Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cíos
ainmfhocal, firinscneach
ginideach aonta: cíosa
uimhir iolra: cíosannaí
a.
airgead a íoctar in ómós talúna, tí srl.
+
Níor íoc sé aon phínn cíosa le dhá bhliain.
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
TUILLEADH (16) ▼
'Sé a bhíodh ag tógáil an chíosa anseo fadó.
Is gearr go mbí cíos ag teacht trasna orainne — dlite le n-íoc.
Beidh cíos ag glaoch anois an mhí seo chugainn — beidh cíos le n-íoc.
Bheadh ciall cíos ach gearraíochaí.
Tá sé phunt air. Idir chíos agus airgead acraí.
Beidh an lá cairde thuas anois go gairid, agus mura mbí an cíos íoctha roimhe sin, deirimse leat, gur gearr go mbeidh tréas dhá chur orainn faoi.
Caithfidh an punt sin a dhul sa gcíos — fónfaidh sé leis an gcíos nó cuid de a íoc.
Mura bhfuil airgead agat, caithfidh an bhó a dhul sa gcíos —tógfar ort í, in ómós cíosa.
"Tá na tinteáin dhá dtógáil agus an bhó ag dul sa gcíos; agus pé ar bith cá'il Máirín, 'sí Nóirín mo mhian" (as seanamhrán)
Fágfaidh an cíos de dhroim tí é as a dheireadh — ní bheidh sé acmhainneach ar an gcíos a íoc agus cuirfear as seilbh é; bánóidh sé é fhéin ag iarraidh an chíosa a íoc.
Fuair siad lascainí sa gcíos i mbliana.
Meas tú an bhfuil cuimhne ar bith ag lucht an chíosa aon lascainí a thabhairt do na daoine. Is fadó an lá a gheall siad é, ach sin é fhéin an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh
Chuaigh an t-éadach leabthan sa gcíos, nuair a bhí an báille amuigh go deireanach aici.
Níl mórán cíosannaí eile anois le n-íoc aici — cúig nó sé de cheanna — agus beidh an talamh saor go brách aici ina dhiaidh sin.
Tá an teach suite ar cíos aige. Chuile sheans nach dtiocfaidh sé fhéin ag cónaí ann chor ar bith.
Cíos do bhó nó bia do linbh — seo é adeireadh báillí na dtiarnaí. Is leathfhocal sa gcaint anois é.
+
D'fhág an Linnseach an gabháltas aici gan cíos ná cabhlach go brách, de bharr an amhráin a dhéanamh.
Níl a fhios agam cén chaoi a bhfuair siad é, ach tá an geadán talúna sin acub gan cíos ná cabhlach go deo.
TUILLEADH (5) ▼
Chuala mé nach mbeidh cíos ná cabhlach ann níos mó ó chuaigh an dream seo isteach (dream polaiteachta)
Dheamhan cíos ná cabhlach a íocfas mise níos mó nó go bhfaighe mé rud ar a shon. Tá bóithrí dá ndéanamh in áiteacha is neamhchóra go mór iad a dhéanamh ná ansin. Agus cén bhrí ach má éilím é, dheamhan comhaireamh ná sop, ná an t-éisteacht fhéin a fhaighim.
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilí ag Seán ní áirím cíos agus cabhlach a íoc. 'Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc an chíosa, más beag mór an cíos atá air.
Dheamhan cíos ná cabhlach a bheas ar an gcéad líne eile a íoc dhá réir sin. Muide i nDomhnach a bhain an méid sin cirt amach de na tiarnaí, ach ní hé an té a shaothraíonns a fhaigheanns. adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shó ag duine eicínt dar ndóigh.
+
Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint — mura mbí ag duine ach caint, glórtha móra, agus ligean amach, agus gan aon chur ina cheann sin, ní bhíonn caillteamas ar bith dhá chionn. Ní caint a chruthaíos ach gníomh. Bíonn caint gan chaillteamas.
Gheallfadh sé an saol mór duit, ach ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
TUILLEADH (10) ▼
Déanfaidh sé neart cainte, ach ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
Nach réidh a thaganns an chaint dó, ach dar ndóigh, ní bhíonn aon chíos ar an gcaint!
Is maith an scéal duit nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó bheifeá bánaithe — duine a bhíodh ag síorchur dhe.
Dheamhan aithne ort nach cíos atá ar an gcaint agus a laghad agus atá le rá agat.
Dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh — sin é a bhealach sin. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint tá a fhios agat.
Féadfaidh tú a bheith ag síor-rá leat ansin go dtograí tú stopadh. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
Dhá mbeadh aon chíos ar an gcaint, deir (dar) liom fhéin nach mbeadh an oiread clabaireachta ag cuid de na daoine agus a bhíonns acub.
Níl aon chíos ar an gcaint chois teallaigh anseo, ach mise i mbannaí, dá gcastaí ort i dteach an óil é, gur beag an tsuáilce a bheadh ann.
Is mór is fiú do chuid de na daoine nach mbíonn aon chíos ar an gcaint, nó bheidís bánaithe — daoine a mbíonn iomarca le rá acu.
Tá sí sin sách spleách agus sách spleodrach mar sin, ach mar adúirt an ceann eile, ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
b.
·
An Cíos Catoiliceach — 'sé chruinnítí i gcóir Ciste Uí Chonaill. Tá sé i gceist fós ag seandaoine
+
Cíos cléire — na deachmaí; an cíos a d'fhaigheadh an teampall gallda. Tuarastal nó dualgas a tugtaí ar airgead an tsagairt, ar a shon sin
Bhíodh cíos cléire le n-íoc fadó i dteannta dualgas an tsagairt.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an uair a cuimlítí sop na ceirte de dhaoine nuair a chaithidís cíos cléire a íoc leis an teampall gallda, i gceann a raibh de ghearraíochaí eile orthub.
Ní chuimhníonn aon duine dhá bhfuil beo anois ar an gcíos cléire. Is beag le go gcuimhneodh a n-aithreachaí air, tada leis.
San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara agus an sagart a íoc chomh maith le chéile.
·
Cíos tinteáin — airgead tinteáin; hearth-money
Bhíodh cíos tinteáin ann fadó.

