cuir amach
1.
a.
+–
Cuireadh amach é ar a bhéal a's ar fhiacla = cuireadh indiaidh a mhullaigh é.
Cuireadh amach glan-ascartha sa trinnse é, in áit ar bhain tulán truisle as.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh amach sa bhfairrge é, in áit ar sciorr sé ar leic.
Cuireadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus fhobair nar baineadh a raibh d' fhiacla istigh in a cheann as.
b.
·
'Is éasca duine a chuir amach nach bhfuil teach aige dhó féin' (sean-fhocal)
2.
a.
+–
Cuir amach feamuinn = tabhair ó'n gcladach í, go dtí guirt atá le leasú.
A' cuir amach fheamuinne atá sé ar an aimsir seo.
TUILLEADH (7) ▼
Tá glaicín fheamuinne le cur amach a(g)am na laetheantaí seo.
Ní gan í gan ó (úidh gan óidh?) an fheamuinn chéadna a chuir amach.
Má's leat aon-sop feamuinne a chuir amach, tá sé chomh maith duit an t-asal a shrathrú.
A' cuir amach aoiligh atá sé indiu = a' tárlú aoiligh ó'n gcarn aoiligh go dtí na garrdhantaí.
Coinnigheadh ón scoil é, le aoileach a chuir amach.
Tá sé 'cinnt orm aoileach a choinneál amach leis a' mbeirt = tá sé 'cinnt orm an oiread aoiligh a choinneál tarraingthe go dtí an garrdha agus a leasóchadh a bhfuil siad indon a chur nó 'fhódú.
Cuirfe muid amach múirín ar Gharrdha na h-Átha an tseachtmhain seo chugainn.
+–
Tá sé cur amach mhóna na laetheanta seo = dá tárlú ó'n bportach go dtí áit chóireamhail le cruaich a dheanamh dhi, nó go dtí áit a bhféadfaí dhul go dtí í go réidh, sa ngeimhreadh, nó go dtí an bóthar.
Le asal a's cléibh atá sé cur amach na móna.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé cur amach mhóna ar a dhruím, mar ní shiubhalfadh an fiadh an áit atá le dhul aige.
Níl na goigíní 'san ath-pholl in alt a gcur amach fós, mar níl aon únalach (ionnlach) de'n rath aca(b) = níl na gróigíní atá ar an lag-pholl sáthach tirm lena gcur amach fós, mar tá'n plás fliuch fútha(b).
b.
+–
Tá an-chuir-amach ar a' móin de'n phortach thiar = aistear fada le na tabhairt.
Is fada an cuir-amach atá air leis a' móin — tá sé míle go láidir = tá air í a tharraingt míle nó as a chíonn.
TUILLEADH (8) ▼
Is diabhaltaidhe an cur-amach atá ar N. Ph. leis a' bhfeamuinn go dtí barr a' bhaile.
Ní fhéadfa mé 'chuir ar an asal, ach lúscáinín beag aoiligh, mar tá'n cuir-amach ro-fhada = ní fhéadfa mé a chuir ar an asal ach uailín (ualaichín) beag aoiligh, mar caithfe sé é 'thabhairt achar fada.
Tá cuir-amach fada orm — agus bealach aistreánnach.
'Bhfuil cuir-amach fada orraí(bh)se leis a' móin.
Níl mórán cuir-amach orainn leis a' móin, ach tá cuir-amach diabhalta leis a' bhfeamainn, mar tá'n talamh uiliog an-fhada amach.
Tá cur-amach mór orra(b) leis a' ngaine(amh) = tá orra(b) é tharraingt bealach fada.
Tá tinneas droma orm, de bhárr an chuir-amach fhada 'bhí orm ó mhaidin leis a' bhfraoch
Dhá ndeanaidís a' bóthar amach go gleann an fhiadha, ba bheag a' bhrigh a mbeadh de chur amach ar a' móin.
3.
a.
+–
Chuir sé leadhb (foghar — le'aghaidhb) dá theanga amach fúm
Ná cuir amach do theanga níos mó, ar mhaith leat fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí leota dhá theanga amuigh aige fúithi = le fonóid uirre, le droch-mheas uirre.
