—
mionobair; obair éasca; obair réidh; giotamáil, siobáil, luain timpeall tí nó a leithide; dhá bhfeictheá duine agus an-chosúlacht oibre air, agus gan é ag déanamh aon fhoghail mhór ar an obair ina dhiaidh sin, déarfá go raibh sé ag déanamh creachlaois.
a.
+–
Tá sé ag déanamh creachlaois eicínt ansiúd — giotamáil
Dheamhan mórán ar fónamh a rinne mé an tseachtain seo, cé is moite de chreachlaoiseachaí beaga timpeall an tí, ach teastaíonn sin fhéin a dhéanamh.
TUILLEADH (16) ▼
Níl sí ag gabháil amach ar an talamh, ach déanann sí cuid mhaith creachlaoiseachaí timpeall an tí.
Bhí mé ag déanamh creachlaois oibre ansin amuigh ó mhaidin.
M'anam gur gearr go mbí sé in ann corrchreachlaois oibre a dhéanamh dhuit anois. Ó thosós siad ag gabháil chuig an scoil chor ar bith, ní aireofá go mbeidís inchúntach (gasúir)
Tá a chuid creachlaoiseacha oibre ar iarraidh anois — tá sé réidh le obair; tá sé róchroite le aon obair a dhéanamh níos mó.
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aici le corrchreachlaois a dhéanamh a (de) chúnamh dhi.
Ba diabhaltaí an ruaig shlaghdáin a bhí air. Dheamhan creachlaois atá sé in ann a dhéanamh fós, théis é a bheith ina shuí le coicís.
Ba chuma dhuit é dhá bhféadthá aon chreachlaois a dhéanamh ina thimpeall — ba chuma dhuit, dhá gcuirtheá cosúlacht na hoibre ort fhéin agus dhá n-éiríodh leat foghail ar bith a dhéanamh ar an obair áithrid seo.
Tá sé ag déanamh creachlaoiseacha síos faoin gcladach más fíor dhó fhéin, ach sílim gurb é cuid an bheagáin a dhéanfas an ceann céanna in aon áit.
Ceo ar bith anois ach dhá mbeadh an aimsir go breá, go ndéanfainn creachlaoiseacha timpeall an tí.
Ní dhearna tú aon chreachlaois oibre inniu?
Chruinnigh sé cosamar feamainne a bhí scaipthe sa duirling agus thóg sé bearna gharraí an chladaigh, agus rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach ag fánaíocht a chaith sé an chuid is mó den lá.
Déan chuile shórt a shamhlú leis sin ach creachlaoiseachaí oibre. Ach breá nár cuireadh fír na maitheasa in am ann!
Is ait uaidh creachlaoiseachaí agus giotamáil mar sin a dhéanamh, ach níl maith ná maoin leis le obair shíoraí ar bith.
Is iomaí creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, murach go gcaithim freastal do na Gaeilgeoirí sin go hacht is go háirid. Sháróidís thú, agus barr an dathúlacht, ní hé an uair chéanna a dteastaíonn an dinnéar ó bheirt ar bith acub.
Is gearr le dhul orainn a bhfuil sé sin in ann a dhéanamh de chreachlaois dhúinn. Is mó sa mbealach é go minic.
Bhí sé ag déanamh creachlaois oibre dhom, ach is mó a mhíll sé ná a leasaigh sé — an diabhlánach.
b.
·
Ó chuaigh tú dhá dhéanamh agus go ndeachaigh tú dhá dhéanamh, is tú a rinne an chreachlaois cheart dhó — níor thug tú aon déanamh air, ach déanamh maolscríobach.
creachlaois in iontrálacha eile (5)
Níl T. daorbhasctha chor ar bith murach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaití agus nach gcuimhníonn sé a dhul ag a ghnaithe chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí i ngarraí agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gortghlanadh ansin thuas anuraidh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnaigh sé an garraí ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh, níorbh fhearrde an gort é ar aon chor. Loic a raibh ann
→
dona
Is dona atá siúl an bhóthair ionam, ní ceasacht ar Dhia é, agus mar sin fhéin, ní mór dhom creachlaois eicínt a dhéanamh
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mura n-éirí tú as do chuid dhíomhaointis, agus creachlaois eicínt a dhéanamh, go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith i ndíomhaointeas, tá do dhóthain dó déanta agat le bliain. Ach níl aon mhaith agat ann mura mbeidh tú d'acht is go háirid in do chónaí
→
dúshlán
'Sé an chaoi a mbíonn sé le chuile obair: a ghabháil di as dúshlán. Déanann sé creachlaois, ach bíonn sí gan mórán slacht
→
téigh do
Rinne tusa creachlaois mhór bail ó Dhia ort, ach tá an óige agat, agus ní comórtas ar bith dhuit seanduine mar mise. Bíonn a cuid féin ag dul don aois