cíos in iontrálacha eile (50+)

 
Tá muintir na tíre seo maith go leor. Tá móin acu, agus nuair nach mbíonn aon seifte eile acu, bíonn na cupla scillingín dole sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orthu. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná beet— creachta
 
D'fhága tú an cíos thar am gan íoc
 
Tá sé fánach aige a bheith ag caint anois. Breá nár thapaigh sé a ghnaithe in am? Ach ní bhíonn aon chíos ar an gcaint ar ndóigh
 
fóir
'B'fhearr dhuit fóirithint a dhéanamh orm,' adeir sí. 'Níl airgead an chíos agam.' 'Ba diachta dhuit dhá mbeadh,' arsa mise, 'agus é ólta agat. Cé a dhéanfadh fóirithint orm fhéin, dhá mbeadh easpa ná uireasa orm?'
 
Deir tusa go ndéanfá a ghníomh. Diabhal é go mbeirtí aríst thú! Níl maith ar bith do dhuine a bheith mórfhoclach mura bhfuil an cur leis ann. Ar ndóigh, ní bhíonn aon chíos ar an gcaint adeir siad
 
'Is maith an bádóir a bhíonns ar an talamh,' adeir siad. B'fhéidir dhá mbeadh sé ansiúd, agus é dhá chaidhleadh le urchair, go mba bheag an mhaith é. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
 
ceal 1
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon chíos ar an gcaint, nó bhánófa t'athair! (putach a bhíodh ag síor-rá i gcónaí)
 
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
 
Ní aireofá leathchíos chor ar bith, ach nuair a bheas an cíos bliana 'inár mullach agus gan aon tslí againn faoina chomhair.
 
Téirigh isteach i dteach an phosta ansin thoir, agus cuirfidh siad an cíos (ch)un bealaigh dhuit.
+
Bhuail sé cíos air — chuir sé cíos air; d'fháisc sé cíos air (mar a chuirfí cíos srl. ar dhuine nach raibh sé air cheana nó a raibh sé íoctha amach is amach aige)
TUILLEADH (9) ▼
Ainneoin go raibh an teach ceannaithe aige thar barr amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
Buaileadh cíos ar mhuintir an bhaile seo thiar faoin bportach, agus is olc an ceart é freisin. Dheamhan leithphínn dó a d'íocfainn dá mba mé iad — cead acub iad a chur as má thogair siad.
Bhí an téarma le bheith thuas faoi cheann dá fhichead bliain. Tá an dhá fhichead bliain istigh i mbliana agus is mian leob cíos a bhualadh orainn aríst ar ais.
Buailfear cíos trom ar na tithe sin fós feicfidh tú.
Deir siad fhéin go bhfuil siad ag tabhairt cheithre scóir in aisce do dhuine ar bith a dhéanfas teach, ach buailfidh siad orthub aríst sa gcíos é, chuirfinn geall.
Nuair a bhí na Lochlannaigh anseo, in Éirinn, bhuail siad cíos agus cabhlach ar na hÉireannaigh, agus duine ar bith nach n-íocfadh an cíos, bhí an tsrón le baint dhe.
Ní dóichidí rud dhá ndéanfaidís ná cíos trom a bhualadh ar na daoine aríst. Ní bheidh siadsan gan a gcuid fhéin, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
Bhain siad den chíos é, agus bhuail siad ar an tae agus ar an tobac ar ais aríst é. Níl ann i gcónaí ach láimh na dóighe agus láimh na tarrthála.
Ní raibh an oiread gearraíochaí buailte ar an tír ariamh cheana ó bhí cíos tinteáin agus deachú ann agus atá ann anois.
 