Shoraidh dhíot, mara gránda an faisean a thug tú dhuit fhéin, do theanga bheith sáithte amach agad 'chuile phuinnte.
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach, anois, ní bhfaighe tú aon-ghreim aráin níos mó = is cosamhail go mbeadh duine thart críochnuighthe le ocras, tart etc, nuair a chuirfeadh sé a theanga bheag amach.
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach, an Nodlaig seo, d'uireasbha poitín, ní bheadh aon-ghoir agad sileadh 'fhaghail.
Is cuma liom, dá gcuirtheá do theanga beag amach, sé'n chás amháin duit é, ní chuirfear aon tae síos duit, go mbí sé ar aon-chur síos amháin.
Bhí mé 'cuir mo theanga bheag amach leis a' tart, agus gan aon-deor le faghail.
Cuir do theanga bheag amach, má's breagh leat é, ach níl sileadh le faghail a(g)ad.
Tá mé 'cuir mo theanga bheag amach sa ngarraidhe ó mhaidin, le teann tairt, agus ní chuimhneochadh sib ar dheoch a thabhairt agam in a dhiaidh sin.
+–
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh 'cur a theanga amach = lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an sean-rapur (an sean-chóta)
TUILLEADH (3) ▼
Ní thuitfeadh aon-deoir alluis leis a's bíodh an fiach dubh 'cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhorus, d'uireasbha a chóta a's bíodh an lá chomh meirbh a's go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoi'n muineál aige 'na dheidh sin.
b.
+–
Chuir sé amach a raibh in a bholg (in a phutógaí, istigh)
Chuir sé amach ar ith sé aríst.
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail fonn múisc é, agus chuir sé amach 'chuile dheoir (d)ár ól sé ar ais aríst
Nuair a thaga(nn)s ualach air cuireann sé amach é.
Ghlac mé col le droch-uibh an lá faoi dheire, agus chuir mé amach gach's a raibh 'mo phutógaí.
Uisce glas a chuir sí amach.
Chuir mé amach ramallae a's réama ar cealacan indiu.
c.
+–
Tháinic cuir-amach air = fonn múisc; urlacan.
Bhuail fonn cuir amach mé = bhuail fonn múisc mé.
TUILLEADH (9) ▼
Bhuail cuir-amach mé, i gcead (d)o(n) chomhluadar th'éis an éisc 'ithe.
Tháinic cuir-amach orm, agus níor fhága mé aon-cheo in mo phutóig nar chuir mé aisti.
Cuireann fuisce cuir amach orm, 'gcead (d)o(n) chomhluadar i gcomhnuidhe
Is olc é 'n cuir amach sin.
Tá cuir-amach air i gcomhnuidhe. Níl glacadh ag an mbolg le tada.
Má thagann cuir-amach orm, tá mé réidh aríst go maidin.
Níl goir agam fata 'bith ithe, nach mbuaileann brúchtaoighil a's cuir-amach mé.
Níl aon-acfuinn óil agad, má chuir an méid sin a' cur amach thú.
Tá sé faghail a cheart le déanamh ó'n gcuir-amach, aríst.
d.
+–
Chuir an bhó a lúth amach = páirt dá putógaí nó dá dubhánaí. (cuireann beithidhigh amach amanntaí é)
Dhá gcuirtheá do lúth amach leis, ní dhéanfa tú é = dhá ndéantá do shean-dicheall leis, cínnfe sé ort.
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfe sé a sceadamán amach in éadan na feamainne.
Nar chomhnuighe sé, go gcuire sé a sceadamán amach ag obair!
4.
+–
Tá na síolta a' cuir amach = baslógaí a' fás as na súile; iad a' goineadh.
Níor thosuigh siad a' cur amach fós = na síolta, fataí etc.
TUILLEADH (4) ▼
Is fada go bhfuil na crainnte a' cur amach imbliadhna.
Níl mórán cuir amach déanta aca(b) fós.
Fág annsin iad go ndéana siad tuille cuir amach.
Má dhéanann siad mórán eile cuir amach, ní bheidh siad inrásta iad a chur chor a' bith.
5.
