—
a.
airgead a íoctar in ómós, talmhana, tighe etc.
+–
Níor íoc sé aon-phighinn cíosa le dhá bhliadhain.
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
TUILLEADH (16) ▼
'Sé bhíodh a' tógáil a' chíosa annseo fadó.
Is gearr go mbí cíos a' teacht treasna orainne = dlighte le n-íoc.
Beidh cíos a' glaodhach anois an mhí seo chugainn = beidh cíos le'n íoc.
Bheadh ciall cíos ach gearraidheachaí.
Tá sé phunt air. Idir chíos a's airgead acraí.
Beidh an lá cáirde thuas anois go goirid, a's mara mbí an cíos íoctha roimhe sin, deirimse leat, gur gearr go mbeidh tréas dhá chur orainn faoi.
Caithfe an punt sin a dhul sa gcíos = foghanfa sé leis an gcíos nó cuid de 'íoc.
Mara bhfuil airgead agad, caithfe an bhó a dhul sa gcíos = tógfaidhear ort í, in ómós cíosa.
'Tá na teinteáin dhá dtógáil, a's an bhó ag dul sa gcíos; a's pé'r bith cá'il Máirín, sí Nóirín mo mhian' (As sean-amhrán).
Fágfa an cíos de dhruim tighe é as a dheire = ní bheidh sé acmhuinneach ar a' gcíos 'íoc a's cuirfidhear as seilbh é; bánócha sé é fhéin, ag iarraidh an chíosa a íoc.
Fuair siad lascainidhe sa gcíos i mbliadhna.
Meastú 'bhfuil cuímne 'bith ag lucht a' chíosa aon-lascainidhe a thabhairt do na daoine. Is fadó an lá a gheall siad é, ach sin é fhéin 'an deagh-ghealladh a's an droch-choimhlíonadh'.
Chuaidh an t-éadach leapthan sa gcíos, an uair a bhí an báille amuigh go deireannach aice.
Níl mórán cíosannaí eile anois le n-íoc aice — cúig nó sé de cheanna — a's beidh an talamh saor go bráth aice 'na dhiaidh sin.
Tá'n teach suidhte ar cíos aige. 'Chuile sheans nach dtiocfa sé fhéin a' comhnuighe ann chor a' bith.
'Cíos do bhó nó biadh do leinbh' = seo é adeireadh báillí na dtighearnaí. Is leath-fhocal sa gcainnt anois é.
+–
D'fhág an Linnseach an gabhaltas aice gan cíos ná camhlach go bráth, de bharr an amhráin a dhéanamh.
Níl fhios agham cé'n chaoi 'bhfuair siad é, ach tá'n giodán talmhana sin aca(b) gan cíos ná camhlach go deo.
TUILLEADH (5) ▼
Chuala mé nach mbeidh cíos ná comhlach ann níos mó ó chuaidh an dream seo isteach (dream poiliteachta).
Dheamhan cíos ná camhlach a íocfas mise níos mó nó go bhfagha mé rud ar a shon. Tá bóithrí dá ndéanamh in áiteacha is neamh-chóra go mór iad a dhéanamh ná annsin. A's cé'n bhrigh ach má éilighim é, dheamhan comhaireamh ná sop, ná'n 't-éisteacht fhéin a fhaghaim.
Is olc a' ceart é go mbeadh cíos a's camhlach ar bhreaclachaí, a's ar chriathraigh a shaothruigh daoine go cruadh le allus a gcnámh, a's togha na talmhana dhá fhágáil bán. 'Séard a bhí a dhéanamh an cíos a mhaith ar fad dhúinne, a's árdú dhá réir a chur ar na bitheamhnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin aca(b). Badh é an deasú orra(b) é.
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilidhe ag Seán ní áirmhighim cíos a's camhlach a íoc. Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc a' chíosa, má's beag mór a' cíos atá air.
Dheamhan cíos na camhlach a bheidheas ar a' gcéad líne eile 'íoc dhá réir sin. Muide inDomhnach a bhain a' méid sin cirt amach de na tighearnaí, ach 'ní hé an té a shaothruighea(nn)s fhagha(nn)s' adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shógh ag duine eicínt dar ndóigh.
+–
Ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt = mara mbí ag duine ach cainnt, glórtha móra, a's leigean amach, a's gan aon-chur in a cheann sin, ní bhíonn caillteamas a' bith dhá chionn. Ní cainnt a chruthuigheas ach gníomh. Bíonn cainnt gan chaillteamas.
Gheallfad sé an saoghal mór duit, ach ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.
TUILLEADH (10) ▼
Déanfa sé neart cainnte, ach ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.
Nach réidh a thaga(nn)s an chainnt dó, ach dar ndóigh, ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt!
Is maith an scéal duit nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó bheitheá bánuighthe = duine a bhíodh a' síor-chur dhe.
Dheamhan aithne ort nach cíos atá ar a' gcainnt, a's a laghad a's tá le rádh aghad.
'Deagh-ghealladh a's droch-choimhlíonadh' — sin é a bhealach sin. Ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt tá fhios aghad.
