Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cos-nochtuighthe, Cosnochttha
aidiacht.
Tá'n dá leagan air
1.
'sna buinn; gan bróga nó cois-bheart; 'sna bonnaidheacha; 'sna cosa buinn; bróga ort a's gan aon-stocaí.
+
Tá sé ag imtheacht cos-nochttha gan bróig ná stoca.
D'imthigheadh 'chuile dhuine cos-nochtuighthe fadó.
TUILLEADH (7) ▼
Bhíodh chuile ghasúr fadó cosnochtuighthe go mbídís suas in a bhfir, agus fhairis. Ach tá siad chomh goilleamhnach anois, a's nach bhfuil siad indon imtheacht cosnoctuighthe sa samhradh fhéin.
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.
Tá sé luath agad imtheacht cosnochtuighthe, a's nach dtáinic Máirtín na nGág chor a' bith fós.
Is beag a' dochar dhó oighreachaí fhéin a bheith air — duine 'bith atá cosnochtuighthe ar an aimsir seo.
Cé leis an stóicín cosnochttha?
Tá mé 'ceapadh go bhfuil sé an-lúm a' duine bocht, (lom = lúm) arae feicim a chlann ag (d)ul soir cos-nochttha chuig a' scoil le bliadhain.
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cos-nochtuighthe. Dheamhan bróg a bhío(nn)s orra(b) sin leath na gcuarta. Cé'n ghna(ithe) a bheadh de bhróga aca(b) a' spágáil thrídh phuiteachaí.
2.
tur, tar; gan annlann; rud ar aghaidh fhéin gan bealthuidheacht ar bith in' aice; turthaidheacht; luime; feidheartha.
+
Ní bhfuair mé ann ach cupáinín tae cosnochtuighthe = cupán tae ar aghaidh fhéin; cupán tae tur; cupán tae gan tada leis (deireann lucht a' bhéarla sa mbreac-Ghaedhealtacht — "a bare-footed cup of tea.").
Níor shugh salmhain imbéal buláin domsa, an cupán tae cosnochtuighthe sin, a's an gearradh ocrais a bhí orm an tráth céadna.
TUILLEADH (6) ▼
InDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtuighthe, shanntuigh mé é 'bhualadh faoi'n smut uirre. Is minic nach a' taobh leis a' gcumaoin sin a leigeadh amach as seo í fhéin. Ach 'ní bhíonn cuimne ar an arán a h-ithtear', adeir siad.
Dhá gcuirtí amach é fhéin as seo taobh le cupán tae cosnochttha, chuirfeadh sé ar gcáil faoi'n tír.
Nach hí atá gortach marar thug sí dhuit ach cupáinín tae cosnochtaighthe, a's a fhusacht di cupla ubh nó greim feola a chaitheamh síos duit, a's fios aice go raibh aistear fada ort.
Ní leigfeadh an chruadhas di ariamh thar chupáinín tae cosnochtuighthe a thabhairt d'aonduine dhá mbeadh ag obair aice, a's ba mhór a' carghaos léithe an méid sin fhéin.
Tuille diabhail aige anois mara bhfuil S. dhá bhaint siar as — é a' cur a sceadamáin amach annsiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló, a's cupáinín tae cosnochtuighthe.
Nach hí a chuimil sop na geirthe dhaoib, má bhain sí h-ocht bpighn' déag amach ar chupáinín tae cosnochtuighthe, a's é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!
+
Diabhal a' féidir gur fataí cosnochtuighthe a fuair sib! (D)ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealthuidheacht eicínt dhaoib leo(b).
Sin é 'bhfuil agad 'nois muise le do shuipéar fataí cosnochtuighthe, a's cuir tú fhéin an fata beag leis a' bhfata mór. Bhí muid chomh cruadhógach ó mhaidin indiu, a's nar fhéad aon-duine sroicheachtáil chuig a' siopa i gcoinne cupla scadán.
TUILLEADH (10) ▼
Dheamhan ar mhiste dhuit dhá leagtaí na fataí sin cosnochtuighthe fhéin chugad, tá siad chomh gáireach sin.
Muise ba fataí cosnochtuighthe iad scáth a raibh in a n-aice — scadán caoch!
Is olc a' bheatha ag sclábhuidhe, fataí cosnochtuighthe, a's iad sin fhéin faoi dhó sa ló.
Cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leat fataí cosnochtuighthe a fhaghail dhá cheann de ló, mara 'bhí ann nuair a bhí mise ag eirghe suas? A's chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agad ar maidin sul a bhfaightheá na fataí fhéin!
Is beag an mheas a bheidheas aige siúd ar bhéile fataí cosnochtaighthe, a's an chleachtadh atá aige ar bheaduidheacht a's bealthuidheacht a fhaghail sa mbaile.
B'éigean dom béilidhe cosnochtaighthe a ithe. Is deas a' chaoi ar thalmhaidhe é sin, th'éis a lá oibre.
M'anam gurb é atá dhá bhaint as a chleachtadh, fear nach raibh aige 'sa mbaile ach cupla fata a ithe cosnochtuighthe!
Is fhearr an bainne géar fhéin, ná dhul dhá bplacadh suas cosnochtuighthe.
Dhá laghad annlann dá mbeadh ag duine le na fataí, b'fhearr é, ná iad a bheith cosnochtuighthe amach a's amach. 'Is beag de'n bhealthuidheacht is fhearr ná'n turthaidheacht' adeir siad.
Níl aige, an duine bocht ach béilidhe cosnochtuighthe.