Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ciseadóir
ainmfhocal, firinscneach
ginideach aonta: ciseadóra
uimhir iolra: ciseadóirí
fear dhéanta ciseog agus ciseán. Bhíodh an chiseadóireacht ina ceird in áiteacha roimhe seo, ach tá sí ag dul i léig go mór.
+
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
Caithfidh mé a dhul go dtí ciseadóirí An Taobh Mín go bhfaighe mé ciseán ceart déanta faoi chomhair mo mhná. Níl aon mheas aici ar chiseáin na háite seo. (magadh agus fonóid)
TUILLEADH (6) ▼
Níl na ciseadóirí ann anois mar a bhíodh fadó.
Caithfidh mé ciseadóirí a fháil in áit eicínt, agus aimsir lae is bliain a chur air, go ndéana sé sos chiseán agus chiseoga dhaoibh.
Dheamhan fad méire de chiseán agam a dtabharfainn scór uibheacha 'na S. leis, agus gan aon chiseadóir sa tír mura dté tú siar go dtí L.
An bhfuil a fhios agat áit ar bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog agus ciseán dhom. Ó d'imigh S. Mh., dheamhan duine istigh ar an mbaile acmhainneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
'Sé M. tír na gciseadóirí agus na gcaoladóirí. Nach as a thaganns cléibh, ciseáin, agus cléibhíní ime na tíre. Ach is dhóibh is fusa: nach bhfuil sail ag dul siar ina mbéal ann!
'Sé an ciseadóir is fhearr sa tír anois é ó cailleadh T. Ch., ach is beag an ghair a bhí aige air sin ag déanamh ciseáin.

ciseadóir in iontrálacha eile (3)

 
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa anseo fadó agus chuir sé an oiread frogaisí air agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar ansin sa seomra. Bhí sé ródheas le dhul ag streachailleacht leis
 
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasódh í. Dhéanfadh sé ciseog nua di
 
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam, agus caoladóir maith freisin