Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
corraigh amach
1.
·
Ní chorruigheann sé amach anois chor a' bith = ní theigheann in aon áit.
Nach fada a bhí tú gan corruighe amach = gan a theacht amach.
2.
+
Corrócha corr-dhuine amach anois = pósfa corr-dhuine anois.
Tá corr-starróg a' corruighe amach an Inid seo = tá corr-dhuine a' pósadh an Inid seo.
TUILLEADH (6) ▼
Corrócha starrógaí an Inid seo = pósfa daoine an Inid seo.
'Bhfuil cuimhne 'bith agad corruighe amach = pósadh.
Tá sé in am acab corruighe amach anois, mar níl acab ach coicís eile.
Má's leat aon-chaoi 'chuir ort fhéin 'choidhchin, tá sé in am agad corruighe amach feasta = má's leat pósadh choidhchin tá sé in am agad bean a thóruidheacht feasta.
Bhí sé thar am aige corruighe amach = pósadh.
Tá siad a' corruighe amach anois i leaba a chéile.

corraigh amach in iontrálacha eile (10)

 
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin (ar fhaitíos go bhfliuchfaí é)
+
feadh
D'fhan sé istigh ar feadh na fuide. Ní chorródh sé amach ar bhás an domhain gur imigh D. = during all that time
TUILLEADH (1) ▼
Ní chorródh sé amach go deó i gcíonn a chuid oibre, ar feadh leabhar ná páipéar a fháil in a láimh
 
M'anam nach bhfuil sé cho hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feóchain. Tá na boínn le teine aige faoi seo, cheapfainn
 
fiach 2
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainnc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sídheóig é. Chaithfeadh sé gurb ea
 
fáth
Bhí an-fháth aige corraí amach inniu. Marach go raibh, ní chorródh sé amach
+
fuacht
Níor leig an fuacht dom corraí amach ó mhaidin.
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag a fhuacht é, agus corraí amach anocht!
 
Ní chorródh sé amach as an teach díobháil mótair a bheith faoin a thóin
 
díth
Mara dtugann sí aon-áird air, ní de dhíth a leanacht' é. Níl goir aice corraí amach in áit ar bith nach mbíonn sé leis an tsáil aice.