cuir amach
1.
a.
+–
Cuireadh amach é ar a bhéal agus ar a fhiacla — cuireadh i ndiaidh a mhullaigh é
Cuireadh amach glanoscartha sa trinse é an áit ar bhain tulán truisle as.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh amach sa bhfarraige é an áit ar sciorr sé ar leic.
Cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é agus fhóbair nár baineadh a raibh d'fhiacla istigh ina cheann as.
b.
·
'Is éasca duine a chur amach nach bhfuil teach aige dhó féin' (seanfhocal)
2.
a.
+–
Cuir amach feamainn — tabhair ón gcladach í go dtí goirt atá le leasú
Ag cur amach fheamainne atá sé ar an aimsir seo.
TUILLEADH (7) ▼
Tá glaicín fheamainne le cur amach agam na laethantaí seo.
Ní gan í gan ó (úidh gan óidh) an fheamainn chéanna a chur amach.
Más leat aon sop feamainne a chur amach, tá sé chomh maith duit an t-asal a shrathrú.
Ag cur amach aoiligh atá sé inniu — ag tarlú aoiligh ón gcarn aoiligh go dtí na garrantaí.
Coinníodh ón scoil é le aoileach a chur amach.
Tá sé ag cinnt orm aoileach a choinneáil amach leis an mbeirt — tá sé ag cinnt orm an oiread aoiligh a choinneáil tarraingthe go dtí an garraí agus a leasódh a bhfuil siad in ann a chur nó a fhódú.
Cuirfidh muid amach múirín ar Gharraí na hÁtha an tseachtain seo chugainn.
+–
Tá sé ag cur amach mhóna na laethanta seo — dá tarlú ón bportach go dtí áit chóiriúil le cruaich a dhéanamh dhi, nó go dtí áit a bhféadfaí dhul go dtí í go réidh sa ngeimhreadh, nó go dtí an bóthar.
Le asal agus cléibh atá sé ag cur amach na móna.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag cur amach mhóna ar a dhroim, mar ní shiúlfadh an fia an áit atá le dhul aige.
Níl na goigíní san athpholl in alt a gcur amach fós mar níl aon únalach (ionlach) den rath acub — níl na gróigíní atá ar an lagpholl sách tirim lena gcur amach fós mar tá an plás fliuch fúthub.
b.
+–
Tá an-chur amach ar an móin den phortach thiar — aistear fada lena tabhairt.
Is fada an cur amach atá air leis an móin — tá sé míle go láidir — tá air í a tharraingt míle nó os a chionn
TUILLEADH (8) ▼
Is diabhaltaí an cur amach atá ar N. Ph. leis an bhfeamainn go dtí barr an bhaile.
Ní fhéadfaidh mé a chur ar an asal ach luascáinín beag aoiligh mar tá an cur amach rófhada — ní fhéadfaidh mé a chur ar an asal ach uailín (ualachín) beag aoiligh mar caithfidh sé é a thabhairt achar fada.
Tá cur amach fada orm — agus bealach aistreánach.
An bhfuil cur amach fada oraibhse leis an móin.
Níl mórán cur amach orainn leis an móin ach tá cur amach diabhalta leis an bhfeamainn, mar tá an talamh uileag an-fhada amach.
Tá cur amach mór orthub leis an ngaineamh — tá orthub é a tharraingt bealach fada.
Tá tinneas droma orm de bharr an chur amach fhada a bhí orm ó mhaidin leis an bhfraoch
Dhá ndéanaidís an bóthar amach go Gleann an Fhia, ba bheag an bhrí a mbeadh de chur amach ar an móin.
3.
a.
+–
Chuir sé leadhb (foghar — le'aghaidhb) dá theanga amach fúm
Ná cuir amach do theanga níos mó ar mhaithe leat fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí leota dhá theanga amuigh aige fúithi — le fonóid uirthi; le drochmheas uirthi.
Shoraidh dhíot, mura gránna an faisean a thug tú dhuit fhéin do theanga bheith sáite amach agat chuile phointe.
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach anois, ní bhfaighidh tú aon ghreim aráin níos mó — is cosúil go mbeadh duine thart críochnaithe le ocras, tart srl., nuair a chuirfeadh sé a theanga bheag amach.
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach an Nollaig seo d'uireasa poitín, ní bheadh aon ghair agat sileadh a fháil.
Is cuma liom dá gcuirtheá do theanga beag amach, is aon chás amháin duit é, ní chuirfear aon tae síos duit go mbí sé ar aon chur síos amháin.