+–
Chuir mé m'órdóig amach, leis a' dorna 'thug mé dhó.
Sciorr sé sa gcladach, agus chuir sé amach a rúitín.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh in aon-tuairt amháin in éadan a' chlaidhe é, agus cuireadh a ghualainn amach.
Bhí sí taithte 'na chéile, marach gur chuir sé amach aríst í.
Chuir mé mo laidhiricín amach, chomh fánach a's chonnaic tú ariamh.
Má chuireann tú amach aríst í, gheobhfa tú rud le déanamh uaithe = má chuireann tú as a h-áit aríst í, beidh fiannuidheacht uirre, sul a mbí sí cneasuighthe, agus b'fhéidir mar sin fhéin, go mbead sí gabhail romhat i gcomhnuidhe.
Bhain sé stangadh as féin, agus tá faitchíos air, gur chuir sé amach a ghualainn.
Tá cois bhocht aige, in áit ar chuir sé amach í, leis an liathróid.
6.
+–
Chuir mé amach é = chaith mé an t-airgead. D'íoc mé as earraidhthe é, nó as rud eicínt a bhí teacht treasna orm.
Na cupla punt a bhí agam, b'éigean dom iad a chuir amach leis a' gcíos = a chaith.
TUILLEADH (27) ▼
Is gearr le dhul cupla punt, nuair a chaithfeas duine a bheith 'cur amach 'chuile lá.
Ar ndú (ndóigh), níor chuir tú amach an méid sin airgid ar a' leasú?
Cé mhéad a chuir tú amach sa siopa indiu.
Is mó 'theighea(nn)s amach ar rudaí fánacha, ná ar a leithide sin.
Chuir mé amach a raibh agam, ar chupla culaith éadaigh de na gearr-bhodaigh.
Ní aireo(chth)á cupla punt ag(d)ul amach — cá'ide le dhul é agus chomh daor a's tá 'chuile shórt?
Ná cuir amach aon phighinn de'n deich fichead sin anois, mar teastócha sé l'aghaidh an chíos'.
Ar a bhfaca tú ariamh, seachain a' gcuirfeá amach, aon-phighinn de'n 'seicín' (io) sin.
Caithfe mé an punt seo a chuir amach, th'éis go bhfuil mé taobh leis.
Bhí mé 'coinneál an méid sin l'aghaidh na coise tinne, ach chreidim go gcaithfear é 'chuir amach anois, mar sin féin.
Hébrí cé'n dola 'bheidheas orainn, ní fhéad(f)ar aon-phighinn de'n airgead sin a chuir amach.
Níl cianóg anois ann — cuireadh amach ar fad é, le cuid nuaidheacht na saoire.
Chuir mé 'chuile leithphighinn dhá bhfuair mé as Ameriocá, amach a' ceannacht cuid na Nodlac.
Cuireadh an phighinn bheag agus an phighinn mhór dhe amach indiu, leis na bainbh.
Tá faitchíos orm go gcaithfe sib troisceadh feasta, mar tá mo chuid airgid amuigh uiliog agham.
Ní raibh leithphighinn ruadh a' gabhail liom, nar chuir mé amach inGaillimh indiu, agus tuille a's bíodh sé agam.
Chuir mé amach lán laidhre, aimsir a' tsagairt = an uair a bhí an sagart a' teacht chuig an éisteacht.
Níl líon léith (lí léithe?) agam, nach bhfuil amuigh anois.
Níor choinnigh mé oiread's an chianóg fhéin, nar chuir mé amach.
Is furasta airgead a chuir amach i siopa, deirimse leat.
Is furasta punt a chuir amach 'san áit a mbeidh lán tighe, go leige Dia slán na daoine.
Dheamhan sciúrtóg dhá raibh ar m'fhaghaltas nar chuir mé amach, a' ceannacht troscáin do'n seomra sin.
Is furasta airgead a chuir amach annsiúd — ar chuala tú ariamh é: 'ní h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir a's é fhágáil'
Chuir sí amach a raibh aice, le rudaí nar theastuigh uaithe beag ná mór.
Is furasta airgead a chuir amach, ach is deacair é 'shaothrú.
