codail amach
—
+–
Chodail sé amach = chodail sé deireannach sa maidin.
Nach tú chodail amach.
TUILLEADH (5) ▼
Mara gcodluighe mé amach é, tá mé ceart go leor.
Tabhair cead dom é 'chodailt (chodladh) amach, imbáireach.
Ná codail amach imbáireach fharrus ariamh.
Má theigheann tú a chodladh in am, ní chodlócha tú amach é ar maidin.
Ní dóichide rud dhá ndéanadh sé siúd ná é 'chodailt amach.
codail amach in iontrálacha eile (6)
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Caithfidh sé siúd amach iad. M'anam gurb air nach mbeidh an scrubal mo léan. Agus cead aca deallrú chois an bhóthair má's breagh leo. Má dheallruigheann féin dheamhan a mbainfidh sé codladh na h-oíche dhó siúd
→
dubh 2
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
→
díocas
Níl aon-fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na h-oíche ach an fear thoir.
→
dúisigh
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh in a dhúiseacht, agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad, ina dheidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach 'un cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air