Bhí mé ag cur mo theanga bheag amach leis an tart agus gan aon deoir le fáil.
Cuir do theanga bheag amach, más breá leat é, ach níl sileadh le fáil agat.
Tá mé ag cur mo theanga bheag amach sa ngarraí ó mhaidin le teann tairt, agus ní chuimhneodh sibh ar dheoch a thabhairt agam ina dhiaidh sin.
+–
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh ag cur a theanga amach — lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an seanrapar (an seanchóta)
TUILLEADH (3) ▼
Ní thitfeadh aon deoir allais leis agus bíodh an fiach dubh ag cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhoras d'uireasa a chóta agus bíodh an lá chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoin muineál aige ina dhiaidh sin.
b.
+–
Chuir sé amach a raibh ina bholg (ina phutógaí, istigh)
Chuir sé amach ar ith sé aríst.
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail fonn múisc é agus chuir sé amach chuile dheoir dár ól sé ar ais aríst
Nuair a thaganns ualach air, cuireann sé amach é.
Ghlac mé col le drochuibh an lá faoi dheireadh agus chuir mé amach gach is a raibh i mo phutógaí.
Uisce glas a chuir sí amach.
Chuir mé amach ramallae agus réama ar céalacan inniu.
c.
+–
Tháinig cur amach air — fonn múisc; urlacan
Bhuail fonn cur amach mé — bhuail fonn múisc mé.
TUILLEADH (9) ▼
Bhuail cur amach mé, i gcead don chomhluadar, théis an éisc a ithe.
Tháinig cur amach orm agus níor fhága mé aon cheo in mo phutóig nár chuir mé aisti.
Cuireann fuisce cur amach orm, i gcead don chomhluadar, i gcónaí
Is olc é an cur amach sin.
Tá cur amach air i gcónaí. Níl glacadh ag an mbolg le tada.
Má thagann cur amach orm, tá mé réidh aríst go maidin.
Níl gair agam fata ar bith ithe nach mbuaileann brúchtaíl agus cur amach mé.
Níl aon acmhainn óil agat má chuir an méid sin ag cur amach thú.
Tá sé ag fáil a cheart le déanamh ón gcur amach aríst.
d.
+–
Chuir an bhó a lúth amach — páirt dá putógaí nó dá duánaí. Cuireann beithígh amach amantaí é
Dhá gcuirtheá do lúth amach leis, ní dhéanfaidh tú é — dhá ndéantá do sheandícheall leis, cinnfidh sé ort.
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh sé a sceadamán amach in éadan na feamainne.
Nár chónaí sé go gcuire sé a sceadamán amach ag obair!
4.
+–
Tá na síolta ag cur amach — baslógaí ag fás as na súile; iad ag goineadh
Níor thosaigh siad ag cur amach fós — na síolta, fataí srl.
TUILLEADH (4) ▼
Is fada go bhfuil na crainnte ag cur amach i mbliana.
Níl mórán cur amach déanta acub fós.
Fág ansin iad go ndéana siad tuilleadh cur amach.
Má dhéanann siad mórán eile cur amach, ní bheidh siad inrásta iad a chur chor ar bith.
5.
+–
Chuir mé m'órdóig amach leis an dorna a thug mé dhó.
Sciorr sé sa gcladach agus chuir sé amach a rúitín.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh in aon tuairt amháin in éadan an chlaí é agus cuireadh a ghualainn amach.
Bhí sí taite ina chéile murach gur chuir sé amach aríst í.
Chuir mé mo laidhricín amach, chomh fánach is a chonaic tú ariamh.
Má chuireann tú amach aríst í, gheobhaidh tú rud le déanamh uaithi — má chuireann tú as a háit aríst í, beidh fiannaíocht uirthi sula mbí sí cneasaithe, agus b'fhéidir mar sin fhéin go mbeadh sí ag gabháil romhat i gcónaí.
Bhain sé stangadh as féin agus tá faitíos air gur chuir sé amach a ghualainn.
Tá cois bhocht aige an áit ar chuir sé amach í leis an liathróid.
6.
+–
Chuir mé amach é — chaith mé an t-airgead. D'íoc mé as earraithe é, nó as rud eicínt a bhí ag teacht trasna orm.
Na cupla punt a bhí agam, b'éigean dom iad a chur amach leis an gcíos — a chaitheamh
TUILLEADH (27) ▼
Is gearr le dhul cupla punt nuair a chaithfeas duine a bheith ag cur amach chuile lá.
