—
rampaire de dhuine; duine otruighthe beathuighthe; duine iadhta le feoil; puicneach; duine cuirpíseach; duine a bheadh in a dhamh; béinneach.
+–
Is diabhaltaidhe an cráisiléad é, bail ó Dhia a's ó Mhuire air.
Tá sé in aon-chráisiléad amháin anois, gan fuinneamh gan fáscadh.
TUILLEADH (12) ▼
Tabhair cráisiléad air! Thuit sé i bhfeoil ar fad le goirid, pé'r bith céard atá sé a chaitheamh atá dhá chur ar a' gcuma siúd.
Sníomhfa sé siúd a' leaba, má theigheann sé chodladh uirre. Tá'n cráisiléad údaidh chúig clocha déag meadhchain, má tá sé taobh leis.
Is beag a' dochar dhó a bheith in a chráisiléad fhéin, a's laghad a chuid maitheasa. (D)ar ndóigh, ní dhéanann sé smeach ó mhaidin go faoithin, ach gróigthe istigh ar a' teallach.
Níor mhór dhi siúd bus ar fad fúithe fhéin — a leithide de chráisiléad.
Má mhaireann di, is gairid go mbí sí in a cráisiléad fearacht a máthar. A's tá dáigéad óg atá ion-churtha síos le ceathrar aca(b).
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fiadh, ní mór dhó airgead le na tógáil. D'íosfad sí siúd an t-ádh Mhuimhneach, sé sin, mara bhfuil sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile.
Dheamhan isteach a' dorus sin a thiocfad sé anois, tá sé in a chráisiléad chomh mór sin.
Ba deas slachtmhar a' bhean í, a's féacha an sórt fear a fuair sí faoi dheire — cráisiléad mór bun-aosta, a's boilgín chomh rithte air le sac arbhair. Ach chreidim hébí (pe'r bith) cé'n chaoi 'raibh sé, nó nach raibh sé, go raibh bruighshléacht a's bráigíll air. 'In diaidh an tsolamair a bhío(nn)s a' grádh'.
Is áidhbhéil a' cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonnaic mé go deireannach é. Tá sé 'na bhruithlín chríochnuighthe anois, maran le ól é.
Is maith an dicheall do'n chráisiléad siúd an bóthar a shiubhal le na bhfuil d'fheoil air.
Fear leigthe scafánta a bhí ann scathamh, ach tá sé tuitthe ar a chéile, in aon-chráisiléad amháin anois; a's gan puth dhá anáil aige.
Is dhó is fusa a bheith in a chráisiléad: is maith í a ghreim a's a dheoch. Dhá gcaithead sé seachtmhain sa gCaladh Mór, a' cur aníos fheamuinne ar a dhruim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cuir chuige. Sin é 'bhainfeadh cuid de'n tsaill dhó.