Coilgneach (cuilgneach)
—is mó a bhaineas sé le (2) a's a leithidí.
1.
rudaí tadhalla nó teangmháilte, cuilgne a bheith ar rud.
+–
Níl aon-bhreac i bhfairrge is coilgnighe ná'n cat mara adeir siad.
Fainic do mhéir (mhéar) ar a' sceannadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil fhios agad, gurab shin é an rud is coilgnighe beo. Má bhaineann sé ailp asad, comhairleocha sin thú b'fhéidir.
TUILLEADH (7) ▼
Tá na ceanna cruacháin sin an-choiligneach, le breith orra(b).
Ní fheicfeá rud a' bith chomh coiligneach leis an gcluan mara.
Tá cuid de na h-iascáin sin fhéin sáthach coilgneach, agus sáthach géar le bheith dhá láimhseáil. Diabhal bréag nach bhfuil.
Is coilgneach a' breaicín é an bod gorm.
Tá'n t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon-tsubhachas ná aon-tsolamar a fhaghail orra(b).
Tá na blatháin bheaga sin ro-choilgneach le n-ithe ag mo leithide-sa. Drad maith fhéin nar mhór dhuit le dhul 'na n-éadan sin.
Ní mór dhuit giaráin (géaráin) ghéara má's leat tosuigh dhá n-ithe seo. Cnámha fré chéile iad.
+–
Sí'n ghráinneog an beithidheach is coilgnighe amuigh. Tuige nach bhfaca tú 'riamh na briogadáin ghéara atá uirre? Tá siad chomh géar le snáthadaí.
Nach hí an eorna a bhíos cuiltheach, coilgneach thar a' gcoirce. Is suarach a' t-iongnadh gur aisti a déantar an braon broghach fhéin. = tá coirce, mín seachas eorna. Ní iongantas a' bith gur as eorna a déantar poitín (an braon-broghach = tús a' phota, na 'féins'. Tá sé láidir a's borb thar a' gcuid eile. Deir siad gur nimh é).
TUILLEADH (2) ▼
InDomhnach, má tá ort a dhul siar 'sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidthe le droighean is driseachaí, a's níl tada uaibhreach ann ach neanntógaí.
Is coilgneach an éadáil iad na driseachaí sin, an tráth seo bhliadhain. = tá deilgne orra.
2.
géar, ruibheamhail; nimheannta; gaimheamhail; gaingaideach; colgach; franncuighthe; madramhail. (Nuair a bhíos coilgneach i gceist le olc intinne, agus is annamh é, tugtar le tuiscint go bhfuiltear ar tí na "gcuilgne" nó neart a oibriú — greim fiacal, crúcaí, (ingne), nó a macsamhail).
·
Buachaill coilgneach é an gliomach, go dteighe bannaidhe ann, ach is beag a bhíos sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill, uaidh sin amach.
+–
Tá sí annsiúd sa gclúid, a's í chomh coilgneach le franncach a bheadh sáinnighthe ag cat.
Ara muise is coilgneach an cárnán caillighe í! = franncaighthe, olc, oilbhéasach.
TUILLEADH (7) ▼
Is coilgneach an éadáil í sin le póg a bhaint di, déarfainn.
Dheamhan bean níos coilgnighe le feachtáil a dhul in a crannógaí. Ní fhágfadh sí liobar leathair ort le na h-ingne.
Is coilgnighe é ná na h-easógaí fhéin.
Is coilgnighe é sin, le aon-láimh a leagan air na beithidheach éigcéill.
Dar leat fhéin, nach mbíonn dhá rud a' bith a bhío(nn)s chomh coitchiannta in éindigh idteach, le cat a's mada, a's ní bhíonn dhá rud a' bith 'na dheidh sin, is coilgnighe a bhío(nn)s le chéile ná iad.
Marbhfáisc ort, mar ghadhar, maran tú tá coilgneach!
Ara, ní féidir dhó a bheith chomh coilgneach sin! InDomhnach shíl mise gur duine an-mhín é, ach 'sé m'eolas air é, arsa tusa.
+–
Tá sé 'na dhris choilgneach chasáin romham is chuile áit dá dtugaim m'aghaidh, a's gan goir agam, mo bhéal fhoscailt, nach bhfuil sé in m'éadan. = tá sé mar threampán orm, nó bíonn sé in mo bhealach nó romham is 'chuile áit, a's bíonn a dhealg sáithte aige ionnam.
Sin í an dris choilgneach = bean chantalach nimheannta; cantalóir de bhean a bheadh goinighthe 'un troda i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (2) ▼
Is tú an dris choilgneach nach bhfuil neart tada a rádh leat, gan thú a bheith eirighthe suas in do choileaichín chuig na daoine.
Dheamhan dris is coilgnighe ná'n inghean is sine sin ann! Tá ruibh uirre.
Féach freisin
→
colg
Coilgneach in iontrálacha eile (4)
→
foirgthe
Chonnaic mé sean-fhear ann, a bhí foirghe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air, nuair ba mhian leis maide a chur in u (ar) mbéal
→
danra
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
→
dealg
Ná bac le breac ar bith a bhfuil na deilgne coilgneacha sin air. Ní bhíonn rath ná righeacht le n-ithe orra. Feacha na buid ghorma agus na bláthain chladaigh sin. 'Ar ndú níorbh fhiú do dhuine ar bith dhá mheárú féin dhá dtabhairt abhaile
→
dris
Is geall le dris fhireann é tá sé cho coilgneach sin. Is deacair é siúd a bhearradh aon-uair. Sceannadóir ceart é. Rud ar bith nach bhfeilfidh dhá bhealach féin, níl aon-ghoir agad a shamhlú leis. Má shamhluigheann beidh rud ar a shon agad