Ar ndóigh, níor chuir tú amach an méid sin airgid ar an leasú?
Cé mhéad a chuir tú amach sa siopa inniu.
Is mó a théanns amach ar rudaí fánacha ná ar a leithide sin.
Chuir mé amach a raibh agam ar chupla culaith éadaigh do na gearrbhodaigh.
Ní aireofá cupla punt agdul amach — cáide le dhul é agus chomh daor agus atá chuile shórt?
Ná cuir amach aon phínn den deich fichead sin anois mar teastóidh sé le aghaidh an chíosa.
Ar a bhfaca tú ariamh, seachain an gcuirfeá amach aon phínn den seicín (io) sin.
Caithfidh mé an punt seo a chur amach théis go bhfuil mé taobh leis.
Bhí mé ag coinneáil an méid sin le aghaidh na coise tinne, ach chreidim go gcaithfear é a chur amach anois mar sin féin.
Hé brí cén dola a bheas orainn, ní fhéadfar aon phínn den airgead sin a chur amach.
Níl cianóg anois ann — cuireadh amach ar fad é le cuid nuaíocht na saoire.
Chuir mé chuile leithphínn dhá bhfuair mé as Meiriceá amach ag ceannacht cuid na Nollag.
Cuireadh an phínn bheag agus an phínn mhór dhe amach inniu leis na bainbh.
Tá faitíos orm go gcaithfidh sibh troscadh feasta mar tá mo chuid airgid amuigh uileag agam.
Ní raibh leithphínn rua ag gabháil liom nár chuir mé amach i nGaillimh inniu, agus tuilleadh is bíodh sé agam.
Chuir mé amach lán laidhre aimsir an tsagairt — nuair a bhí an sagart ag teacht chuig an éisteacht.
Níl líon léith (lí léithe?) agam nach bhfuil amuigh anois.
Níor choinnigh mé oiread is an chianóg fhéin nár chuir mé amach.
Is furasta airgead a chur amach i siopa, deirimse leat.
Is furasta punt a chur amach san áit a mbeidh lán tí, go lige Dia slán na daoine.
Dheamhan sciúrtóg dhá raibh ar m'fháltas nár chuir mé amach ag ceannacht troscáin don seomra sin.
Is furasta airgead a chur amach ansiúd — ar chuala tú ariamh é: 'ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus é a fhágáil'
Chuir sí amach a raibh aici le rudaí nár theastaigh uaithi beag ná mór.
Is furasta airgead a chur amach ach is deacair é a shaothrú.
Cí Dia gur crua a shaothraigh mise an t-airgead sin agus thusa dhá chur amach anois ar ealaín.
Tiocfaidh an punt sin amach amárach ar rudaí beaga a theastaíonns ón teach.
cuir amach in iontrálacha eile (50+)
Agus le farasbarr a chur ar an gcomaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín nó go gcasfadh sí ceol dúinn — i dteannta bí agus deoch a thabhairt dúinn
→
fiosach
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
→
fothair
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
→
froigisí
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
→
fáideog
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideoige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirthi sin fhéin ach nach raibh aon deoir ola mhór againn le cur uirthi. Sin é a d'fhága inár mbambairne muid
+
→
fáinne
Tá gamhain ansin agam agus chuirfeá amach i bhfáinne é — tá sé an-tsuaite, an-tugtha uaidh. Is cosúil go moltaí an bhean a mbíodh an com seang aici a ghabhfadh thrí fháinne sa seanreacht. Is minic i gceist in amhráin é: com caol cailce thríd fháinne ag léimneach srl.
TUILLEADH (2) ▼
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
→
fálach
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
→
fánach
Is fánach anois a chuir mé amach mo phunt ar an dá channa sin, agus dheamhan liobar dhíobh a bheas le chéile bliain ó inniu
→
fóir
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
→
cadhail
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
→
caibín
Chuir an coinín a phípín ina chaibín, agus tharraing sé amach a bhoiscín cipíní gur dhearg sé é.
→
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!
→
caolóid
Chuir muid neart fataí spréite amach ó na caolóideachaí loirg sa ngarraí sin thuas agus muid ag cur an choirce i mbliana.
→
ceal 1
Ní bhíonn déanamh ar bith cheal poitín aige, ó éireos aon bhlas leis chor ar bith. Tá sé chomh dúlaí ann, agus go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann i ngeall lena luach a dhéanamh amach.
