Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Creachlaois
ainm-fhocal, baininscneach
iolraidh — creachlaoiseachaí.
mion-obair; obair éasca; obair réidh; giotamáil, siobáil, luadhainn timcheall tighe no a leithide; dhá bhfeictheá duine a's an-chosamhlacht oibre air, a's gan é 'déanamh aon-fhoghail mhór ar an obair 'na dheidh sin, déarfá go raibh sé "a' déanamh creachlaois".
a.
+
Tá sé a' déanamh creachlaois eicínt annsiúd = giotamáil.
Dheamhan mórán ar foghnamh a rinne mé an tseachtmhain seo, cé's moite de chreachlaoiseachaí beaga timcheall a' tighe, ach teastuigheann sin fhéin a dheanamh.
TUILLEADH (16) ▼
Níl sí ag gabhail amach ar a' talamh, ach déanann sí cuid mhaith creachlaoiseachaí timcheall a' tighe.
Bhí mé a' déanamh creachlaois oibre annsin amuigh ó mhaidin.
M'anam gur gearr go mbí sé indon corr-chreachlaois oibre a dhéanamh dhuit anois. Ó thosóchas siad ag gabhail chuig a' scoil chor a' bith, ní aireochthá go mbeidís ionchongantach (gasúir).
Tá a chuid creachlaoiseacha oibre ar iarraidh anois = tá sé réidh le obair; tá sé ro-chraithte le aon-obair a dhéanamh níos mó.
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aice, le corr-chreachlaois a dheanamh a (de) chongnamh dhi.
Ba diabhaltaidhe an ruaig shlaghdáin a bhí air. Dheamhan creachlaois atá sé indon a dhéanamh fós, th'éis é 'bheith in a shuidhe le coigcighthis.
Ba chuma dhuit é, dhá bhféadthá aon-chreachlaois a dhéanamh 'na thimcheall = ba chuma dhuit, dhá gcuirtheá cosamhlacht na h-oibre ort fhéin, a's dhá n-eirigheadh leat foghail a' bith a dhéanamh ar an obair áithrid seo.
Tá sé a' déanamh creachlaoiseacha síos faoi'n gcladach má's fíor dhó fhéin, ach sílim gurb é cuid a' bheagáin a dhéanfas an ceann céadna in aon-áit.
Ceo a' bith anois, ach dhá mbeadh an aimsir go breagh, go ndéanfainn creachlaoiseacha timcheall a' tighe.
Ní dhearna tú aon-chreachlaois oibre indiu?
Chruinnigh sé cosamar feamuinne a bhí scaipthe sa dúirling, a's thóig sé bearna gharrdha an chladaigh, a's rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach a' fánuidheacht a chaith sé an chuid is mó de'n lá.
Déan 'chuile shórt a shamhlú leis sin, ach creachlaoiseachaí oibre. Ach breagh nar cuireadh fír na maitheasa in am ann!
Is ait uaidh creachlaoiseachaí a's giotamáil mar sin a dhéanamh, ach níl maith ná maoin leis, le obair shíorruidhe a' bith.
Is iomdha creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, marach go gcaithim freastal do na 'gaedhilgeoirí' sin go h-acht a's go h-áithrid. Sháróchaidís thú, a's barr a' dathamhlacht, ní hé an uair chéadna a dteastuigheann an dinnéar ó bheirt a' bith aca(b).
Is gearr le dhul orainn a bhfuil sé sin indon a dhéanamh de chreachlaois dhuinn. Is mó sa mbealach é go minic.
Bhí sé a' déanamh creachlaois oibre dhom, ach is mó a mhíll sé ná a leasuigh sé — an diabhlánach.
b.
·
Ó chuaidh tú dhá dhéanamh a's go ndeaca tú dhá dhéanamh, is tú a rinne an chreachlaois cheart dhó = níor thug tú aon-déanamh air, ach deanamh maolscríobach.

Creachlaois in iontrálacha eile (5)

 
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
 
dona
Is dona atá siúl an bhóthair ionnam, ní ceasacht ar Dhia é, agus mar sin fhéin ní mór dhom creachlaois eicínt a dhéanamh
 
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mara n-eirighidh tú as do chuid díomhaontais, agus creachlaois eicínt a dhéanamh go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith indíomhaontas, tá do dhóthain dó déanta agad le bliain. Ach níl aon-mhaith agad ann mara mbeidh tú d'fheacht agus go h-áirid in do chomhnaí
 
'Sé an chaoi a mbíonn sé le 'chuile obair: a ghabhail di as dubhshlán. Déanann sé creachlaois, ach bíonn sí gan mórán slacht
 
Rinne tusa creachlaois mhór bail ó Dhia ort, ach tá an óige agad, agus ní comórtas ar bith dhuit sean-duine mar mise. Bíonn a cuid féin ag dul do'n aois