Féadfa tú 'bheith síorrádh leat annsin go dtogruighe tú stopadh. Ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.
Dhá mbeadh aon-chíos ar a' gcainnt, deir (dar) liom fhéin, nach mbeadh an oiread clabaireacht' ag cuid de na daoine, a's 'bhío(nn)s aca(b).
Níl aon-chíos ar a' gcainnt chois teallaigh annseo, ach mise imbannuidhe, dá gcastaí ort i dteach an óil é, gur beag a' tsubháilce a bheadh ann.
Is mór is fiú do chuid de na daoine nach mbíonn aon-chíos ar a' gcainnt, nó bheidís bánuighthe = daoine a mbíonn iomarca le rádh aca.
Tá sí sin sáthach spleádhach, agus sáthach spleodrach mar sin, ach mar dubhairt a' ceann eile, ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.
b.
·
An Cíos Catoileacach = 'sé chruinnightí igcóir Ciste Uí Chonaill. Tá sé i gceist fós ag sean-daoine.
+–
Cíos cléire = na deachmaí; an cíos a d'fhaghadh an teampall gallda. ("Tuarastal" nó "dualgas" a tugtaí ar airgead an tsagairt, ar a shon sin).
Bhíodh cíos cléire len íoc fadó idteannta dualgas a' tsagairt.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an uair a cuimlightí sop na ceirte do dhaoine nuair a chaithidís cíos cléire a íoc leis an teampall gallda, i gceann a raibh de ghearraidheachaí eile orra(b).
Ní chuimnigheann aon-duine dhá bhfuil beo anois ar a' gcíos cléire. Is beag le go gcuimneochadh a n-aithreachaí air, tada leis.
'San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara 's an sagart a íoc chomh maith le chéile.
·
Cíos teinteáin = airgead teinteáin; hearth-money.
Bhíodh cíos teinteáin ann fadó.
Cíos in iontrálacha eile (50+)
→
foirgthe
Tá muinntir na tíre seo maith go leor. Tá móin aca, agus nuair nach mbíonn aon-seifte eile aca, bíonn na cupla scillingín "dole" sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orra. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon-ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná "beet". = creachta
→
fánach
Tá sé fánach aige a bheith ag caint anois. Breá nachar thapuigh sé a ghnatha in am? Ach ní bhíonn aon-chíos ar an gcaint 'ar ndú'
→
fóir
"B'fhearr dhuit fóirínt a dhéanamh orm" adeir sí. "Níl airgead an chíos agam". "Ba diachta dhuit dhá mbeadh", arsa mise, "agus é ólta agad. Cé a dhéanfadh fóirínt orm fhéin, dhá mbeadh easbaidh ná uireasa orm?"
Deir tusa go ndéanfá a ghníomh. Diabhal é go mbeirtí aríst thú! Níl maith ar bith do dhuine a bheith mór-fhoclach mara bhfuil an cur leis ann. 'Ar ndú' ní bhíonn aon-chíos ar an gcaint, adeir siad
→
cadhail
'Is maith an bádóir a bhío(nn)s ar a' talamh' adeir siad. B'fhéidir dhá mbeadh sé annsiúd, a's é dhá chaidhleadh le urchair, go mbadh bheag a' mhaith é. Ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.
→
ceal 1
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó bhánócha t'athair! (putach a bhíodh a' síorádh i gcomhnuidhe).
→
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
+
Dheamhan ar íoc sé an leath-chíos deireannach fós, aindeoin go raibh sé gligthe (dlighte) aige é 'íoc lá Bealtaine. (Leath-chíos; "sos"; cess; moiety).
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireochthá leath-chíos chor a' bith, ach nuair a bheidheas an cíos bliadhna 'nar mullach, a's gan aon-tslighe againn faoi na chomhair.
→
bealach
Teirigh isteach idteach a' phosta annsin thoir, a's cuirfe siad an cíos (ch)un bealaigh dhuit.
+
→
buail ar
Bhuail sé cíos air = chuir sé cíos air; d'fháisc sé cíos air (mar chuirfí cíos etc. ar dhuine nach raibh sé air cheana, nó 'raibh sé íoctha amach a's amach aige).
TUILLEADH (9) ▼
Aindeoin go raibh an teach ceannuighthe aige thar barr-amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
Buaileadh cíos ar mhuinntir a' bhaile seo thiar, faoi'n bportach, a's is olc a' ceart é freisin. Dheamhan leithphighinn dó a d'íocfainn dá mbadh mé iad — cead aca(b) iad a chuir as, má thogair siad.
Bhí an téarma le bheith thuas, faoi cheann dá fhichead bliadhain. Tá'n dhá fhichead bliadhain istigh imbliadhna, a's is mian leo(b) cíos a bhualadh orainn aríst ar ais.
Buailfear cíos trom ar na tighthe sin fós, feicfe tú.
Deir siad fhéin go bhfuil siad a' tabhairt cheithre scóir in aisce, do dhuine 'bith a dhéanfas teach, ach buailfe siad orra(b) aríst sa gcíos é, chuirfinn geall.