+
→
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh sé taobh le bheith ina cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
Tá cúigear cleathairí mac aige agus iad gan chló stiúrtha ar bith dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dófa, is gearr nach bhféadfaidh na daoine an bóthar a shiúl chor ar bith acu. Is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé iad siod amach ag saothrú; seachas iad a bheith ag baint na sála dhá chéile istigh ansiod aige.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
→
colg
Chonaic mé an sceanadóir de mhadadh sin aige ag teacht amach agus ag cur choilg air fhéin liom, agus dheamhan a raibh a fhios agam an dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
→
comaoin
'Cuirfidh mise comaoin do láimhe fhéin ort,' adeir fear Dh. Fh. ag tarraingt scine amach agus ag tabhairt farra faoi.
→
cora
Chuir sé amach a rúitín ag teacht thar an gcora, agus dheamhan corraí amach a rinne sé ó shin.
+
Dhá gcuirtí amach é fhéin as seo taobh le cupán tae cosnochta, chuirfeadh sé ar gcáil faoin tír.
TUILLEADH (1) ▼
Tuilleadh diabhail aige anois mura bhfuil S. dhá bhaint siar as — é ag cur a sceadamáin amach ansiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló agus cupáinín tae cosnochtaithe.
Ón gcosúlacht a chuir sé air fhéin, deir tú leat fhéin go ndéanfadh sé cat is dá rioball, ach ba gearr le dhul é ina dhiaidh sin, nuair a féachadh amach é.
→
cuideáin
Ní den ál an sicín ghliadhbhuí sin chor ar bith. 'Sé an chaoi ar casadh ina héan cuideáin ar an tsráid í scaitheamh théis an chuid eile a ligean amach. Chuir muid tuairisc le chuile theach ar an mbaile, agus dheamhan duine ar bith a tháinig ina coinne. I nDomhnach, d'fhága mise ansin í nuair nár chuir aon duine bonn uirthi.
+
→
bannaí 1
Chuir mé bannaí béil air gan an scéal sin a ligean amach ar a bhfaca sé ariamh, agus sílim nár lig ach an oiread, arae níor chuala mé aon cheo ina dhiaidh ariamh faoi.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirtear gliomach ar bith sa bpota taisce gan bannaí a chur air — a chrúib a bhriseadh — agus ní fhanann aon éitir ann uaidh sin amach.
→
bealadh
Níl aon ghnaithe amach againn leis an gcarr sin go gcuirtear bealadh air. Chloisfeá míle uait an scréachaíl atá air, le seachtain.
+
→
bealaigh
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé bealadh faoin teanga tráthnóna shular bhog sé amach ar a chuairt.
→
coraice
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
→
crinn
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
Tháinig racht casachta air, agus chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach a raibh leithead do bhoise ann.
→
cromnasc
I nDomhnach má thograíonn sibh imeacht, sin é amach an bealach agaibh. Níl duine ar bith anseo ag cur cromnasc ná buairthín barrtha ar bith oraibh.
I nDomhnach níorbh fholáir do ghasúr a bheith cuisneach go maith lena chur chun scoile agus an aimsir atá ann. Chonaic mé deoraí beag de ghasúr atá ag M. Mh. ag dul anoir inné, agus é ina ghoróirín leis an bhfuacht. Nár agraí Dia air a dhul ag cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht agus faoi dheallradh!
→
beo 1
Amach leis ar an tsráid go beo drochmhúinte, agus shílfeá gur mó an fonn a bhí air tosaí ag cur a chraicinn di amuigh.
→
borr
Thosaigh an cat ag borradh ar an teallach go raibh sé ag cur taobháin an tí amach dhe. 'Más mar sin é,' adeir sé, ag dul amach an doras dó, 'ormsa a thitfeas an oidhríocht anois' (sliocht as mionscéilín faoi chat)
→
breoigh
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
→
breá
Má tá tusa chomh láidir agus atá do ligean amach, nach breá a loic tú ó J. Sh. nuair a bhí sé ag cur achrainn ort ag béal an bhóithrín!
+
→
bruach
'Sé an chaoi ar chuir sé an coirce inniu, é a spré amach as na hiomrachaí agus gan bruach ar bith a leagan. Dheamhan a fhios agam nárb é an cás céanna dhó é agus an bhail a bhí ar an talamh ithreach (loirg) aige
TUILLEADH (2) ▼
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.
Bhris bruach beag faoi agus cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é — mar a bheadh tulchán nó tortáinín beag