Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Crochaille: (Crothachaille)
ainm-fhocal, firinscneach
uimhir iolraidh: crochaillí.
réama roighin a chuirfeá aníos as do scóig, dhá mbeadh do phíobán ceangluighthe ag a' slaghdán. Caitheann duine an-anró a chuir ar fhéin go minic, le na sceadamán a réidhteach, a's le na crochaillí a chur aníos.
+
Tá mo phíobán calcuighthe le crochaillí.
Airighim mo mhuineál chomh ceangluighthe le na bhfaca tú ariamh, a's cinneann orm thar corr-chrochaille a chuir aníos 'na dheidh sin.
TUILLEADH (18) ▼
Ó bhuail a' slaghdán sin mé, tá'n oiread crochaillí orm, a's a chonnaic tú ariamh.
Tá sé 'cínnt orm mo sceadamán a choinneál réidhtighthe chor a' bith ag crochaillí slaghdáin.
Tá sé an-tslóchtuighthe, a's é 'cur aníos chrochaillí móra roighne 'chuile phuínnte.
Ní fhéadaim labhairt chor a' bith le na 'bhfuil de chrochaillí a's de réama calcuighthe thíos in mo scóig. Shílfeá go mbeidís aníos in aoinfheacht agad, a's bheadh a' sos céadna aríst ann, ar a' bpuinnte.
'Sábhála Dia sinn, ní crochaillí cearta iad sin chor a' bith. Tá siad chomh roighin chomh géar a's uisce glas thríotha(b).
Tháinic racht casachta air, a's chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach, a raibh leithead do bhoise ann.
Bím plúchtaí ar fad, amanntaí, nuair a bhuailea(nn)s an racht mé, a's tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, a's bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh a' bith a bhío(nn)s aríst orm, nuair a fhaghaim réidh an achair.
Ní thaithnigheann na crochaillí sin chor a' bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin, agus is furasta leis a dhul in ainsil, mara dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál, a's bíonn siad chomh roighin, a's gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaghaim a' cainnt liom aca(b), go ceann fada scaithtí.
Caith siar a' bolgam seo, a's réidhteocha sé do scóig ar na crochaillí sin.
Ní ghearrfadh tada na sean-chrochaillí géara seo anois, ach a' braon broghach = badh é tús a' phota an buachaill aca(b)!
Mara bhfuil ag Dia, tá mé a' tolgadh na h-aicíde. Furasta 'aithinte é, a's na crochaillí atá in mo mhuineál.
Ní chuideocha an síon adhmaid seo le mo chuid crochaillí = neartócha an ghaoth adtuaidh seo criotán a's réama in mo chrioslaigh.
Is mór an uais é; a' caitheamh amach crochaillí ar an urlár. Ghlacfá col leis, go réidh.
Má's cúrsaí crochaillí é, m'anam nach bhfuil ceachtar aghainn saor, ní a' ceasacht ar Dhia é.
Tá mo phíobán calcuighthe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deire dhó, mara bhfuil ag Dia.
Níor scar na crochaillí sin liom anois ó'n Nodlaic seo caithte. Sin é an uair a tháinic a' slaghdán orm a' chéad uair.
Nach deacair le na crochaillí céadna scaradh leat! Tá sé in am aca(b) feasta, má's leo(b) scaradh leat go deo.
+
Má fhaghann tú cupla lá eile de na laetheantaí seo, thuas ar a' righteacht siúd, beidh crochaillí ort! = cuirfe an fuacht a's an deártan atá san áit bhinn-tséideamhail úd, slaghdán a's réama ort.
Tá sé ídighthe uileag, agus is beag a' dochar dhó, a's a bhfuil de chasacht a's de chrochaillí air.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfáighteá tada ó'n dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige, Dia Céadaoin.
Níl aon-ghoir aige sin a dhul 'na scoile chomh-uains 'bheidheas na crochaillí sin air.

Crochaille in iontrálacha eile (2)

 
cliar
Dheamhan crochaillí ná réama atá mé a chur aníos, ach tá cliar orm go h-acht a's go h-áithrid.
 
Ní dhealóchaidh na crochaillí seo liom nó go gcaithidh mé braon sean-fuisce. Sin é a chuirfeas aníos a bhfuil de réama síos i mbéal mo chléibh. Meastú cé'n dóigh ab fhearr dom anois a dhul dhá thóruigheacht