Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Clabaireacht
síor-chainnt; sior-mheilt cainnte; a scithleigeadh cainnte; creimireacht, biadán, cúl-chainnt nó a leithidí.
+
A' dteagann iabh a' bith ort ach a' clabaireacht?
Bíonn sé ar aon-táirm amháin a' clabaireacht i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (8) ▼
Ara leig de do chuid clabaireacht, a's ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort, nach dtiubhra daoine áird ort.
Chaith sé an oidhche a' cainnt 's a' clabaireacht, a's gan goir ag aon-duine eile a bhéal a oscal aige.
InDomhnach níl gnaoi 'bith agamsa ar a chuid clabaireacht' sin. 'Chuile bhall aghamsa ach clabaire. Níor thaithnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
Beidh tú ar siubhal go dtuga mise luach do chuid clabaireacht' duit ó fhada go dtí é.
Dheamhan táirm a' bith a bhuail é a' clabaireacht go dtáinic sé sin isteach.
Tá déanamh maith d'uireasbha do chuid clabaireacht-sa agham, anois, bíodh 'fhios agad.
Ní clabaireacht a bhainfeas móin daoib — ní h-eadh sin!
Cá'ide a chaith sé ar a' gclabaireacht siúd?

Féach freisin

cab

Clabaireacht in iontrálacha eile (11)

 
cíos
Dhá mbeadh aon-chíos ar a' gcainnt, deir (dar) liom fhéin, nach mbeadh an oiread clabaireacht' ag cuid de na daoine, a's 'bhío(nn)s aca(b).
 
Má bhíonn duine mín tláth agus gan síomálachaí ar bith a tharraint air fhéin, 'leabharsa ní chuirfidh aon-duine chuige ná uaidh. Ní bhriseann deagh-ghlór fiacail. An iomarca clabaireacht a bhriseas iad
 
abair
Abair nach fear é a ghlacfadh mórán clabaireacht' ó aonduine
 
Diachta ghéar gan an Nodlaig chéadna tharainn dá mbadh rud é a dhúinfeadh 'u' (bhur) mbéal. Níor thug sib forus ná suaimneas duinn le mí ach í in a leathrann agaibh len 'u' (bhur) mbricfeasta, agus len 'u' suipéar. An uair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibse ná aon-duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breagh nach leigfeadh sibh dá 'u' gcuid clabaireacht' annsin fúithe.
 
Brisfidh mé mo chuid ailt ar dhroichead do smaoise, mara leigidh tú de do chuid clabaireacht'. Is deas an buachaill óg thú
+
droim
Bíonn gláimhthéisc agus gárdaí an tsaoghail mhóir aige. Shílfeá len a chloisteáil ag clabaireacht mar sin go ndéanfadh sé cat agus dá rioball, ach is furasta a chur dhá dhruim in a dheidh sin. Níl aon-chur leis ann nuair a theagas an crudh ar an táirnge
TUILLEADH (1) ▼
'Sí do chuid clabaireacht' a chuir de dhruim seoil mé. Tá sé ag dul 'un seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosuighidh mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin, nach raibh agam ó thús go deireadh scathamh. Ach tá an chuímne ag imeacht uaim uiliog anois
 
duine
Duine ar bheagán clabaireacht' é sin
 
dóigh 1
D'innseochainn dó é, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí brat aca timcheall air, agus ní chloisfeá méir i gcluais len a raibh de chlabaireacht agus de shioscadh aca. Shílfeá freisin go raibh sé de bheith orra fanacht annsin nó go n-imigheadh seisean. Bhí mé le buile agus le báine, ach d'fhéad mé fuarú ins an gcraiceann céadna ar théigh mé ann, ar scáth a raibh d'áird aca siúd orm
 
dún
Nach breagh nach ndúinfeá do chaiseal agus gan a bheith ag bodhrú na ndaoine le do chuid clabaireachta
 
Tá sé ag dul thríom fód móna a sháthadh siar in do bhéal, dhá gceapainn go mbadh rud é a chuirfeadh ó chlabaireacht thú. Nach breagh nach dtiubharfá scíth de do theanga uair eicínt, agus gan a bheith ar an táirm chéadna igcomhnaí