Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coilgneach, cuilgneach
aidiacht as colg agus coilgne (coilgní).
is mó a bhaineas sé le (2) agus a leithidí.
1.
rudaí tadhalla nó teangmháilte: coilgne a bheith ar rud.
+
Níl aon bhreac i bhfarraige is coilgní ná an cat mara adeir siad.
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
TUILLEADH (7) ▼
Tá na ceanna cruacháin sin an-choilgneach le breith orthub.
Ní fheicfeá rud ar bith chomh coilgneach leis an gcluan mara.
Tá cuid de na hiascáin sin fhéin sách coilgneach, agus sách géar le bheith dhá láimhseáil. Diabhal bréag nach bhfuil.
Is coilgneach an breaicín é an bod gorm.
Tá an t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon tsubhachas ná aon tsolamar a fháil orthub.
Tá na blatháin bheaga sin róchoilgneach le n-ithe ag mo leithidese. Drad maith fhéin nár mhór dhuit le dhul ina n-éadan sin.
Ní mór dhuit géaráin ghéara más leat tosaí dhá n-ithe seo. Cnámha fré chéile iad.
+
'Sí an ghráinneog an beithíoch is coilgní amuigh. Tuige nach bhfaca tú ariamh na briogadáin ghéara atá uirthi? Tá siad chomh géar le snáthadaí.
Nach í an eorna a bhíos cuileach coilgneach thar an gcoirce. Is suarach an t-ionadh gur aisti a déantar an braon broghach fhéin — tá coirce mín seachas eorna. Ní iontas ar bith gur as eorna a déantar poitín (an braon broghach — tús an phota, na féans. Tá sé láidir agus borb thar an gcuid eile. Deir siad gur nimh é)
TUILLEADH (2) ▼
I nDomhnach, má tá ort a dhul siar sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidte le draighean is driseachaí, agus níl tada uaibhreach ann ach neantógaí.
Is coilgneach an éadáil iad na driseachaí sin an tráth seo bhliain — tá deilgne orthu
2.
géar, ruibhiúil; nimheanta; goimhiúil; gaingaideach; colgach; francaithe; madrúil. Nuair a bhíos coilgneach i gceist le olc intinne, agus is annamh é, tugtar le tuiscint go bhfuiltear ar tí na gcoilgne nó neart a oibriú — greim fiacal, crúcaí (ingne), nó a macasamhail.
·
Buachaill coilgneach é an gliomach, go dté bannaí ann, ach is beag a bhíos sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill, uaidh sin amach.
+
Tá sí ansiúd sa gclúid agus í chomh coilgneach le francach a bheadh sáinnithe ag cat.
Ara muise is coilgneach an carnán caillí í! — francaithe, olc, oilbhéasach.
TUILLEADH (7) ▼
Is coilgneach an éadáil í sin le póg a bhaint di, déarfainn.
Dheamhan bean níos coilgní le féachtáil a dhul ina crannógaí. Ní fhágfadh sí liobar leathair ort lena hingne.
Is coilgní é ná na heasógaí fhéin.
Is coilgní é sin, le aon láimh a leagan air, ná beithíoch éigéill.
Dar leat fhéin, nach mbíonn dhá rud ar bith a bhíonns chomh coitianta in éindí i dteach le cat agus madadh, agus ní bhíonn dhá rud ar bith ina dhiaidh sin, is coilgní a bhíonns le chéile ná iad.
Marbhfáisc ort mar ghadhar, muran tú atá coilgneach!
Ara, ní féidir dhó a bheith chomh coilgneach sin! I nDomhnach shíl mise gur duine an-mhín é, ach 'sé m'eolas air é, arsa tusa.
+
Tá sé ina dhris choilgneach chosáin romham i chuile áit dá dtugaim m'aghaidh, agus gan gair agam mo bhéal a oscailt, nach bhfuil sé in m'éadan. — tá sé mar threampán orm, nó bíonn sé in mo bhealach nó romham i chuile áit, agus bíonn a dhealg sáite aige ionam.
Sin í an dris choilgneach — bean chantalach nimheanta; cantalóir de bhean a bheadh goinithe chun troda i gcónaí.
TUILLEADH (2) ▼
Is tú an dris choilgneach nach bhfuil neart tada a rá leat gan thú a bheith éirithe suas in do choileachín chuig na daoine.
Dheamhan dris is coilgní ná an iníon is sine sin ann! Tá ruibh uirthi.

Féach freisin

colg

coilgneach in iontrálacha eile (18)

 
focal
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
 
Chonaic mé seanfhear ann a bhí foirgthe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air nuair ba mhian leis maide a chur ina (ár) mbéal
+
colg
Is géar na rudaí iad na déasachaí (diasachaí) eorna sin, arae bíonn coilgní ar an eorna, rud nach mbíonn ar an gcoirce.
TUILLEADH (9) ▼
Tá coilgní ar an mbreac sin.
Seachain na coilgní sin ort fhéin, Dia aithnítear!
Éirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileodh na coilgní sin ort.
Níl aon bhreac i bhfarraige is mó coilgní ná an cluan mara. Coilgní é as éadan.
Is beag a (de) choilgní chor ar bith é an ballach. Tá sé mín le cuimilt.
Mura dtuga tú rí-aire dhuit fhéin ar an mbreac sin, gearrfaidh na coilgní thú.
Ní féidir breith ar bhod gorm lena bhfuil de choilgní air, agus tá sé amhlaidh le n-ithe. Is deacair solamar ar bith a fháil air lena bhfuil de chnámha ann.
Tá an oiread coilgní ar an draighean bradach sin agus nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort — deilgní.
Chonaic mé gráinneog marbh ansin thíos ar an mbóthar agus na coilgní a bhí uirthi briste ar fad.
 
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
 
dealg
Ná bac le breac ar bith a bhfuil na deilgne coilgneacha sin air. Ní bhíonn rath ná ríocht le n-ithe orthu. Féacha na boid ghorma agus na blátháin chladaigh sin. Ar ndóigh níorbh fhiú do dhuine ar bith dhá mhearú féin dhá dtabhairt abhaile
 
dioc
An bhfuil a fhios agat cén fáth an dioc sin a bheith uirthi ag imeacht. Dioc cantail é sin. Tá an phrioc sin ite leis an gcantal. 'Sí an ball is coilgní í a bhí i dteach ariamh
 
Níl mé in ann na sliogáin sin atá ar na giúirlinneachaí a fhulaingt. Murach sin b'fhurasta dhom cúnamh a thabhairt duit léithe. Tá siad an-ghéar, an-choilgneach
 
dris
Is geall le dris fhireann é tá sé chomh coilgneach sin. Is deacair é siúd a bhearradh aon uair. Sceanadóir ceart é. Rud ar bith nach bhfeilfidh dhá bhealach féin, níl aon ghair agat a shamhlú leis. Má shamhlaíonn, beidh rud ar a shon agat
 
díle 1
Seanfheairín beag cromtha coilgneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nár báitheadh sa Díle, bhí féasóig chomh fada chomh liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonaic mé ag scamhailéireacht ar ghasúir ansiúd é, agus déarfainn go mba francaithe an peata é deich mbliana is trí fichid ó shin