Cidh Dia gur cruadh a shaothru(igh) mise an t-airgead sin, agus thusa dhá chuir amach anois ar ealadhain.
Tiocfa an punt sin amach ambáireach, ar rudaí beaga a theastuighea(nn)s ó'n teach.
cuir amach in iontrálacha eile (50+)
Agus le fearasbár a chur ar an gcumaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín, nó go gcasfadh sí ceól duinn = idteannta bídh agus deoch a thabhairt duinn
→
fiosach
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
→
fothair
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
→
froigisí
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
→
fáideog
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideóige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirre sin fhéin ach nach raibh aon-deóir ola mhór againn le cur uirre. Sin é a d'fhága in ar mbambairne muid
+
→
fáinne
Tá gamhain ann sin agam agus chuirfeá amach i bhfáinne é = tá sé an-tsuaite, an-tugha uaidh (is cosúil go moltaí an bhean a mbíodh an com seang aice a ghabhfadh thrí fháinne san sean-reacht. Is minic i gceist in amhráin é: "com caol cailce thríd fháinne ag léimneach" etc.)
TUILLEADH (2) ▼
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
→
fálach
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
→
fánach
Is fánach anois a chuir mé amach mo phunt ar an dá channa sin, agus dheamhan liobar dhíob a bhéas le chéile bliain ó inniu
→
fóir
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian cho cráite air. Sin é an fhóirínt a fuair sé ón dochtúr
→
caibín
Chuir an coinín a phípín in a chaibín, a's tharraing sé amach a bhoiscín cipíní gur dhearg sé é.
→
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí ' bhuidéal sin, go gcuirtear amach i bpoll a' chlaidhe iad. Fainic Dia aithnightear a' dtiocfadh aon-sclamh aca(b) in do chois!
→
caolóid
Chuir muid neart fataí spréidhte amach ó na caolóideachaí luirg sa ngarrdha sin thuas, a's muid a' cur a' choirce i mbliadhna.
→
caothach
Má's leat a' mhóin a chuir amach leis an asal, caithfe tú ciseannaí a dhéanamh ann, a's ní gan úidh gan óidh sin, a's a liachtaighe caethach a's atá ann. Cheapfainn féin go mb'fhearr a' ghnoithe a dhéanfá leis a' druim imbliadhna go h-áithrid.
→
ceal 1
Ní bhíonn déanamh bith 'cheal poitín aige, ó eireochas a' bhlas leis chor a' bith. Tá sé chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann ingeall le na luach a dheanamh amach.
+
→
ceas
Fuair mise daba mairtfheola an tseachtmhain seo caithte, a's bhí sí a' fínniú. Níor chaith mé amach fós í fhé'int a dtiocfadh aon-cheannuidhe thart, go gcuirinn ceas air léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh sé taobh le bheith 'na cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin, nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
+
→
colg
Chonnaic mé an sceannadóir de mhadadh sin aige a' teacht amach, a's a' cur chuilg air fhéin liom, a's dheamhan a rabh fhios agam a dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
InDomhnach tá siad dhá h-árdú leo(b) anois, ingan fhios a's i gcoimhfhios. Maidir le go bhfuil suím aca(b) duine dhá bhfeiceál, dheamhan a dhath, ach an oiread a's dá mbadh leo(b) fhéin í. Múinfe sin mise aríst, gan mo chuid móna a chuir (chur) amach ann.
+
→
cora
Chuir sé amach a rúitín a' teacht thar a' gcarra, a's dheamhan corruighe amach a rinne sé ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
Caitheann sib cosamar fataí amach annsin chuile lá, a's dheamhan áird agaibh air, ach é fhágáil annsin in a charra. Gheobhtaidhe rud eicínt le caitheamh a chuir ann, marach go leigeann sib amudha é.
+
Dhá gcuirtí amach é fhéin as seo taobh le cupán tae cosnochttha, chuirfeadh sé ar gcáil faoi'n tír.
TUILLEADH (1) ▼
Tuille diabhail aige anois mara bhfuil S. dhá bhaint siar as — é a' cur a sceadamáin amach annsiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló, a's cupáinín tae cosnochtuighthe.
