's chiseoga dhaoib.
Dheamhan fad méire de chiseán agam a dtiubhrainn scór uibheacha 'na S. leis, a's gan aon-chiseadóir sa tír mar a dteighe [tú] siar go dtí L.
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
'Sé M. tír na gciseadóirí a's na gcaoladóirí. Nach as a thaga(nn)s cléibh, ciseáin, a's cléibhíní ime na tíre. Ach is dhóibh is fusa: nach bhfuil sail ag dul siar in a mbéal ann!
Sé'n ciseadóir is fhearr sa tír anois é, ó cailleadh T. Ch. ach is beag an ghoir a bhí aige ar sin a' deanamh ciseáin.
Ciseadóir in iontrálacha eile (3)
→
froigisí
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
→
deasaigh
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasóchadh í. Dhéanfadh sé ciseog nuadh di
→
dlaoinín
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam agus caoladóir maith freisin