Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Criogaide
Ainm-fhocal: Baininscneach
iolraidh: criogaidí.
iarraidh bheag, nó cnagairt, go h-áithrid iarraidh a bhéarfá uait le ailt do dhorna.
+
Bhuail sé criogaide orm.
Má thugaimse criogaide dhuit, feicfe tú fhéin air, go bhfanfa tú suaímneach.
TUILLEADH (13) ▼
Thug sé criogaide de na h-ailt dhom aniar sa gcúl, a's dheamhan bréag nach hé a ghortuigh mé.
Is fánach a' chriogaide a' ghortóchadh duine ar a' tsúil. An tsúil, an ghlúin a's an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulannach ar thada.
Is beag a' chriogaide uaidh siúd, a dhéanfadh smíste de dhuine. Nach bhfuil sé chomh láidir le Goll Mac Móirne!
Dheamhan lúd ná láthar sa dithreabhach siúd. Má thugann tú aon-chriogaide amháin dó, fágfa tú sínte é.
Má thugaimse criogaide dhuit cuirfe mé codladh ort.
B'fhearr dhuit gan a bheith 'míoladóireacht liomsa, nó mo choinsias, (a)'s dar m'anam, tiubhra mise criogaide dhuit a gcuimhneocha tú uirre.
Deir siad nach mbeadh call duit a thabhairt do dhuine ach criogaide sa gcamóig ara, a's nach bhfágfá deoir ann.
Bhuail sé criogaide beag de'n mhaide ar a' mbó, ach bhuail sé 'san áit chontráilte í, ar a' dúil fhiadha. Dheamhan easna dhi nar thuit in a staic ar a' mbó. Dhá mbeadh sé de mheabhair ann, 'séard a bhí aige a dheanamh, laisc eile a thabhairt di, ar a' taobh eile, a's ní fhágfad sin aon-cheo uirre.
Buail duine eicínt eile. Níor dhligh mise do chuid criogaidí uait chor a' bith.
Ní dhéanfa mise aon-ailtíní leat, arae tá criogaide uait chomh géar le rásúr.
Is measa criogaide uaidh siúd, ná dhá dtugadh duine eile a shean-dorna dhuit.
Má thugann tú aon-chriogaide dhomsa aríst, diabhal mise ann, mara bhfaighe tú cumaoin do láimhe. Mar sin, b'fhearr dhuit, eirghe as in am. = má bhuaileann tú de chriogaide mise aríst, ní bheidh agad ach malrait (buailfe mé criogaide ort in omós, criogaide is mó b'fhéidir ná thug tú fhéin uait).
Leig de do chuid criogaidí anois. Dhá gcuirtheá-sa aníos, gacha le cliabh feamuinne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugad anois.

Féach freisin

Criogaide in iontrálacha eile (5)

 
Deirimse leat, dhá bhfaghadh an bollaire sin, cupla criogaide maith isteach ar a' mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainnte a thabhairt dó.
 
buail
Bhuail sé criogaide air (dorna, leadóg, cuaibhtheach de dhorna, laisc, iarraidh, fadhb, pléisc, punntán buille, snaidhm etc)
 
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois in áit a bhfaca sé bosca tae agam th'éis na Gaillimhe, agus ní bheadh fíth ná feáin air go bhfághadh sé é. An uair nach bhfuair, thosuigh sé ag gárthaighil, agus tharraingeochadh sé ba bodhra as coillte len a chuid síonaighle, nó gur thug mé cupla criogaide dhó. Tháinig meacan annsin ann — meacan droch-mhúineadha. Tá sé ag diúgaireacht ó shoin. Ag ceapadh go bhfuighidh sé an bosca sin agus gan goir ar bith aige air. Cé'n ghoir a bheadh aige air?
 
Má theigheann sí chun dodaighil' ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla criogaide aniar ar an dromán uirre, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin 'un míneadais í. Mara gcuiridh fág annsin í go trathnóna, gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
 
Tá neart drochmhúineadh san mbodach. Is maith gasta a bheadh sé sin ag tabhairt criogaide (cniogaide) dhuit, dhá gcuirtheá aon-mhúisiam air