Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cniogaide
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cniogaidí
iarraidh bheag, nó cnagairt, go háirid iarraidh a bhéarfá uait le ailt do dhorna.
+
Bhuail sé cniogaide orm.
Má thugaimse cniogaide dhuit, feicfidh tú fhéin air go bhfanfaidh tú suaimhneach.
TUILLEADH (13) ▼
Thug sé cniogaide de na hailt dhom aniar sa gcúl agus dheamhan bréag nach é a ghortaigh mé.
Is fánach an chniogaide a ghortódh duine ar an tsúil. An tsúil, an ghlúin, agus an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulangach ar thada.
Is beag an chniogaide uaidh siúd a dhéanfadh smíste de dhuine. Nach bhfuil sé chomh láidir le Goll Mac Móirne!
Dheamhan lúd ná láthar sa díthreabhach siúd. Má thugann tú aon chniogaide amháin dó, fágfaidh tú sínte é.
Má thugaimse cniogaide dhuit, cuirfidh mé codladh ort.
B'fhearr dhuit gan a bheith ag míoladóireacht liomsa, nó mo choinsias is dar m'anam, tabharfaidh mise cniogaide dhuit a gcuimhneoidh tú uirthi.
Deir siad nach mbeadh call duit a thabhairt do dhuine ach cniogaide sa gcamóig ara agus nach bhfágfá deoir ann.
Bhuail sé cniogaide beag den mhaide ar an mbó, ach bhuail sé san áit chontráilte í, ar an dúilia. Dheamhan easna dhi nár thit ina staic ar an mbó. Dhá mbeadh sé de mheabhair ann, séard a bhí aige a dhéanamh, lasc eile a thabhairt di ar an taobh eile, agus ní fhágfadh sin aon cheo uirthi.
Buail duine eicínt eile. Níor dhligh mise do chuid cniogaidí uait chor ar bith.
Ní dhéanfaidh mise aon ailtíní leat, arae tá cniogaide uait chomh géar le rásúr.
Is measa cniogaide uaidh siúd ná dhá dtugadh duine eile a sheandorna dhuit.
Má thugann tú aon chniogaide dhomsa aríst, diabhal mise ann mura bhfaighe tú comaoin do láimhe. Mar sin, b'fhearr dhuit éirí as in am — má bhuaileann tú de chniogaide mise aríst, ní bheidh agat ach malrait. Buailfidh mé cniogaide ort ina ómós, cniogaide is mó b'fhéidir ná thug tú fhéin uait.
Lig de do chuid cniogaidí anois. Dhá gcuirtheása aníos gacha le cliabh feamainne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugat anois.

Féach freisin

cniogaide in iontrálacha eile (7)

 
I nDomhnach muise, is dathúil an scéal agam é má éiríonn cuimleachán den tsórt sin i mo mhullach. Cuirfidh mise luí fia de chniogaide air sin lá eicínt.
 
Deirimse leat, dhá bhfaigheadh an bollaire sin, cupla cniogaide maith isteach ar an mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainte a thabhairt dó.
 
buail
Bhuail sé cniogaide air (dorna, leadóg, cuaifeach de dhorna, lasc, iarraidh, fadhb, pléisc, puntán buille, snaidhm srl.)
 
Ní spóirt ar bith a bhíos aige sin. Téann sé thar fhulaing léithe. Tá sé dhá thuaradh dhó fhéin muis. Is gearr go dtuga duine eicínt cniogaide dhó.
 
'Sé an fáth a bhfuil sé ar an diúgaireacht sin anois, an áit a bhfaca sé bosca tae agam théis na Gaillimhe, agus ní bheadh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé é. Nuair nach bhfuair, thosaigh sé ag gárthaíl, agus tharraingeodh sé ba bodhra as coillte lena chuid sianaíola nó gur thug mé cupla cniogaide dhó. Tháinig meacan ansin ann — meacan drochmhúineadh. Tá sé ag diúgaireacht ó shin. Ag ceapadh go bhfaighidh sé an bosca sin agus gan gair ar bith aige air. Cén ghair a bheadh aige air?
 
Má théann sí chun dodaíola ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla cniogaide aniar ar an dromán uirthi agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin chun míneadais í. Mura gcuire, fág ansin í go tráthnóna gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
 
Tá neart drochmhúineadh sa mbodach. Is maith gasta a bheadh sé sin ag tabhairt cniogaide dhuit dhá gcuirtheá aon mhúisiam air