—
múirín gréine, agus é bheith trom; ráig bháistí teaspaigh. Is iondúil go dtagann an craobhmhúr leatromach, agus go mbeadh sé dhá chaitheamh agus an scalán gréine ann. Ní bhíonn sé buan ach oiread. Ar theaspach an tsamhraidh, a dhéanas sé craobhmhúra.
+–
Níl ann ach craobhmhúr.
Caitheann sé cuid mhaith de na craobhmhúra sin an tráth seo bhliain.
TUILLEADH (9) ▼
Craobhmhúirín gréine é sin.
Dheamhan dochar sa gcraobhmhúr sin. 'Sé an chaoi a n-éireoidh an teas as.
Ba deannachtach an bháisteach í sin, ainneoin nach raibh ann ach craobhmhúr. Níl snáth orm go craiceann aige.
Dhá laghad an craobhmhúirín sin fhéin, déanfaidh sé leas don chur. Nach bhfuil an bharrann dóite ar fad ag an triomach.
Tuilleadh triomaigh muise a thiocfas as an gcraobhmhúr sin, agus más ea, beidh cur ó mhaith. Dar príosta, tá fataí buailte cheana fhéin.
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
Sílim nach craobhmhúr é seo, ach go mbeidh an chuid eile den lá briste. Tá an-duifean thiar, agus an t-aer dúnta ar fad. Muran ráig toirní í.
Ba gangaideach an craobhmhúirín é. D'fhága sé daoine sraimlí (fliuch, salach)
Breá nár scaoil tú an craobhmhúirín sin thart agus gan a dhul i gcleithiúnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhóbair gur fhága sé sínte mise anseo an bhliain cheana.
craobhmhúr in iontrálacha eile (1)
→
dochar
Rinne an craobhmhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí ligthe amach ag daoine inniu