Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuideáin
aidiacht
strainséara; coimhthíoch; thar baile, thar tír isteach; strae.
a.
+
Beithíoch cuideáin é — ní ón áit seo é; beithíoch thar baile isteach é.
Chonaic mé beithíoch cuideáin thoir ar an mbóthar inniu, pé ar bith cé leis é.
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhaca tú aon ghamhain cuideáin thart sna bólaí seo le cupla lá, a dhuine chóir. Fuair mé tuairisc i S. Ú. gur facthas ag teacht aniar é.
Beithíoch cuideáin é sin a d'imigh as áit eicínt. Ó tharla nach bhfuil aon choimhthíos ag na beithígh leis, níor mhiste é fhágáil ina mbail go dtagadh duine eicínt ar a thóraíocht.
Tá uascán cuideáin ar na caoirigh inniu. Muran as an gC. D. é, dheamhan a fhios agam cén taobh ar tháinig sé.
Chuir mé an madadh sa gcaora chuideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheireadh, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. inniu í. Tá sí ag loiceadóireacht thart ansin le seachtain, agus is diabhlaí mór an t-ionadh nach dtagann aon tóir uirthi feasta.
Ní bheadh aon ghé chuideáin in éindí le na géabha s'agaibhse. Airím imithe le seachtain í, agus níl a fhios agam ó ardbhonnaíochaí an chat mara cá ndeachaigh sí, murab é an sionnach a tharlódh leis í.
Sin gabhar cuideáin, pé ar bith cérb as ar thriall sí. Ach ní bheadh an saol suas le na gabhair sin. Déanann siad imirce chuile phointe, agus ní cheansódh a bhfaca tú ariamh iad.
Ní le aon duine aitheantais an maol buí sin. Déarfainn gur ceann cuideáin í sa taobh seo.
+
Tá éan cuideáin ar an ál s'againne le cupla lá — sicín roilleach. Measaim gur le muintir bharr an bhaile í — éan a rachadh ar imirce óna ál fhéin go dtí ál comharsan.
Deir B. liom inniu go bhfuil éan cuideáin ar a cuid cearc fhéin. Shantaigh mé a rá léithe, murach faitíos go liobródh sí mé, gurb in é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.
TUILLEADH (5) ▼
Ní casfaí aon éan cuideáin síos ar do chuid cearc. D'imigh ceann den ál orm dhá lá ó shin, agus feictear dhom go raibh sí róchuisneach róneartaithe ag na francaigh lena marú.
Níl ar ár gcuid cearc ach éanachaí cuideáin chuile lá san aer. Tá na trí theach eile i mbéal an dorais againn, agus tá na cearca ag déanamh imirce chuile ré solais. 'Sé an chaoi mbíonn sé amantaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
Bhí scliúchas achrainn eicínt ag tithe bharr an bhaile aríst inniu. Éanachaí cuideáin a tharraing é. Bhí na mná ullmhaithe amach ceart.
Ní den ál an sicín ghliadhbhuí sin chor ar bith. 'Sé an chaoi ar casadh ina héan cuideáin ar an tsráid í scaitheamh théis an chuid eile a ligean amach. Chuir muid tuairisc le chuile theach ar an mbaile, agus dheamhan duine ar bith a tháinig ina coinne. I nDomhnach, d'fhága mise ansin í nuair nár chuir aon duine bonn uirthi.
Éanachaí cuideáin iad na healaí (nó na healaíochaí) sa taobh seo. Dheamhan ar facthas anseo ariamh iad go dtí le cupla bliain. Deir siad gurb é an chaoi ar díbríodh iad den tSionainn nuair a bhí an obair ar siúl ann.
+
Tá mé in m'éan chuideáin chríochnaithe thoir ansiúd, gan duine aitheantais ar bith i ngair ná i ngaobhar dhom — tá mé in mo strainséara, nó tá mé coimhthíoch. Tá mé in mo chadhan scoite i bhfad ó mo mhuintir fhéin
Éan cuideáin í sin cheapfainn, ach go deimhin, tá boladh an fhraoigh ar an gcuid eile — tá sí sin strainséara, ach ón bhfraoch nó ón sliabh an dream eile atá ina buil. Is furasta a aithinte orthu é.
TUILLEADH (6) ▼
Is furasta a aithinte an t-éan cuideáin. Níl a fhios aige le siúl sa gcladach.
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
Go deimhin is beag a bheadh le déanamh agam a dhul suas in m'éan chuideáin go Contae na Mí, san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agam céard a dhéanfainn ann. Fuireoidh mé scaitheamh eile sa tseanghráinsigh seo, pé ar bith céard a dhéanfas Dia liom.
Ní aireoidh tú an chomharsa choíchin go mbí tú in t-éan chuideáin in áit eicínt, agus gan duine ná deoraí agat le triall air.
Cé hí an t-éan cuideáin? Nó meas tú beirthe cén sórt paint é sin atá ar a pus aice? Dheamhan a bhfaca mise a mhacasamhail sin ar aon bhean sa tír seo ariamh cheana.
Ní hea. Éan cuideáin é. Tá Béarla an-ghallda aige, agus bhí sé ag tabhairt suntais do na claíochaí ag teacht anoir, agus ag fiafraí cár frítheadh na clocha a cuireadh iontub.
b.
+
hÁiríodh cuideáin muid i ngeall ar an nGaeilge. Murach sin ní thabharfaí aon tsuntas dúinn ach an oiread le aon duine.
I nDomhnach, chaithfeadh sé a bheith cuideáin agus chomh gallda agus chomh galánta agus tá a chuid cainte. Thar contae isteach é ar chuma ar bith, agus thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. agus corrfhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
TUILLEADH (6) ▼
I nDomhnach tá lucht na mbáiníní bán cuideáin anseo inniu. Ní mór do dhuine collar is tie a chur air fhéin feasta le bheith sa bhfaisean.
Théis go raibh mé fiche míle ó bhaile inniu, dheamhan fear cuideáin a casadh liom ar mo bhealach. Daoine aitheantais uileag.
Shílfeá go n-airíonn siad cuideáin anseo muid lena bhfuil de dhearcadh acub orainn.
Airíonn na caoirigh eile cuideáin í agus iad a bheith ag tabhairt fuatha di mar sin.
Théis gur thoir ar an mbaile sin a rugadh agus a tógadh mé, i nDomhnach chreidim go mbeinn cuideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. Chuile dhuine dá raibh ann le mo linnse, tá siad curtha nó imithe.
I nDomhnach bhí mé chomh cuideáin acub agus dá ba aníos as Cúige Uladh a thiocfainn. Ach chreidim nach údar milleáin dóibh é, arae cén aithne a d'fhéadfadh a bheith acub orm ach an oiread le scéal.

cuideáin in iontrálacha eile (6)

 
Más éan cuideáin é, beidh coimhthíos air go cheann cupla lá — más éan é a tháinig ar imirce ó ál nó ó theach eile, beidh scáth agus drogall air aon teanntás a dhéanamh go ceann cupla lá.
 
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
 
cora
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
 
amuigh
Chonaic mé caoirigh cuideáin eicínt amuigh i mbarr an bhaile inniu.
 
fiata
An deoch fhiata é an gin? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cé is moite den fuisce, agus den phórtar
 
Gabhfaidh sí chun dodaíola má théann duine cuideáin dhá bleán