corraigh amach
1.
·
Ní chorraíonn sé amach anois chor ar bith — ní théann in aon áit
Nach fada a bhí tú gan corraí amach — gan a theacht amach
2.
+–
Corróidh corrdhuine amach anois — pósfaidh corrdhuine anois
Tá corrstarróg ag corraí amach an Inid seo — tá corrdhuine ag pósadh an Inid seo
TUILLEADH (6) ▼
Corróidh starrógaí an Inid seo — pósfaidh daoine an Inid seo
An bhfuil cuimhne ar bith agat corraí amach — pósadh
Tá sé in am acub corraí amach anois, mar níl acub ach coicís eile.
Más leat aon chaoi a chur ort fhéin choíchin, tá sé in am agat corraí amach feasta — más leat pósadh choíchin, tá sé in am agat bean a thóraíocht feasta.
Bhí sé thar am aige corraí amach — pósadh
Tá siad ag corraí amach anois i leaba a chéile.
corraigh amach in iontrálacha eile (50+)
→
cadhail
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
→
ceal 1
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
Siod é an fear a bhfuil an chló stiúrtha aige ar a chlann iníon, agus nach mbéarfaidh cead dóibh corraí amach thar an tearsa (tairsigh) ó thitfeas oíche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do chuile chailín óg a bheith san oíche.
→
cora
Chuir sé amach a rúitín ag teacht thar an gcora, agus dheamhan corraí amach a rinne sé ó shin.
→
beo 1
Ní fheicfeá Críostaí an bhéil bheo ar an tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corraí amach ar bith a dhéananns siad ar an Domhnach. Sin cuid dhá gcreideamh chomh maith le chuile shórt eile.
+
→
aer
Ba bheag le go raibh an ghealach ar an aer nuair a chorraigh sé amach
TUILLEADH (3) ▼
Ní chorródh sé amach dhá mbeadh puth as aer (fleaim, siolla, geoladh, deannóid, smeámh)
Dhá mbeadh puth as aer, ní chorródh sé amach de leic an teallaigh
Ní chorródh sé amach dhá mbeadh deoir as aer.
+
→
buille
Deir tú leis nár chorraigh go raibh sé ar bhuille an chloig, agus sách drogallach a bhí sé ag gabháil amach an uair sin fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé buille brocfhliuch le corraí amach.
+
→
amach
Ná corraigh do chois thar baile amach ag iarraidh bromaigh mar tá údar maith capaill ag P. Mh. ansin thíos.
TUILLEADH (7) ▼
Corraigh amach anois — déan deifir, bí broidiúil; géaraigh do choisméig
Chorraigh sé amach nuair a bhí sé chomh fada le ard Iothlainn Shéamais.
Ní mór duit corraí amach thairis sin nó ní bhéarfaidh muid ar an tsochraide.
Corraigh amach agus ná bí ag righneadóireacht mar sin
Mura gcorraí tú amach, ní bhéarfaidh muid ar an aifreann.
Corraigh amach agus éirigh as an tsnámhaíocht sin nó beidh chuile shórt thart romhainn.
Mura gcorraí tú amach, beidh muid báite go craiceann (corraí amach = a dhul amach as an teach freisin)
→
imní
Ní ligfeadh an imní dó corraí amach — ní rachadh sé amach as an teach le teann imní (fc. lig)
→
istigh
Tuige nach gcorraíonn tú amach agus a fhusacht duit a dhul taobh istigh den smíste sin — tuige nach gcuireann tú crú ina thosach, nó bealadh faoi t'ioscadaí, agus bleid a bhualadh uirthi, mar tabharfaidh sí taitneamh duit i leaba an smíste a bhfuil sí mór anois leis
+
→
feadh
D'fhan sé istigh ar feadh na faide. Ní chorródh sé amach ar bhás an domhain gur imigh D. — during all that time
TUILLEADH (1) ▼
Ní chorródh sé amach go deo i gcionn a chuid oibre ar feadh leabhar ná páipéar a fháil ina láimh
→
feothan
M'anam nach bhfuil sé chomh hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feothain. Tá na boinn le tine aige faoi seo cheapfainn
→
fiach 2
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sióig é. Chaithfeadh sé gurb ea
→
fuath
Cá bhfaighinnse fios fuath ná feannóige air. Níor chorraigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh a fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúlfadh. Fiafraigh den Phoncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curtha dhá chosa aige
+
→
fuacht
Níor lig an fuacht dom corraí amach ó mhaidin.
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag a fhuacht é, agus corraí amach anocht!
→
daidhce
Siúd í a raibh an daidhce uirthi. Dheamhan corraí dhá cois a dhéanfadh sí, théis gur iarr an mháthair uirthi a dhul amach agus na beithígh a bhleán. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirthi é an áit nach ligfidís ag céilí i nD. Ch. í an oíche roimhe sin. Í a ligean chuig céilí go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
→
dairt
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
→
damnaigh
Tá sé damnaithe le seachtain ag daitheachaí. Sílim nár chorraigh sé amach chor ar bith. Tá an chúlfhiacail siúd aige splanctha aríst! Loirg an diabhail dó nach dtéann isteach agus a tarraingt agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
→
deannóid
Ara cén sórt cáitheadh sin ort. An bhfeiceann tú an lá — gan donóid (deannóid) ann. Dheamhan an oiread is a chorródh ribe ar do cheann. Agus is mian leatsa a dhul ag cáitheadh ina dhiaidh sin. Cáith leat más breá leat go bhfeice tú cáid a bhainfeas tú amach
+
Teacht an deireanadais a d'fheicfeá ag corraí amach i gcónaí é. Do dhúshlán feic amuigh é i gcaitheamh an lae.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur mian leat an deireanas a ligean ort féin aríst. Corraigh amach!
Tá a dhóthain talúna faoin mac seo aniar. Ach ní bheadh sé ina mhac ag S. L. mura mbeadh sé diongbháilte. Ba suimiúil an giota fir é a athair fhéin, an fhad is bhí lúd corraí amach ann
Corraigh amach. Ní mór dúinn an easca a bheith bailithe againn shul má théann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solas anois féin. Is contúirt é an criathrach seo le cíocraí agus caochphoill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfaighinn amharc ar an inín siúd nach gcorraíonn amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé i ndiaidh a feiceáil i gcónaí. Nach mór an feall nach bhfuil aon teacht i láthair inti. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
→
doiligh
Chonaic mise S. Ó B. a bhí thoir ansin. Ní chuirfeadh fear agus píce amach go Meiriceá é. Ba luar leis ná a bhás corraí amach ón mbaile chor ar bith. An lá a raibh sé ag dul soir go Meiriceá, bhí sé ag gol agus ag gárthaíl, agus ag stróiceadh an uair sin féin, ag iarraidh fanacht sa mbaile. Ach cuireadh ann in aghaidh a chos é. Dheamhan fear a chuaigh go Meiriceá ariamh is fhearr a rinne cúis ná é. Meas tú an dtaobhódh sé anall anois. Baol beag air. Is dóigh nach mbreathnódh sé anois ar dhaoine dona. Nach bhfuil mac leis ina bhreitheamh adeir siad. Dúirt an té adúirt é agus diabhal focal bréige a rinne sé: an rud is doilí le duine ná a bhás, dheamhan a fhios aige nach é clár a leasa é