cosnochta, cosnochtaithe
—aidiacht.
—tá an dá leagan air
1.
sna boinn; gan bróga nó coisbheart; sna bonnaíocha; sna cosa boinn; bróga ort agus gan aon stocaí.
+–
Tá sé ag imeacht cosnochta gan bróig ná stoca.
D'imíodh chuile dhuine cosnochtaithe fadó.
TUILLEADH (7) ▼
Bhíodh chuile ghasúr fadó cosnochtaithe go mbídís suas ina bhfir, agus thairis. Ach tá siad chomh goilliúnach anois agus nach bhfuil siad in ann imeacht cosnoctaithe sa samhradh fhéin.
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin
Tá sé luath agat imeacht cosnochtaithe agus nach dtáinig Máirtín na nGág chor ar bith fós.
Is beag an dochar dhó oighreachaí fhéin a bheith air — duine ar bith atá cosnochtaithe ar an aimsir seo.
Cé leis an stóicín cosnochta?
Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé an-lom an duine bocht, arae feicim a chlann ag dul soir cos-nochta chuig an scoil le bliain.
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cosnochtaithe. Dheamhan bróg a bhíonns orthub sin leath na gcuarta. Cén ghnaithe a bheadh de bhróga acub ag spágáil thrí phuiteachaí.
2.
tur tar; gan anlann; rud ar a aghaidh fhéin gan bealaíocht ar bith ina aice; turaíocht; loime; feidheartha.
+–
Ní bhfuair mé ann ach cupáinín tae cosnochtaithe — cupán tae ar a aghaidh fhéin; cupán tae tur; cupán tae gan tada leis. Deireann lucht an bhéarla sa mbreacGhaeltacht — "a bare-footed cup of tea."
Níor shú salúin i mbéal bulláin domsa an cupán tae cosnochtaithe sin agus an gearradh ocrais a bhí orm an tráth céanna.
TUILLEADH (6) ▼
I nDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtaithe, shantaigh mé é a bhualadh faoin smut uirthi. Is minic nach a taobh leis an gcomaoin sin a ligeadh amach as seo í fhéin. Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a hitear, adeir siad.
Dhá gcuirtí amach é fhéin as seo taobh le cupán tae cosnochta, chuirfeadh sé ar gcáil faoin tír.
Nach í atá gortach murar thug sí dhuit ach cupáinín tae cosnochtaithe agus a fhusacht di cupla ubh nó greim feola a chaitheamh síos duit, agus fios aici go raibh aistear fada ort.
Ní ligfeadh an chruas di ariamh thar chupáinín tae cosnochtaithe a thabhairt d'aon duine dhá mbeadh ag obair aici, agus ba mhór an carghas léithe an méid sin fhéin.
Tuilleadh diabhail aige anois mura bhfuil S. dhá bhaint siar as — é ag cur a sceadamáin amach ansiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló agus cupáinín tae cosnochtaithe.
Nach í a chuimil sop na geire dhaoibh má bhain sí hocht bpínn déag amach ar chupáinín tae cosnochtaithe, agus é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!"
+–
Diabhal an féidir gur fataí cosnochtaithe a fuair sibh! Ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealaíocht eicínt dhaoibh leob.
Sin é a bhfuil agat anois muise le do shuipéar fataí cosnochtaithe, agus cuir tú fhéin an fata beag leis an bhfata mór. Bhí muid chomh cruógach ó mhaidin inniu agus nár fhéad aon duine sroicheachtáil chuig an siopa i gcoinne cupla scadán.
TUILLEADH (10) ▼
Dheamhan ar mhiste dhuit dhá leagtaí na fataí sin cosnochtaithe fhéin chugat, tá siad chomh gáireach sin.
Muise ba fataí cosnochtaithe iad, scáth a raibh ina n-aice — scadán caoch!
Is olc an bheatha ag sclábhaí fataí cosnochtaithe, agus iad sin fhéin faoi dhó sa ló.
Cén chaoi a dtaitneodh sé leat fataí cosnochtaithe a fháil dhá cheann de ló mar a bhí ann nuair a bhí mise ag éirí suas? Agus chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agat ar maidin sula bhfaightheá na fataí fhéin!
Is beag an mheas a bheas aige siúd ar bhéile fataí cosnochtaithe, agus an chleachtadh atá aige ar bheadaíocht agus bealtaíocht a fháil sa mbaile.
B'éigean dom béilí cosnochtaithe a ithe. Is deas an chaoi ar thalmhaí é sin théis a lá oibre.
M'anam gurb é atá dhá bhaint as a chleachtadh, fear nach raibh aige sa mbaile ach cupla fata a ithe cosnochtaithe!
Is fhearr an bainne géar fhéin ná dhul dhá bplacadh suas cosnochtaithe.
Dhá laghad anlann dá mbeadh ag duine le na fataí, b'fhearr é ná iad a bheith cosnochtaithe amach is amach. Is beag den bhealaíocht is fhearr ná an turaíocht, adeir siad.
Níl aige, an duine bocht, ach béilí cosnochtaithe.
cosnochta in iontrálacha eile (6)
→
buadán
Nuair a bhí mise ag éirí suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon ghasúr sa tír ach iad ag imeacht cosnochta, geimhreadh is samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór ansin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí de mhálaí — le teas a dhéanamh dhóibh ar an bhfuacht.
→
druas
Is olc an rud, adeir siad, a dhul amach cosnochta i ndruas na maidne. Tá sé in ann duine a tholgadh. Is minic a chuala mé é
→
duirling
Bhí siad ina suí síos ar dhuirling na habhann, iad cosnochta agus na boinn amuigh san uisce acu
→
déirce
Ní bhfuair mé ann ar mo phíosa dhá scilling ach cupáinín tae cosnochta, ach ba bhuí déirce liom an méid sin féin, arae bhí an ghearradh ghionach in mo stéigeachaí, ach dhá dhonacht dhá raibh mé leis an ocras, ba mheasa go mór mé leis an tart. Bhí íota orm. Is diabhlaí nach n-osclódh tithe ósta ann lá den tsórt sin, agus a mbíonn cruinn ann
→
dóigh 1
Níor dhona an dóigh do dhuine cupla péire de na clogs sin a cheannacht fhad is atá siad fairsing. B'fhéidir gob (gurb) é an chaoi a mbeadh sé ar ball go mbeadh muid gan Murchadh gan Mánas. Dhá dhonacht iad, is fhearr iad ná imeacht cosnochta