—
múirín gréine, a's é bheith trom; ráig bháistighe teasbaighe. 'Is iondamhail go dtagann an craobh-mhúr leathtromach, a's go mbeadh sé dhá chaitheamh, a's an scalán gréine ann. Ní bhíonn sé buan ach oiread. Ar theasbach a' tsamhraidh, a dhéanas sé craobh mhúra.
+–
Níl ann ach crao(bh) mhúr.
Caitheann sé cuid mhaith de na craobhmhúra sin an tráth seo 'bhliadhain.
TUILLEADH (9) ▼
Crao(bh) mhúirín gréine é sin.
Dheamhan dochar sa gcraobh mhúr sin. Sé'n chaoi a n-eireocha an teas as.
Ba deannachtach a' bháisteach í sin, aindeoin nach raibh ann ach crao(bh) mhúr. Níl snáth orm go craiceann aige.
Dhá laghad an craobh mhúirín sin fhéin, deanfa sé leas do'n chur. Nach bhfuil an bharrann dóighte ar fad ag a' triomach.
Tuille tiormaigh muise a thiocfas as a' gcrao(bh) mhúr sin, a's má seadh, beidh cur ó mhaith. Dar príosta tá fataí buailte cheana fhéin.
Dheamhan fascadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde a's buaileadh chuile dheoir ariamh de'n chraobh-mhúr sin orm. 'Séard a bhí do mo speidhreadh ar fad, go raibh sí tuitim mar bheithí dhá dóirteadh as criathar, a's bhí sé 'na scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, a's bhí sé chomh tirm a's dá mba amach ar leaba chlúmhaighe a d'eireochadh sé, a's mise in mo líbín.
Sílim nach craobh mhúr é seo, ach go mbeidh an chuid eile de'n lá briste. Tá an-duibhthean thiar, a's an t-aer dúinte ar fad. Maran ráig toirnighe í.
Ba gangaideach a' craobhmhúirín é. D'fhága sé daoine sraimlidhe (fliuch, salach).
Breagh nar scaoil tú an craobh mhúirín sin thart, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhobair gur fhága sé sínte mise annseo an bhliadhain cheana.