buille
Séard a thug buille na speirthe don dream sin ar fad, nuair a ghealladar fhéin go maithfidís an cíos ar fad. Bhí a fhios ag an saol nach bhféadfaidís má ba leob é a íoc le Sasana.
 
amach
Ní ligthe amach ar chíos atá sé aige, ach díolta amach.
+
Caitheadh amach é faoi nár íoc sé an cíos.
TUILLEADH (1) ▼
Caitheadh amach go leor de lucht na dtithe nua an tseachtain seo ghabh thart, gan an cíos a íoc — cuireadh as seilbh iad.
+
Na cupla punt a bhí agam, b'éigean dom iad a chur amach leis an gcíos — a chaitheamh
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir amach aon phínn den deich fichead sin anois mar teastóidh sé le aghaidh an chíosa.
+
Cén chaoi a ndéanfaidh mé amach an cíos i mbliana?
TUILLEADH (1) ▼
Murach chomh maith ina soláthraí, agus atá sí, thiocfadh sé rite léithe an cíos a dhéanamh amach.
+
Tá tithe le ligean amach ar cíos aige.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé leis an talamh fré chéile a ligean amach ar cíos i mbliana má fhaigheann sé aon duine lena aghaidh.
 
Más talamh atá sé a iarraidh, gheobhaidh sé taobh soir anois é ar ardú orm, mar tá sé ag cinnt orthub an cíos a íoc air
 
Níl sé chomh tugtha anuas sin sa saol agus nach bhfuil sé in ann freastal don chíos — níl sé chomh bochtaithe sin agus nach bhféadfadh sé an cíos a íoc
 
Níor íoc siad aon chíos le fada, ach tá ráite go bhfuil an dlí le theacht anuas orthub anois.
 
fiacha
Má tá cíos le n-íoc agaibh, b'fhearr a íoc as láimh, théis a ghéireacht agus a theastaíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cairde, adeir siad, agus ní mhaitear na fiacha
 
fuaim
Chomh luath agus adúirt an seanfhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtabharfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. 'B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa,' arsa mise ar an bpointe. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
 
fóin
Níl d'fhóint anois sna seanpháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
 
Dar brí an leabhair muise, níl aici an cíos a ligean i bhfaillí (gan a íoc). Má ligeann, is gearr go mbeidh an sirriam uirthi
 
Tá cíos ag teacht anois agus caithfear freastal dó (a íoc)
 
Tá sé le cur as seilbh. Níor íoc sé aon chíos ó baineadh an dole dhe. Shílfeá nach gcuirfeadh an dole céanna síos ná suas é, ach is furasta fuiliú ar cheann carrach
+
daor 1
Tá cíos an-daor orainn
TUILLEADH (1) ▼
Murach go bhfuil cíos an tí an-daor, bheadh leo
 
deifir
Ara níl deifir mhór ar bith mar sin leis an gcíos. Glacfaidh siad é uair ar bith a gheobhas siad é
 
Dhéanfadh sé rud go deimhin! Níl aon chíos ar an gcaint ar ndóigh!
 
Tá an cíos deireanach le seachtain — tá an lá cairde caite le seachtain
 
deis
Chuala mé gur mór a thug sé anuas i ndeis le gairid. Chonaic mise é sin scaitheamh agus ní raibh aon fhear — ba chuma sa mí-ádh cé hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maoirseacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maoirseacht a shamhlú le T. inniu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuile agus ag trá a chaitheas sé an lá
 
deoch 1
Thógfadh sé na garrantaí sin thuas uaidh ar cíos ach nach bhfuil aon deoch iontu (uisce le haghaidh beithígh)
 
dia 1
Is dona faoina bhail ó Dhia é! Shílfeá nach bhfuil aon chíos ar an gcaint muis!
 
dligh
Ní dhlíonn siad pingin ar bith dhomsa anois — diabhal glíochtáil (dlíochtáil). Tá an cíos ar fad íoctha
+
dol 1
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad dola féin fós i mbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céanna an chloch is faide siar ar mo phaidrín. Cuiridís an sirriam agam más breá leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir lena mbuachfaidh duine ar bith ar thalamh sa saol atá ann, 'sé cuid an bheagáin é
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfaidh éileamh ar airgead an tí sa gcéad dol eile cíosa a bheas le n-íoc agat. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleoidh siad siúd ina ngnaithe. Ní fhailleoidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orthu, ní dearmad uathu é ar aon chor