—
a.
airgead nó éadáil nó prochóg a bheadh faoi dhraíocht sa talamh (air seo is mó a tugtar anois é).
+–
Tá ciste faoin leic sin adeir siad.
Tháinig neach go dtí é trí oíche i mbéal a chéile agus dúirt sé leis go raibh ciste faoi chac mada sa bPáirc Eirbh, ach fear de mhuintir Droighneáin a thabhairt leis dhá thóraíocht. Dheamhan caidéis a chuir mo sheanathair air ní ba mhó. Tá an ciste san áit chéanna fós.
TUILLEADH (6) ▼
Tá ciste aige in áit eicínt lena mbíonn d'airgead aige, agus shílfeá é gan slí ar bith ó Dhia anuas.
Fuair sé ciste eicínt le gairid agus chomh fairsing is atá airgead aige. Tá puint ina sprémhóin aige.
Meas tú cá gcoinníonn sí an ciste?
Deir siad go bhfuil ciste thar a chéile ansin thoir i nGarraí na hUilleabhair (Il-iúir?), ach go bhfuil siad faoi dhraíocht.
Is minic ariamh a chuala mé go raibh ciste ansin, ach nach raibh aon ghair ag aon duine é a thaobhachtáil ag cat atá ina chionn.
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
b.
maoin; airgead tirim; cuid.
+–
Níl ciste ná stór agam — níl aon airgead agam.
Dheamhan aithne air nach ciste atá agamsa go bhféadfainn a bheith ag caitheamh aige chuile phointe.
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfaigheadh sé sin ciste ná stór riu, ar leacrachaí an Ch. Gh.!
M'anam muise go bhfuair tú amach an té a mbeadh ciste is stór aige, S. Ph. Mh.!
Dheamhan ciste ná stór a thug sé as Meiriceá. Má thug sé an chulaith éadaigh fhéin as, 'sé a chlochneart é.
Má tá ciste agus stór aige anois, teastóidh sé uaidh. Is mór atá aige nó is maith an poll a chuirfeas spré a sheisear iníon ann.
ciste in iontrálacha eile (10)
→
buail ar
Long luchtaithe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tarlaíodh an t-ór aisti go Garraí na hIliúir (?), agus tá an ciste faoi dhraíocht ansin ó shin.
→
airigh
Caithfidh sé go n-airíonn sé ciste (.i. ór folaithe) i ngarraí na hiothlann, mar is ann atá sé ó tháinig earrach.
→
deis
Shantaigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an iníon ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon neach a theacht chuige!
Ba in é féin a dhul ag brú ar an doicheall, a dhul isteach go dtí iad sin. Tá mé ag ceapadh nár fhéad aon fhear ariamh a rá go bhfuair sé cupán tae ann. Dhá gcastaí ann thú faoi chéad agus iad ag ithe, ní thairgfeadh siad a dhath dhuit. Ba iad an dream ba ghortaí iad a shiúil ariamh talamh ná féar. Bhí a shliocht orthu: d'fhága siad cistí airgid ina ndiaidh
→
dol 1
Tá dolaí móra airgid aige. Meas tú cá'il sé dhá fháil. Níl a fhios agam nach bhfuil ciste aige in áit eicínt: bheadh ciall ina leithide thar is daoine eile nach bhfuil ciste ná stór acu
→
domhan
Ní thuigfeadh duine sa domhan brách céard atá sé a dhéanamh ag mianadóireacht sa ngarraí siúd le bliain. Mura bhfuil ciste faighte aige!
+
→
draíocht
Tá draíocht ar na cistí sin ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Tá ciste ansin thuas i nG. an tSl. s'agaibhse agus é faoi dhraíocht. Níl i ndán fáil air go dteaga triúr de mhuintir Dh. — trí chol ceathar — agus gheobhaidh siadsan é
→
dubhadh
Bhí dubhadh na mbóithrí de bheithígh aige ar an aonach inniu. Chuaigh sé siúd thar cionn i ndeis le gairid, hé brí cár éirigh sé leis. Is gearr ó nach raibh bonn bán air. Ciste a fuair sé in áit eicínt. Ní hé féin a shaothraigh é ar chaoi ar bith
→
téigh ar
Cé air a ndeachaigh an carr. Ormsa. Deile. Síleann siad seo eile go bhfuair mise ciste in áit eicínt: nach bhfuil tús ná deireadh le mo chuid airgid — mise ab éigean an carr a íoc