Ó'n gcosamhlacht a chuir sé air fhéin, deir [tú] leat fhéin go ndéanfadh sé cat a's dá rioball, ach badh gearr le dhul é 'na dheidh sin, nuair a féachadh amach é.
→
cuideáin
Ní de'n ál an sicín ghliadh-bhuidhe sin chor a' bith. Sé'n chaoi ar casadh in a h-éan coideáin ar a' tsráid í, scathamh th'éis an chuid eile a leigean amach. Chuir muid tuairisc le 'chuile theach ar a' mbaile, a's dheamhan duine ar bith a tháinic in a coinne. InDomhnach d'fhága mise annsin í, nuair nar chuir aonduine bonn uirre.
+
→
bannaí 1
Shílfeá nach hé an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é 'scaoileadh amach ar bhannuidhe, ach ní raibh a dhíol fiadhnuisí in aghaidh le príosúntacht a chuir air. (Fonn — ní thagann aon-chlaochmódh tuisil ar a' bhfocal seo sa gcéill seo, le idir-dhealú a dhéanamh idir é a's fonn = port. "Níl mórán fonn air a dhul abhaile", ach "a' gabhail fhuinn".)
TUILLEADH (2) ▼
Chuir mé bannaidhe béil air, gan an scéal sin a leigean amach ar a bhfaca sé ariamh, a's sílim nar leig ach an oiread, arae níor chuala mé aon-cheo in a dhiaidh ariamh faoi.
Ní chuirtear gliomach a' bith sa bpota taisce gan bannaí a chuir air — a chrúib a bhriseadh — a's ní fhanann aon-éitir ann, uaidh sin amach.
+
→
bealach
Caitheann siad an mhóin a chuir amach le asail, go dtí bealach a' chairr.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh an lúscáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireochainn í 'chuir amach.
Níor chuir sé amach ariamh aon-fhear bóthar ná bealaigh a d'éiligh lóistín na h-oidhche air.
Ta bealach fada air, an mhóin a chuir amach = aistear (ní bheadh bóthar ná casán i gceist annseo — aistear amháin).
→
bealadh
Níl aon-ghnaithe amach aghainn leis a' gcárr sin, go gcuirtear bealadh air. Chloisfeá míle uait an scréachghail atá air, le seachtmhain.
+
→
bealaigh
Má dhéanann sé brigh báistighe, is fhearr dhaoib, a dhul a' cur amach fheamuinne arae ní bheidh sé in araidheacht a dhul a' spréidheadh ithreach, beidh sí chomh bealthuighthe sin.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé bealadh faoi'n teanga trathnóna shul dhá(r) bhog sé amach ar a chuairt.
→
coraice
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
→
crinn
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
Tháinic racht casachta air, a's chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach, a raibh leithead do bhoise ann.
→
cromnasc
InDomhnach má thogruigheann sib 'imtheacht, sin é amach an bealach agaibh. Níl duine a' bith annseo a' cur cromnasc ná buaithrín barrtha a' bith oraibh.
InDomhnach níor b'fh'lár do ghasúr a bheith cuisneach go maith le na chur 'un scoile a's an aimsir atá ann. Chonnaic mé deoruidhe beag de ghasúr atá ag M. Mh. a' dul anoir indé, a's é 'na ghuróirín leis a' bhfuacht. Nár agruighe Dia air a dhul a' cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht a's faoi dheallradh!
→
beo 1
Amach leis ar a' tsráid go beo droch-mhúinte, a's shílfeá gur mó an fonn a bhí air, tosuighe a' cur a chraicinn di amuigh.
→
borr
Thosuigh an cut a' borradh ar a' teallach, go raibh sé 'cur taobháin a' tighe amach dhe. 'Má's mar sin é' adeir sé, ag (d)ul amach a' dorus dó 'ormsa thuitfeas an oighrigheacht anois' (sliocht as mion-scéilín faoi chat).
→
breacán
Is measa a chuid briocáin a chuir faoi réir dhó, 'chuile Dhomhnach, ná dhá mbadh 'dul amach dhá phósadh a bheadh sé.