Nuair a bhí na Lochlannaigh annseo, in Éirinn, bhuail siad cíos a's camhlach ar na h-Éireannaigh, a's duine ar bith, nach n-íocfadh an cíos, bhí an tsrón le baint dhe.
Ní dóichidighe rud dhá ndeanfaidís, ná cíos trom a bhualadh ar na daoine aríst. Ní bheidh siadsan gan a gcuid fhéin, pé'r bí cé'n súisín 'íocfas é.
Bhain siad de'n chíos é, a's bhuail siad ar a' tae, a's ar a' tobac ar ais aríst é. Níl ann i gcomhnuidhe ach láimh na dógha a's láimh na tárrthála.
Ní raibh an oiread gearraidheachaí buailte ar a' tír ariamh cheana ó bhí cíos teinteáin a's deachmhaidh ann, a's tá ann anois.
→
buille
'Séard a thug buille na speirthe do'n dream sin ar fad, nuair a ghealladar fhéin go maithfidís an cíos ar fad. Bhí fhios ag an saoghal nach bhféadfaidís, má ba leo(b) é 'íoc le Sasana.
+
Caitheadh amach é, faoi nár íoc sé an cíos.
TUILLEADH (1) ▼
Caitheadh amach go leor, de lucht na dtighthe nuadh an tseachtmhain seo (gha)bh thart, gan a' cíos a íoc = cuireadh as seilbh iad.
+
Na cupla punt a bhí agam, b'éigean dom iad a chuir amach leis a' gcíos = a chaith.
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir amach aon phighinn de'n deich fichead sin anois, mar teastócha sé l'aghaidh an chíos'.
+
Cé'n chaoi 'ndéanfa mé amach an cíos imbliadhna?
TUILLEADH (1) ▼
Marach chomh maith 'na soláthruidhe, a's tá sí, thiocfadh sé righte léithe an cíos a dheanamh amach.
+
Tá tighthe le leigean amach ar cíos aige.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé leis a' talamh fré chéile a leigean amach ar cíos imbliadhna má fhaghann sé aon-duine len' aghaidh.
Má's talamh atá sé iarraidh, gheobha sé taobh soir anois é, ar árdú orm, mar tá sé 'cínnt orra(b) an cíos íoc air.
+
→
ardchíos
'Níor íoc tú m'árd-chíos liom le seacht mbliadhna', adeir a' rí leis a' bhfathach.
TUILLEADH (9) ▼
Tá an Ríoghacht seo faoi árd-chíos aca(b).
Tá mé faoi árd-chíos le seacht mbliadhna ag Ridire an Gháire Dhuibh.
'Mara n-íoca tú m'árd-chíos liom atá amuigh a(gh)am le seacht mbliadhna, bainfe mé do cheann a's do choiméad beatha dhíot' adubhairt sé.
'Íoc amach m'árd-chíos liom go beo' adubhairt a' gaiscidheach 'nó bainfe mé an ceann anuas ó'n dúid díot'.
Tá'n tír seo faoi árd-chíos sáthach fada ag Sasana. Míle buidheachas le dia go dtáinig sé sa saoghal go bhféadfa-muid a choinneál uaithe.
Cé'n t-árd-chíos atá aige orm, le go dtiubhrainnse aon-tsásamh dhó = níl mise faoi na smacht ná ina thuilleamuidhe ar bhealach a' bith go gcaithfinn aon-tsásamh a thabhairt dó.
Nach aige atá an t-árd-chíos orainn le gur muid a chaithfe sé ionnsuidhe igcomhnuidhe = nach muid atá in a thuilleamuidhe nó faoi bhois a' chait aige, le go gcaithfe sé tabhairt fúinn igcomhnuidhe.
Cé'n t-árd-chíos atá aice ormsa, go mbeadh orm a dhul abhaile léithe, ach an oiread le bean a' bith sa teach.
Níl aon-árd-chíos aice ormsa, ach an oiread le duine 'bith eile = tá mise chomh neamh-thuilleamach uirre le 'chuile dhuine eile.
Níl sé chomh tugtha anuas sin sa saoghal, a's nach bhfuil sé indon freastal do'n chíos = níl sé chomh bochtuighthe sin, a's nach bhféadfadh sé an cíos 'íoc.
Níor íoc siad aon-chíos le fada, ach tá ráidhte, go bhfuil an dlighe le theacht anuas orra(b) anois.
→
fiacha
Má tá cíos len íoc agaibh b'fhearr a íoc as láimh, th'éis a ghéireacht agus a theastuíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cáirde adeir siad agus ní mhaitear na fiacha
→
fuaim
Cho luath agus adúirt an sean-fhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtiúrfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. "B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa", arsa mise, ar an bpuinnte. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
→
faillí
Dar brí an leabhair muise, níl aice an cíos a leigean i bhfaillí (gan a íoc). Má leigeann, is gearr go mbeidh an siriam uirre
→
fuiligh
Tá sé le cur as seilbh. Níor íoc sé aon-chíos, ó a baineadh an "dole" dhe. Shílfeá nach gcuirfeadh an "dole" céanna síos ná suas é, ach is furasta fuiliú ar cheann carrach