Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
codail amach
+
Chodail sé amach — chodail sé deireanach sa maidin
Nach tú a chodail amach.
TUILLEADH (5) ▼
Mura gcodlaí mé amach é, tá mé ceart go leor.
Tabhair cead dom é a chodailt (chodladh) amach amárach
Ná codail amach amárach tharas ariamh.
Má théann tú a chodladh in am, ní chodlóidh tú amach é ar maidin.
Ní dóichíde rud dhá ndéanadh sé siúd ná é a chodailt amach.

codail amach in iontrálacha eile (7)

 
Sin é amach an bealach agat, ach má thaobhaíonn tú an teach seo aríst anocht, codlóidh tú amuigh.
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
Caithfidh sé siúd amach iad. M'anam gurb air nach mbeidh an scrupall mo léan. Agus cead acu deallrú chois an bhóthair más breá leo. Má dheallraíonn féin, dheamhan a mbainfidh sé codladh na hoíche dhó siúd
 
dubh 2
Teann amach dubh na fríde nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúilic inti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
 
Níl aon fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na hoíche ach an fear thoir
 
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh ina dhúiseacht agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad ina dhiaidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach chun cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air