—
réama righin a chuirfeá aníos as do scóig dhá mbeadh do phíobán ceanglaithe ag an slaghdán. Caitheann duine an-anró a chur ar fhéin go minic lena sceadamán a réiteach, agus le na crochaillí a chur aníos.
+–
Tá mo phíobán calcaithe le crochaillí.
Airím mo mhuineál chomh ceanglaithe lena bhfaca tú ariamh, agus cinneann orm thar corrchrochaille a chur aníos ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (18) ▼
Ó bhuail an slaghdán sin mé, tá an oiread crochaillí orm agus a chonaic tú ariamh.
Tá sé ag cinnt orm mo sceadamán a choinneáil réitithe chor ar bith ag crochaillí slaghdáin.
Tá sé an-tslóchtaithe, agus é ag cur aníos chrochaillí móra righne chuile phointe.
Ní fhéadaim labhairt chor ar bith lena bhfuil de chrochaillí agus de réama calcaithe thíos in mo scóig. Shílfeá go mbeidís aníos in éineacht agat, agus bheadh an sos céanna aríst ann ar an bpointe.
Go sábhála Dia sinn, ní crochaillí cearta iad sin chor ar bith. Tá siad chomh righin chomh géar agus uisce glas thríothub.
Tháinig racht casachta air, agus chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach a raibh leithead do bhoise ann.
Bím plúchtaithe ar fad amantaí, nuair a bhuaileanns an racht mé, agus tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, agus bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh ar bith a bhíonns aríst orm nuair a fhaighim réidh an achair.
Ní thaitníonn na crochaillí sin chor ar bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin agus is furasta leis a dhul in ainseal mura dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál agus bíonn siad chomh righin agus gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaighim an chaint liom acub go ceann fada scaití.
Caith siar an bolgam seo agus réiteoidh sé do scóig ar na crochaillí sin.
Ní ghearrfadh tada na seanchrochaillí géara seo anois ach an braon broghach — ba é tús an phota an buachaill acub!
Mura bhfuil ag Dia, tá mé ag tolgadh na haicíde. Furasta a aithinte é agus na crochaillí atá in mo mhuineál.
Ní chuideoidh an síon adhmaid seo le mo chuid crochaillí — neartóidh an ghaoth aduaidh seo creatán agus réama in mo chrioslaigh.
Is mór an úis é; ag caitheamh amach crochaillí ar an urlár. Ghlacfá col leis go réidh.
Más cúrsaí crochaillí é, m'anam nach bhfuil ceachtar againn saor, ní ag ceasacht ar Dhia é.
Tá mo phíobán calcaithe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deireadh dhó mura bhfuil ag Dia.
Níor scar na crochaillí sin liom anois ón Nollaig seo caite. Sin é an uair a tháinig an slaghdán orm an chéad uair.
Nach deacair le na crochaillí céanna scaradh leat! Tá sé in am acub feasta, más leob scaradh leat go deo.
+–
Má fhaigheann tú cupla lá eile de na laethantaí seo thuas ar an riteacht siúd, beidh crochaillí ort! — cuirfidh an fuacht agus an deartan atá san áit bhinn-tséidiúil úd slaghdán agus réama ort.
Tá sé ídithe uileag, agus is beag an dochar dhó agus a bhfuil de chasacht agus de chrochaillí air.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfaighteá tada ón dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige Dia Céadaoin.
Níl aon ghair aige sin a dhul 'na scoile chomhuain is a bheas na crochaillí sin air.
crochaille in iontrálacha eile (2)
→
dealaigh
Ní dhealóidh na crochaillí seo liom nó go gcaithe mé braon seanfuisce. Sin é a chuirfeas aníos a bhfuil de réama síos i mbéal mo chléibh. Meas tú cén dóigh ab fhearr dom anois a dhul dhá thóraíocht