Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cráisiléad
ainmfhocal, firinscneach
iolra: cráisiléid
rampaire de dhuine; duine otraithe beathaithe; duine iata le feoil; puicneach; duine coirpíseach; duine a bheadh ina dhamh; béinneach.
+
Is diabhaltaí an cráisiléad é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air.
Tá sé in aon chráisiléad amháin anois, gan fuinneamh gan fáscadh.
TUILLEADH (12) ▼
Tabhair cráisiléad air! Thit sé i bhfeoil ar fad le gairid, pé ar bith céard atá sé a chaitheamh atá dhá chur ar an gcuma siúd.
Sníomhfaidh sé siúd an leaba má théann sé a chodladh uirthi. Tá an cráisiléad údaí chúig clocha déag meáchain, má tá sé taobh leis.
Is beag an dochar dhó a bheith ina chráisiléad fhéin agus laghad a chuid maitheasa. Ar ndóigh, ní dhéanann sé smeach ó mhaidin go faoithin ach gróigthe istigh ar an teallach.
Níor mhór dhi siúd bus ar fad fúithi fhéin — a leithide de chráisiléad.
Má mhaireann di, is gairid go mbí sí ina cráisiléad fearacht a máthar. Agus tá daigéad óg atá inchurtha síos le ceathrar acub.
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fia, ní mór dhó airgead lena tógáil. D'íosfadh sí siúd an tsáith Mhuimhneach, 'sé sin, mura bhfuil sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile.
Dheamhan isteach an doras sin a thiocfadh sé anois, tá sé ina chráisiléad chomh mór sin.
Ba deas slachtmhar an bhean í, agus féacha an sórt fear a fuair sí faoi dheireadh — cráisiléad mór bunaosta, agus boilgín chomh rite air le sac arbhair. Ach chreidim hé bí (pé ar bith) cén chaoi a raibh sé nó nach raibh sé, go raibh bruithshléacht agus brá gill air. I ndiaidh an tsolamair a bhíonns an grá.
Is áibhéil an cráisiléad fir a rinne P. Ch. ó chonaic mé go deireanach é. Tá sé ina bhruithlín chríochnaithe anois, muran le ól é.
Is maith an dícheall don chráisiléad siúd an bóthar a shiúl lena bhfuil d'fheoil air.
Fear ligthe scafánta a bhí ann scaitheamh, ach tá sé tite ar a chéile in aon chráisiléad amháin anois; agus gan puth dhá anáil aige.
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.