Coideáin
—aidiacht.
—
strainséara; coimhightheach; thar baile, thar tír isteach; strae.
a.
+–
Beithidheach coideáin é = ní ó'n áit seo é; beithidheach thar baile isteach é.
Chonnaic mé beithidheach coideáin thoir ar a' mbóthar indiu, pé'r bith cé leis é.
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhaca tú aon-ghamhain coideáin thart 'sna bólaí seo le cupla lá, a dhuine chóir. Fuair mé tuairisc i S. Ú. gur facthas a' teacht aniar é.
Beithidheach coideáin é sin, a d'imthigh as áit eicínt. Ó thárla nach bhfuil aon-choimhightheas ag na beithidhigh leis, níor mhiste é fhágáil in a mbuil go dtagadh duine eicínt ar a thóruigheacht.
Tá uascán coideáin ar na caoirigh indiu. Maran as an gC. D. é, dheamhan fhios agham, cé'n taobh ar tháinig sé.
Chuir mé an madadh sa gcaora choideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheire, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. indiu í. Tá sí a' locadóireacht thart annsin le seachtmhain, agus is diabhluidhe mór a' t-iongnadh, nach dtagann aon-tóir uirre feasta.
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
Sin gabhar coideáin, pé'r bith cé'rb as ar thriall sí. Ach ní bheadh a' saoghal suas le na gabhair sin. Deanann siad imirce 'chuile phuínnte, a's ní cheannsóchadh a bhfaca tú ariamh iad.
Ní le aonduine aitheantais an maol buidhe sin. Déarfainn gur ceann coideáin í, 'sa taobh seo.
+–
Tá éan coideáin ar an ál se'againne le cupla lá — sicín roilleach. Measaim gur le muinntir bhárr a' bhaile í = éan a rachadh ar imirce ó na ál fhéin go dtí ál comharsan.
Deir B. liom indiu go bhfuil éan coideáin ar a cuid cearc fhéin. Shanntuigh mé a rádh léithe, marach faitchíos go liobróchadh sí mé, gurb shin é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.
TUILLEADH (5) ▼
Ní casfaidhe aon-éan coideáin síos ar do chuid cearc. D'imthigh ceann de'n ál orm dhá lá ó shoin, a's feicthear dhom go raibh sí ro-chuisneach ro-neartuighthe ag na franncaigh le na marbhú.
Níl ar ar gcuid cearc ach éanachaí coideáin 'chuile lá 'san aer. Tá na trí theach eile imbéal a' doruis againn, a's tá na cearca a' déanamh imirce 'chuile ré soluis. Sé'n chaoi mbíonn sé amanntaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
Bhí scliúchas achrainn eicínt ag tighthe bharr a' bhaile aríst indiu. Éanachaí coideáin a tharraing é. Bhí na mná ollmhuighthe amach ceart.
Ní de'n ál an sicín ghliadh-bhuidhe sin chor a' bith. Sé'n chaoi ar casadh in a h-éan coideáin ar a' tsráid í, scathamh th'éis an chuid eile a leigean amach. Chuir muid tuairisc le 'chuile theach ar a' mbaile, a's dheamhan duine ar bith a tháinic in a coinne. InDomhnach d'fhága mise annsin í, nuair nar chuir aonduine bonn uirre.
Éanachaí coideáin iad na h-ealaí (nó 'na h-ealaidheachaí) 'sa taobh seo. Dheamhan ar facthas annseo ariamh iad, go dtí le cupla bliadhain. Deir siad gurab é an chaoi ar díbrigheadh iad de'n tSionainn, an uair a bhí an obair ar siubhal ann.
+–
Tá mé in m'éan chuideáin chríochnuighthe thoir annsiúd, gan duine aitheantais a' bith ingoir ná i ngaobhar dhom = tá mé in mo strainséara, nó tá mé coimhightheach. Tá mé in mo chadhan scaithte i bhfad ó mo mhuinntir fhéin.
Éan coideáin í sin, cheapfainn, ach go deimhin, tá baladh an fhraoigh ar a' gcuid eile = ta sí sin strainséara, ach ó'n bhfraoch nó ó'n sliabh an dream eile atá in a buil. Is furast' aithinte orra é.
TUILLEADH (6) ▼
Is furasta 'aithinte an t-éan coideáin. Níl fhios aige le siubhal 'sa gcladach.
Bhí fámuire thart annseo sa samhradh a's go deimhin ba éan coideáin críochnuighthe é. Dhá bhfeictheá chomh buidhe chomh bealthuighthe a's 'bhí sé, a's na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhightheach eicínt é. Bhí an-chanamhaint air freisin.
Go deimhin is beag a bheadh le deanamh agam a dhul suas in m'éan choideáin go Conndae na Midhe, 'san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agham céard a dhéanfainn ann. Fuireocha mé scathamh eile 'sa tsean-ghrainsigh seo, pé'r bith céard a dhéanfas Dia liom.
Ní aireocha tú an chomharsa choidhchin go mbí tú in t-éan choideáin in áit eicínt, a's gan duine ná deoruidhe aghad le triall air.
Cé hí an t-éan coideáin? Nó meastú beirthe, cé'n sórt 'paint' é sin atá ar a pus aice? Dheamhan a bhfaca mise a mhacsamhail sin ar aon-bhean sa tír seo ariamh cheana.
Ní h-eadh. Éan coideáin é. Tá Béarla an-ghallda aige, a's bhí sé a' tabhairt sonntais do na claidhtheachaí a' teacht anoir, a's a' fiafruighe cá'r fritheadh na clocha a cuireadh ionnta(b).
b.
+–
Háirigheadh coideáin muid ingeall ar a' nGaedhilge. Marach sin ní thiubharfaidhe aon-tsonntas duinn ach an oiread le aon-duine.
InDomhnach chaithfeadh sé a bheith coideáin a's chomh gallda a's chomh galánta a's tá a chuid cainnte. Thar conndae isteach é ar chuma ar bith, a's thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. a's corr-fhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
TUILLEADH (6) ▼
InDomhnach tá lucht na mbáiníní bán coideáin annseo indiu. Ní mór do dhuine 'collar a's tie' a chuir air fhéin feasta le bheith sa bhfaisean.
Th'éis go raibh mé fiche míle ó bhaile indiu, dheamhan fear coideáin a' casadh liom ar mo bhealach. Daoine aitheantais uileag.
Shílfeá go n-airigheann siad coideáin annseo muid, le na 'bhfuil de dhearcadh aca(b) orainn.
Airigheann na caoirigh eile coideáin í, a's iad a bheith a' tabhairt fuatha di mar sin.
Th'éis gur thoir ar a' mbaile sin a rugadh a's a tóigeadh mé, inDomhnach chreidim go mbeidhinn coideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. 'Chuile dhuine dá raibh ann le mo línn-sa, tá siad curtha nó imthighthe.
InDomhnach bhí mé chomh coideáin aca(b), a's dá badh aníos as Cúige Uladh a thiocfainn. Ach chreidim nach ughdar milleáin dóib é, arae cé'n aithne a d'fhéadfadh a bheith aca(b) orm, ach an oiread le scéal.
Coideáin in iontrálacha eile (2)
→
colgach
Madadh sáthach colgach é, má airigheann sé duine coideáin, ach a' té 'mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi a's thairis go bráth, mar nach gcuirfeadh sé aon-araoid air.
→
cora
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.