—
a.
airgead nó éadáil nó pruchóg a bheadh faoi dhraoidheacht sa talamh (ar seo is mó a tugtar anois é).
+–
Tá ciste faoi'n leic sin adeir siad.
Tháinic neach go dtí é trí oidhche imbéal a chéile, a's dubhairt sé leis go raibh ciste faoi chac mada sa bPáirc Eirbh, ach fear de mhuinntir Droighneáin a thabhairt leis, dhá thóruigheacht. Dheamhan caidéis a chuir mo shean-athair air, ní ba mhó. Tá'n ciste 'san áit chéadna fós.
TUILLEADH (6) ▼
Tá ciste aige in áit eicínt, le na mbíonn d'airgead aige, a's shílfeá é, gan slighe a' bith ó Dhia anuas.
Fuair sé ciste eicínt, le goirid, a's chomh fairsing a's tá airgead aige. Tá puint in a spré-mhóin aige.
Meastú cá gcoinnigheann sí an ciste?
Deir siad go bhfuil ciste thar a chéile annsin thoir inGarrdha na hUilleabhair (Il-iubhair?), ach go bhfuil siad faoi dhraoidheacht.
Is minic ariamh a chuala mé go raibh ciste annsin, ach nach raibh aon-ghoir ag aonduine é 'thaobhachtáil ag cut atá in a chíonn.
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
b.
maoin; airgead tirm; cuid.
+–
Níl ciste ná stór agham = níl aon-airgead agham.
Dheamhan aithne air nach ciste atá aghamsa, go bhféadfainn a bheith a' caitheamh aige 'chuile phuinnte.
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfaighead sé sin ciste ná stór riu, ar leacrachaí an Ch. Gh.!
M'anam muise go bhfuair tú amach an té a mbeadh ciste a's stór aige, S. Ph. Mh.!
Dheamhan ciste ná stór a thug sé as Meriocá. Má thug sé an chulaith éadaigh fhéin as, 'sé a chloch neart é.
Má tá ciste agus stór aige anois, teastócha sé uaidh. Is mór atá aige, nó is maith an poll a chuirfeas spré a sheisear inghean ann.
Ciste in iontrálacha eile (10)
→
buail ar
Long luchtaighthe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tárluigheadh a' t-ór aiste go Garrdha na h-Iliúir (?), a's tá'n ciste faoi dhraoidheacht annsin ó shoin.
→
airigh
Caithfe sé go n-airigheann sé ciste (i.e. ór faluighthe) ingarruidhe na h-Iothlann, mar's ann atá sé ó tháinic earrach.
→
deis
Shanntuigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an inghean ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon-neach a theacht chuige!
Badh shin é féin a dhul ag brughadh ar an doicheall, a dhul isteach go dtí iad sin. Tá mé ag ceapadh nar fhéad aon-fhear ariamh a rádh go bhfuair sé cupán tae ann. Dhá gcastaí ann thú faoi chéad agus iad ag ithe ní thairgfeadh siad a dhath dhuit. Badh iad an dream ba ghortaighe iad a shiubhail ariamh talamh ná féar. Bhí a shliocht orra: d'fhága siad cistí airgid in a ndiaidh.
→
dol 1
Tá dolaí móra airgid aige. Meastú cá'il sé dhá fháil. Níl a fhios agam nach bhfuil ciste aige in áit eicínt: bheadh ciall in a leithide thar agus daoine eile nach bhfuil ciste ná stór aca
→
domhan
Ní thuigfeadh duine 'san domhan bráthach céard atá sé a dhéanamh ag mianadóireacht san ngarrdha siúd le bliain. Mara bhfuil ciste faighte aige!
+
→
draíocht
Tá draoidheacht ar na cistí sin ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Tá ciste annsin thuas i nG. an tSl. se'agaibhse agus é faoi dhraoidheacht. Níl indán fáil air go dteagaidh triúr de mhuintir Dh. — trí cholceathar — agus gheobhaidh siadsan é.
→
dubhadh
Bhí dubhadh na mbóithrí de bheithigh aige ar an aonach inniu. Chuaigh sé siúd thar cíonn indeis le goirid, hébrí cár eirigh sé leis. Is geárr ó nach raibh bonn bán air. Ciste a fuair sé in áit eicínt. Ní hé féin a shaothraigh é ar chaoi ar bith
→
téigh ar
Cé air a ndeachaidh an carr. Ormsa. 'D'eile. Síleann siad seo eile go bhfuair mise ciste in áit eicínt: nach bhfuil tús ná deireadh le mo chuid airgid = mise ab éigin an carr a íoc